Ní binn béal ina thost; b’fhearr i bhfad linn caint gan stad

Robert Lynd - Preispitéireach ó Bhéal Feirste a scríobh paimfléad smaointeach ag moladh pholasaí neamhfhoréigneach agus easumhlaíocht shíochánta Shinn Féin.

Wed, Jun 12, 2013, 08:31

Fear suimiúil agus scríbhneoir den chéad scoth ab ea Robert Lynd (1879-1949) agus is mór an trua gur beag eolas atá air in Éirinn sa lá atá inniu ann. Preispitéireach ó Bhéal Feirste a bhí ann ach thug sé tacaíocht don náisiúnachas Éireannach agus, nuair a chuir Art Ó Gríofa Sinn Féin ar bun, bhí Lynd ina bhall de.

Scríobh sé paimfléad smaointeach, The Ethics of Sinn Féin, ag moladh pholasaí neamhfhoréigneach agus easumhlaíocht shíochánta na gluaiseachta. Ach ní hé an ghné seo de scríbhneoireacht Lynd atá faoi chaibidil san alt seo ach smaointe a nocht sé in aiste dá chuid, “On holding the tongue”.

Más fíor do na seanfhocail (i dteangacha éagsúla), tá tost i bhfad níos fearr ná caint. “Is binn béal ina thost” a deir an
seanfhocal sa Ghaeilge agus tagann an seanfhocal sa Bhéarla, “Silence is golden”, ón Laidin, “Silentium est aureum”. Tá an seanfhocal céanna san Iodáilis – “Silenzio è d’oro” – sa Spáinnis, sa Fhraincis agus ina lán teangacha eile.

Déanann Lynd tagairt ina aiste do chomhairle a thug Plutarch dúinn. Theastaigh ó Plutarch go gcuimhneoimis ar rud a dúirt Somonides, duine a raibh cáil ar a chuid eipeagram. Dúirt Simonides nach raibh aiféala riamh air gan labhairt ach gur rímhinic a bhí aiféala air gur labhair sé.

D’admhaigh Lynd go raibh na seanfhocail thuas ann agus cinn eile ina dteannta, mar shampla, “Least said is soonest mended”. Mheabhraigh sé dúinn freisin an meas a bhí ar an “strong, silent type” agus an dímheas a bhí ar an “talker”.

Ach, ina ainneoin sin is uilig, bhí sé féin amhrasach faoi na hionsaithe seo go léir ar an urlabhra. Ghlac sé go bhféadfadh an teanga bheith ainrianta agus go bhféadfadh sí géire agus bréaga a chur aisti chomh maith leis an bhfírnne agus an chaoine. Ach, bíodh sin mar atá, ní
fhéadfaí a thaispeáint gurbh fhiú an tost ní ba mhó ná an chaint, dar le Lynd.

Chuir sé pointí in eagar chun a chás ar son na cainte a chruthú. Is é an chéad cheann ná nach dtoghaimid daoine tostacha mar chairde. Má bhuailimid le duine nach labhraíonn ar chor ar bith, ní bheartaímid láithreach cuireadh a
thabhairt chun dinnéir dó. An chuid is mó de na daoine a thaitníonn linn, bíonn siad cainteach – róchainteach, b’fhéidir, a deir Lynd. Agus na cóisirí dinnéir is
taitneamhaí, is iad na cinn a raibh an iomarca comhrá ar siúl lena linn – ní na cinn a raibh tréimhsí fada tosta ann.

An bhfuil purgadóir níos measa d’fhear ciúin, a fhiafraíonn Lynd, ná bheith idir beirt bhan thostacha ag cóisir dinnéir? Ceann de na fadhbanna is mó a bhaineann leis an dtost ná go n-éiríonn daoine an-neirbhíseach dá bharr. Ar ndóigh, ní bhaineann tú taitneamh as ócáid ar bith ina mbíonn tú neirbhíseach.

Ós rud é nár chainteoir solabhartha é féin, dúirt Lynd nach raibh seachrán ar bith air faoi bhuanna an tosta. Cuid de na cuimhní ba luaithe a bhí aige, bhain siad le nóiméid uafásacha ag cóisirí nuair a tugadh i láthair cailín é a raibh glas ar a béal agus nach raibh barúil dá laghad aige cad a déarfadh sé léi.

Bíonn an páiste tostach an-chúramach faoi na rudaí a deir sé agus ceapann sé go mbíonn beagnach gach rud a thagann isteach ina aigne ró-amaideach chun é a rá.

Ach, de réir mar a fhásann sé, foghlaimíonn sé nach bhfuil rud ar bith ann ró-amaideach le rá. Sin é an fáth, dar le Lynd, go mbíonn an chuid is mó de na cóisirí taitneamhach go leor – creideann gach duine go bhfuil rud ar bith níos fearr ná an tost millteach.

Níor dhóigh le Lynd go n-aontódh mórán daoine le Simonides maidir le haiféala faoi na rudaí a dúirt siad in ionad na rudaí nach ndúirt siad. Tógann Lynd an sampla de litreacha a scríobh. Níl aiféala air ach faoi chúpla litir a scríobh sé, a deir sé, ach tá an-aiféala air faoi na mílte a ba chóir dó a scríobh ach nár scríobh.

Nach bhfuil sé mar an gcéanna maidir leis na rudaí go léir gur chóir dúinn a rá le daoine agus nach ndúirt? Ní bhíonn a fhios ag cairde an fhir thostaigh an méid a thaitníonn a gcomhluadar leis toisc go bhfuil cosc éigin ar a theanga é a rá leo.

Maidir leis an aisfhreagra tráthúil, bíonn aiféala i bhfad níos mó ar an duine gur theip air é a thabhairt ag an am ceart, mar gur smaoinigh sé air nuair a bhí sé ródhéanach, ná mar a bhíonn ar an duine a thug é díreach nuair a bhí sé de dhíth.

Dearbhaíonn Lynd go raibh na daoine ba chríonna, ó Solomon agus Socrates i leith, solabhartha. Mar sin, níl an
seanfhocal fíor. Órga atá an chaint.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.