Ná milltear an samhradh fada buí

Luigh siar agus bain sult as deiseanna na laethanta saoire

An tráth seo bliana i dtús mhí Lúnasa bíonn múinteoirí ag dul in éadóchas. Na laethanta fada samhraidh a bhí ag síneadh rompu amach seachtainí breátha ó shin, tá siad anois imithe thar dhroim agus feiceann siad geataí na scoile ag bagairt. Ní mar sin do na tuismitheoirí, áfach.

Seal beag gairid eile agus ní bheidh na gárlaigh, na gearrchaillí, na teallairí, na braimilleoga, na bioránaigh, na patacháiníní, na bligeaird, na giobstairí timpeall a gcos. Is é an crá croí bliantúil ná an samhradh a chur isteach gan an scian a bhaint amach as an dtarraiceán, ná an slabhra a dhaingniú ar an mbothán i mbun an ghairdín (agus iad istigh ann).

Ba dhóigh leat gur tréimhse aoibhnis agus gealadhraim a bheadh sa tSamhradh, pé sa domhan de, murab ionann agus pé in Éirinn é i gcónaí. "Samhradh buí na nóiníní gréine," mar a chan file amháin, "Sumer is icumen in/ Lhude sing cuccu!" mar adúirt té eile. Chuir Séamas Dall Mac Cuarta na focail ba mhilse i mbéal an tSamhraidh ina dhán ar Ceithre Ráithe na Bliana: "Beidh dealramh na gréine gach aon lá ar m'éadan/An lile 's an
samhaircín 's an rós in mo
ghruaidh", agus más áibhéil an méid sin féin, sin é gnó an fhile go minic. Tá dán fada Oran an t-Samhraidh ag an bhfile iomráiteach Albanach Alasdair Mac Mhaighistir Alasdair, agus más tachtaithe le haidiachtaí é, tugann raidhse an tséasúir sin chugainn go solasmhar lán.

An t-aoibhneas céanna atá ar fhilí ár linne féin – "An Samhradh sona is a sheamhar glan-shoirbh" a thug Liam S. Gógan air; cuireann "meisce ghlan anama" ar Liam Ó Muirthile, agus ar chuma go gcuireann an rud is lú ríméad orainn: "Álainn iad líonta an damháin alla i mí Lúnasa" dar le Gunther Grass via Gabriel Rosenstock. Tá Gréagóir Ó Dúill "faoi dhraíocht ag siosarnach breac na
nduilleoga, tógáil cheann na mbláth, cogaint mhilis féir" ina ghairdín féin.

READ MORE

Meabhraíonn Art Ó Maolfabhail dúinn “Samhradh síorbháistí – planda agus páiste ag fiafraí/ cá bhfuil a ngrianrí”.

Ní hiad na hiontais ná na maitheasaí sin is cás le tuismitheoirí, áfach. Is é is cás leo an t-am a chur isteach ionas nach mbeidh an uain ag luí go leadránach ar
Shakoncé, ar Nathan, nó Kayla, nó Donathan, ná ar Jaslynn bhocht.

Chuige sin caitear an samhradh le cúrsaí den uile chineál – cócaireacht, caoladóireacht, bádóireacht, dreapadóireacht, rinceadóireacht, cipidiríleadóireacht,..abair é agus tá a leithéid ann. Ídítear boinn na ngluaisteán leis na taiscí beag a iompar ó rang go rang, ó fhaiche go faiche.

Ní chuige sin Samhradh na hóige in aon chor.

Is chuige Samhradh na hóige chun leisce, chun leadaíochta, agus chun leithéise. Dá mhéid a d’fhoghlaimeofaí i scoil shamhraidh ar bith is seacht mó a d’fhoghlaimeofaí ar chúinne na sráide nó laistiar den choca féir. Is é cúinne na sráide ollscoil na hóige, go háirithe le linn laethanta fada an tSamhraidh.

Is ar chúinne sin na sráide a chéad chuireann duine aithne air féin. Is ann a nochtar rúndiamhracha an tsaoil, is ann a thrialltar a mhiotal.

Is ann, leis, a chuirtear an t-am amú ar chabaireacht, ar gheabstaireacht, ar ghaoth, ar dheisbhéalaí, ar útamáil, ar an rud neamhcheadaithe, ach nach am amú aon phioc de. Is é seo an t-am is luachmhaire i saol an duine óig, mar den chéad uair tá sé nó sí lasmuigh den chóras, córas baile nó córas scoile.

Is é an duine a shocraíonn a chlár ama féin, nach clár ama é. Is é a bhíonn sa lá díomhaointeas idir dhá dhoircheacht, gan de léarscáil aige ach pé áit a thabharfaidh siúl na gcos nó turas bus é. Tír aineoil is ea an ceantar sin tamall uait, agus seans go bhfuil naimhde ann le cloí, nó cairde le déanamh. Muran ann do dhragain níos mó, ní hionann sin is nach dteangmhófaí le bús deataigh luath nó mall.

Sna laethanta fada sin is beag rud is mó foghlaim ná a bheith ag máinneáil timpeall, ag faoilleáil ar bhóithre. Is beag rud is fearr a scaoileann leis an tsamhlaíocht ná a bheith ag áilleagánacht thart go neamhthuairimeach.

Is le linn aiste sin na leisce a thugann smaointe cuairt ort, is i gcaitheamh an ama sin a thuirlingíonn trí chriathar na haigne na tuiscintí a
dhéanann díot an duine is tú.

Teanntaítear an óige laistigh d'fhallaí na scoile formhór na bliana, agus cuirtear oideas ceathairchúinneach uirthi. Seans gur i seomra eile, gléas
leictreonach ilmheáin mar chompánach, a chaitear sciar mór dá bhfuil fágtha den am.

Sin é an fáth a bhfuil laethanta fada buí an tSamhraidh chomh luachmhar sin, laethanta aoibhne cúinne na sráide. Ná milltear iad le cúrsaí, agus a thuilleadh cúrsaí, agus cúrsaí eile ina dhiaidh sin. Cead a cinn ag an leisce i rith an tSamhraidh!