Ná smaoinítear air!

Tá neodracht na hÉireann le moladh agus le cosaint


Ar shála an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh sa bhliain 1985 sheas Ian Paisley ag mórshlógadh aontachtóirí lasmuigh de Halla na Cathrach san dara cathair sa tír seo, agus bhéic os ard mar ba dhual dó “Never! Never! Never!” .

Bíodh gur ródhócha nach bhfuil na mílte a léann an colún seo rógheanúil ar an dochtúir ró-oirmhinneach, rithfeadh sé leat ar a laghad gur pholaiteoir é a bhí diongbháilte ina thuairim.

Agus i ndiaidh an rith leat sin, bhuailfeadh sé sa smig tú gur trua nach bhfuil aos polaitiúil na hÉireann paiseanta agus daingean faoi sheanphrionsabail ar bith. Ó sea, an margadh, b’fhéidir; an tírín beag is fearr ar domhan le gnó a dhéanamh ann; an chéad toghchán eile; Eorpachas uisciúil éigin ach gan dul thar fóir; an cárta leighis sin ar dhein Bean Uí Mhurchú dearmad air; an chéad toghchán eile; an t-ospidéal sin i mbaile an chontae; an chéad toghchán eile…

Gabhann leis an ngaoth mar a shéideann, leis an abhainn mar a ghluaiseann.

READ MORE

Agus ó am go chéile séideann sifín eile isteach ar an ngaoth chéanna, sifín atá ag iarraidh treo sin na gaoithe a mheas. An tseachtain seo caite scaoileadh an tuairim le fán go bhféadfadh go gcuirfí saighdiúirí de chuid an Airm go dtí Mali d’fhonn saighdiúirí de chuid na Fraince a shaoradh ar son troda in aghaidh IS. Inmholta ar an gcéad amharc, déarfá, ach go minic ní leor an chéad amharc.

Ar éigean an tuairim seo seolta amach ar an aer ná gur déanadh slad eile, an t-am seo in Mali féin. Seachtar is fiche a dúnmharaíodh go gránna an turas seo, ach níorbh iad IS a rinne an sléacht, ach Al-Qaeda. Seo í an áit ball díreach go stopann daoine de bheith ag léamh le gnúsachtach mhór amháin – ‘Ach tá siad go léir mar a chéile!’

Is é oighear diachrach an scéil ná nach bhfuil siad go léir mar a chéile, ná ar aon tuiscint, ná ar aon aidhm, fág gurb ionann toradh a sceimhle nuair a mharaítear na céadta. Ná níor den aon bhuíon iad agus na Tuareig a ghabh Timbuktu cúpla bliain ó shin. Ná an grúpa míleata Ansar Dine ach oiread, atá ar leithrigh ón nGluaiseacht Ioslamach ar son Azawad.

Mearbhall go brách ort? Muran leor sin, rialtas míleata atá i gceannas ar Mhali, maraon leis an ngnáth-threalamh leatroim a leanann deachtóireacht ionas nach bhféadfadh gur ag iarraidh an daonlathais a chothú a bheimis. Cad a bheadh ar siúl againn ann? Tá sé agat! Is ea, ag glacadh páirt na Fraince. Agus an samhlú níos leithne á leanúint gur ionadaithe de chuid na Fraince sinn á chraobhscaoileadh.

Ar éigean go raibh páirt ghlórmhar ag an bhFrainc i stair na hAfraice. Tá stair ghlórmhar ag Óglaigh na hÉireann, áfach, ag obair leis na Náisiúin Aontaithe, ag cothú is ag coinneáil na síochána ar fud an domhain.

Tá sé ar cheann de na heachtraí dár gcuid is mó is féidir a bheith mórálach as.

Tá meas orainn mar cheann den bheagán tíortha Eorpacha nach bhfuil bagáiste gránna impireachta againn. Tugtar urraim dúinn mar dhream a bhain ár gcuid saoirse féin amach seachas dul ar ár dhá nglúin le mias na hachainí agus na déirce ón Rí.

“Tír de chuid an chéad domhain ach a bhfuil cuimhne an tríú domhain aici,” is ea sinn, adúirt Mary McAleese tráth. Nó sin ba mhaith leat.

Ach cad ina thaobh go ngabhann fuardhinglis eaglach siar trí chnámh mo dhroma nuair a chloisim caint ar thrúpaí a chur go Mali?

Nach dóichí dóigh ná andóigh go bhfuil aos polaitiúil ann gur bhreá leo gach rud uasal a bhaineann lenár bhfórsaí cosanta agus a bhfuil de chlú tuillte acu ar fud an domhain, gur bhreá leo sin a chaitheamh i dtraipisí, agus sa charn caca, agus go hAcheron síos?

Tá, gan amhras, dornán beag saighdiúírí cheana féin againn i Mali, glac bheag díobh ar mhisean oiliúna leis an mBanríocht Aontaithe, ar tháinig le Shatter agus le Gilmore a shleamhnú tríd dhá bhliain ó sin. Tá an chuma air gur céim eile níos dáiríre i dtreo dheireadh ár neodrachta stairiúla é seo.

Is é nach maítear go soiléir riamh gur láidre sinn ar an stáitse idirnáisiúnta gan a bheith in aon leaba dhearg leis na himpireachtaí.

Seasamh uaigneach uasal é gan a bheith páirteach in aon chomhghuaillíocht mhíleata.

Ní meatacht ná beannaitheacht ná lámhghlanadh é, ach a mhalairt ghlan.

Ráiteas é go mbaineann an daonnacht linn go léir fad a ritheann, agus ní le buíon bheag shaibhir de thíortha faoi phribhléid amháin.

An bhfuil Paisley ar bith dár gcuid féin againn a ligfidh glam a chloisfear ó Cheann Málainne go Carn Uí Néid.

Ná déantar tincléireacht lenár neodracht thraidisiúnta! Anois nó choíche! Go brách! Go deo déanach!