Maireann an dóchas go fóill
Nuair a toghadh Barack Obama den chéad uair ba é an nuachtán aorach The Onion is túisce a chuir corc sa histéire leis an gceannlíne iontach: “Black Man Given Nation’s Worst Job”.
Ar an lá a insealbhaíodh Obama sheasas féin san fhuacht i Washington le beagnach dhá mhilliún duine eile agus d’fhéachas soir le hiontas ar an Capitol a thóg sclábhaithe.
Ach má bhí deora á sileadh le háthas timpeall orm, bhí óráid insealbhaithe Obama saor den chuid is mó ón reitric thaibhsiúil a dhein réalta pholaitiúil de an chéad lá.
Óráid fhileata ach sollúnta a bhí ann agus ba léir gur thuig an chéad uachtarán dubh ar Mheiriceá an fhírinne sa ghreann i gceannnlíne The Onion.
“The time has come to set aside childish things,” a dúirt Obama an lá sin, ag baint macalla as ráiteas de chuid Naomh Pól agus ag meabhrú dúinn téama an athmhuintiris a chuir gaoth i seolta a fheachtais.
Faraor, má bhí an t-uachtarán nuathofa ag súil go n-éisteodh poblachtánaigh lena achainí bhí breall air.
Níos déanaí an lá sin i Washington shuigh cuid de na poblachtánaigh is cumhachtaí agus is páistiúla sa tír chun boird i mbialann an Caucus Room le plean a cheapadh chun an t-uachtarán úr a chur dá dhóchas.
Chuirfeadh an páirtí a chuir an geilleagar go tóin poill i gcoinne gach iarrachta a dhéanfadh sé teacht aníos ón ngrinneall. D’éirigh cuid mhaith leo.
Dé Máirt seo caite nuair a toghadh Obama den dara huair ba ag cumadóirí ceannlínte The Onion arís a bhí an léamh is gléine ar bhua stairiúil eile. “Defeated man victorious” a d’fhógair an bréagnuachtán.
Tagairt a bhí sa mhéid sin do dhíbirt an dóchais le linn chéad téarma Obama agus na botúin éagsúla a bhí déanta aige le ceithre bliana anuas.
Ach tagairt ab ea é chomh maith do dhearcadh na ndaoine a dhein scéal ainniseora de scéal an tslánaitheora.
Seo iad na daoine a dhein dearmad ar bhuanna suaithinseacha Obama amhail is gurbh é an chéad pholaiteoir riamh nár dhein beart de réir a reitrice.
Le linn fheachtas na bliana seo bhí mórán gach aon saineolaí den tuairim go raibh na hiarrthóirí gob ar ghob sa rás agus go raibh sé ródheacair a thuar cé acu Obama nó Romney a thabharfadh an lá leo.
Bíodh is gur léirigh na pobalbhreitheanna – agus an ghlúin nua de staitisticeoirí a dhéanann anailís orthu – go raibh Obama mar rogha na coitiantachta cuíosach láidir bhí na saineolaithe ar nós cuma liom.
