Lucht na Gaeilge ag déanamh Hay

Ealaíona chun cinn i bhféile na Mí

Seolfar clár féile litríochta The Hay Festival ag ócáid i gCeanannas Mór, Co na Mí, anocht. Seo é an dara bliain ag an Hay Festival a bheith sa bhaile stairiúil seo agus gealltar clár leathan tarraingteach le scríbhneoirí, foilsitheoirí agus aíonna den scoth idir 3ú-6ú Iúil.

Dúirt lucht na féile go mbeadh cúrsaí litríochta agus foilsitheoireachta na Gaeilge lárnach arís in imeachtaí na bliana seo. I measc na ndaoine a bheas ag freastal, beidh na hiriseoirí Cathal Mac Coille, Harry Magee (ón bparóiste seo) agus Máirín Ní Ghadhra. Déanfaidh siad plé ar ábhar an leabhair nuafhoilsithe Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life), ina ndéantar scagadh ar mhodhanna oibre na meán cumarsáide. Scrúdófar go mion na bealaí a úsáidtear le scéalta maithe a aimsiú agus a sheachadadh.

Stáitseoidh an compántas drámaíochta, Fíbín, geamaireacht a bhaineann úsáid as ceol, scéalaíocht agus ealaín le scéal tragóideach An Ron Dall (atá bunaithe ar scéal ón leabhar Wild Sports of the West) a insint.

Déanfar freastal freisin ar an aos óg. Beidh Lúrapóg Larapóg le feiceáil i bhfoirm seó beo ardáin, é á chur i láthair ag páistí do pháistí. Beidh amhráin agus dánta le cloisteáil ó na leabhair Ící Pící, Ní Thuigimse Daoine Fásta agus Báidín Fheidhlimidh.

READ MORE

Beidh ócáid ómóis i gcuimhne Mhaidhc Dainín Uí Shé. Beidh an t-iriseoir Siún Nic Gearailt ina bean an tí agus déanfaidh sise stiúradh ar an ócáid ina dtabharfar aitheantas do scríbhneoireacht Mhaidhc Dainín agus dá oidhreacht. Seolfaidh a chlann agus a chairde a leabhar nua Hitler Miaow.

Beidh an scríbhneoir agus ceoltóir Tadhg Mac Dhonnagáin i láthair mar aon leis an údar Rónán Mac Con Iomaire a bheas ag labhairt faoina leabhar nua Rocky Ros Muc (Cló Iar-Chonnacht) – scéal an dornálaí Seán Ó Mainnín, fear a throid do Chraobh Meánmheáchain Éadrom an Domhain sna 1980idí.

Eolas: www.hayfestival.com/kells

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.