Lorg na hÉireann ar chúrsaí sa Mheán-Oirthear

Wed, Aug 21, 2013, 01:15

Bíonn an-chuid cainte faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta mar eiseamláir do cheantair eile ar fud an domhain ina bhfuil coimhlint ar siúl idir dhá phobal éagsúla – an Meán-Oirthear san áireamh.

Tá cosúlachtaí áirithe idir an scéal ó thuaidh agus na cúinsí a bhaineann le hIosrael agus na Críocha Palaistíneacha. De ghnáth, déantar comparáid idir na Palaistínigh agus an pobal náisiúnach cé gur tharla an díláithriú i bPlandáil Uladh i bhfad sular cruthaíodh Stát Iosrael i 1948.

Arís eile, bhí combhá éigin idir poblachtánaigh mhíleata in Éirinn agus na trodairí Iosraelacha a bhí ag ionsaí fhórsaí na Breataine sa Phalaistín sna 1940í. Nuair a bhí sé gníomhach mar bhall den “Stern Gang”, d’úsáid Yitzhak Shamir an
leasainm “Michael” in ómós do Michael Collins; níos deireanaí, bhí Shamir ina phríomhaire ar Iosrael ar feadh dhá thréimhse idir 1983 agus 1992. Ina dhírbheathaisnéis, Memoirs of a Revolutionary, deir an poblachtánach conspóideach Seán Mac Stiofáin gur ghlac sé inspioráid as scéal na nGiúdach a chuaigh ar ais go dtí a dtír dhúchais. Bhí an Gael-Mheiriceánach cáiliúil Paul O’Dwyer báúil leis na trodairí Giúdacha ag an am sin freisin.

Ach cé go raibh an choimhlint lenár linn idir an IRA agus fórsaí na Breataine sách géar agus go ndearna an dá thaobh rudaí uafásacha, níl na huafáis ar an scála céanna leis an méid a tharla sa
Mheán-Oirthear le 40 bliain anuas.

Chomh maith leis sin, níl na difríochtaí reiligiúnda agus cultúrtha ó thuaidh in Éirinn ar aon bhealach chomh leathan ná chomh doimhin leis na cinn idir an pobal Giúdach in Iosrael agus na Palaistínigh.

Ach ar nós an Tuaiscirt, tá ceist na bpríosúnach ina cnámh mhór spairne sa scéal. Mar chuid den socrú chun comhráití síochána d’athbhunú, agus faoi bhrú ón Rúnaí Stáit Meiriceánach John Kerry gan dabht, scaoil na hIosraelaigh saor 26 príosúnach Palaistíneach an tseachtain seo caite agus tá 78 eile le ligean saor amach anseo. Ar ndóigh, ciontaíodh an chuid is mó den 26 príosúnach as
saoránaigh Iosraelacha a dhúnmharú.

Tá ceist na bpríosúnach an-leochaileach in Iosrael agus bhí sé thart ar mheán oíche nuair a saoraíodh iad. Bhí fuinneoga na mbusanna a thóg iad go dtí Gaza agus an Bhruach Thiar clúdaithe go maith, ionas nach mbeidís in ann aon chomharthaí buachana a dhéanamh os comhair an phobail ar na sráideanna in Iosrael.

Ar an dtaobh eile den scéal, bhí an pobal Palaistíneach agus a lucht tacaíochta siúd curtha amach go mór nuair a tuairiscíodh go raibh Iosrael ag dul ar aghaidh le plean chun na mílte áras nua cónaithe a thógáil d’áitritheoirí Giúdacha ar an mBruach Thiar agus i Jerusalem Thoir, ceantair nach bhfuil aitheanta ag an dlí
idirnáisiúnta, dar lena lán, mar thalamh Iosraelach. Tá níos mó ná leathmhilliún duine as Iosrael ina gcónaí iontu faoin am seo.

Tá clár ama naoi mí leagtha amach do na comhráití síochána agus an t-iar-ambasadóir Martin Indyk, fear a bhfuil an-taithí aige ar an réigiún, ceaptha ina
phríomh-idirghabhálaí ag na Meiriceánaigh. Bhíomar anseo cheana, mar a dúirt an fear eile. Beidh cuimhne ag go leor
léitheoirí ar Chomhaontú Osló go luath sna 1990í ach ní raibh rath ar an socrú sin, go háirithe nuair a dúnmharaíodh
príomhaire Iosrael Yitzhak Rabin sa bhliain 1995. Mar a dúirt W.B. Yeats: “Peace comes dropping slow.”

Gné eile den scéal ná seo: beidh John Kerry 70 bliain d’aois ar 11ú lá de mhí na Nollag. Tá sé ceithre bliana níos sine ná Hillary Rodham Clinton a shroisfidh 66 bliain ar 26ú Deireadh Fómhair. Tá an-chuid cainte faoi Hillary mar iarrthóir ar an dTeach Bán i 2016, i gcomharbacht ar Barack Obama.

Má dheineann an Páirtí Poblachtach sna Stáit aon iarracht an cheist aoise a ardú, cuirfear i gcuimhne dóibh gur mionnaíodh Ronald Reagan isteach mar uachtarán i mí Eanáir 1981, mí sular shrois sé 70, agus gur lean sé sa phost go dtí 1989 nuair a bhí sé 78 bliain d’aois.

Tá seans áirithe ann go mbeidh Kerry á lua don ainmniúchán Daonlathach chomh maith. Déarfaidh daoine go raibh sé ina iarrthóir cheana, sa bhliain 2004, in aghaidh George W. Bush agus gur theip air an babhta sin – cé nach raibh ach 2.4 faoin gcead idir an bheirt acu ag an deireadh.

Go bhfios dom, níl aon spéis sa Teach Bán léirithe ag Kerry le déanaí ach má éiríonn leis síocháin a thabhairt go hIosrael agus na Críocha Palaistíneacha, is féidir bheith ag súil go mbeidh daoine ag caint faoi mar iarrthóir. Mar sin féin, tá bóthar fada crua le taisteal ar dtús chun aon socrú buan a bhaint amach.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.