Leithscéalta agus leathscéalta

Laoch agus gaiscíoch ba ea Christine Buckley

Nuair a fuair Christine Buckley bás an tseachtain seo caite, b’é an chéad ríog a chuaigh trí shaol poiblí na tíre ná ardmholadh a thabhairt di. Ríog a bhí ann, mar roimhe sin, ba ríog chomh ríogach céanna a ríogadh nuair a nocht sí cuid den phianpháis a d’fhulaing sí mar dhílleachta faoi choimirce chuid de shiúracha na neamhthrócaire.

Agus hé, faire ort! Níl mise ar dhuine de na daoine sin ar dhiallait shlímshíoda na huaire a cheapann gur bhéisteanna agus bhrúideanna ba ea gach bráthair is bean rialta, mar táim admhálach ann go raibh cuid mhór den mhilleán ar phobal na tíre agus ar rialtas na huaire.

Bhí a fhios ag an saol mór go raibh droch-íde á himirt ar leanaí sna scoileanna seo. Bhí a fhios acu, mar ar a bheag, bhí droch-íde á himirt ar bhuachaillí agus ar chailíní i ngnáthscoileanna na tíre toisc nach raibh ceisteanna tromaí an teagaisc Chríostaí ar bharr a ngob acu, nó táblaí méadaithe uimhir a seacht, nó an modh coinníollach aimsir chaite, nó focail amhrán éigin le Tom Moore,nó scéal Phádraig Naofa, nó má dhein tú caint sa chúinne, nó seasamh i líne cham, nó gan an lón a bhreith leat, nó scríobh le baidhreó, nó led lámh chlé, nó gan an ceacht baile a bheith déanta, nó smuga ar do mhuinchille, nó mirlíní a bheith id phóca nó má sháraigh tú ceann ar bith de na nócha éigin naoi n-aitheanta a tháinig aniar sa tír ó aimsir Victoria, an bhanríon bheag.

Go fiú murar lúthchleasaí ardoilte tú, níor ghá oiread san allais a chaitheamh le léim ghairid loighice a thabhairt ón scoil timpeall an chúinne go dtí an scoil i bhfolach faoi na crainn.

READ MORE

Luaití na hainmneacha sin lem chuimhne – Letterfrack, Greenmount, Artane – agus d’fhágtaí ar tinneall iad ar an aer.

Ní foláir nó bhí a amhlachas céanna d’ainmneacha i measc chailíní na tíre. Óir, theastaigh ó na húdaráis go mbeadh an t-eolas sin againn.

Níor theastaigh uathu go mbeadh na sonraí amuigh, ach theastaigh uathu go mbeadh an sceimhle ag snámh ar na bruacha.

Bhí a fhios ag na dochtúirí a scrúdaigh páistí a raibh fuil bhrúite orthu nár bhuail siad iad féin.

Bhí a fhios acu nár thit an oiread sin díobh síos an staighre, mar ní raibh teacht ar dheoch ná ar dhrugaí acu. Bhí a fhios acu nárbh é lá na scíthe lá na ngearb, ach choinnigh siad a gclab faoi ghlas.

Bhí a fhios ag na Gardaí, mar bíonn gach rud ar eolas acu. Bhí a fhios ag na Gardaí mar shac siad isteach sna scoileanna iad, agus rug orthu arís nuair a d’éalaigh siad.

Bhí a fhios ag na Gardaí mar fuair siad na scéalta ón mbeagán a tháinig slán, is ó na litreacha fánacha a phollaigh an chinsireacht, is ó na daoine a theich is a raibh siad á dtabhairt ar ais.

Bhí a fhios ag na hiriseoirí ach ba bhinne béal ina thost. Bhí a fhios ag na hiriseoirí, go háirithe iad siúd a d’fhág teálta cúng an tí tábhairne is an chompántais theolaí, is a chuir de dhua proimpín orthu féin rianán taighde a dhéanamh, rud nach dual.

Bhí a fhios ag na hiriseoirí, ach ba bhoige dul le consensus caoin na huaire, rud is dual ar fad.

Bhí a fhios ag an bpobal mór, mar a bhíonn a fhios ag an bpobal mór ar leibhéal éigin ach beagán machnaimh a dhéanamh faoi rud ar bith. Bhí a fhios ag pobal na Breataine agus na Stát Aontaithe go raibh a gcuid saibhris bunaithe ar sclábhaíocht dhaonna le 300 bliain anuas.

Bhí a fhios ag pobal na Beilge go raibh pé rath a bhí orthu ina sheasamh ar lámha teascaithe na n-oibrithe sa Chongó a raibh siad ag bronnadh sibhialtachta orthu.

Tá a fhios againne gur féidir éadaí saora a cheannach, agus giúirléidí de gach saghas chomh maith céanna, toisc go bhfuil páistí beaga ag creimeadh a gcuid méireanta ó mhaidin go hoíche i monarchana allais i dtíortha nach bhfuil ainm againn orthu.

Laoch agus gaiscíoch ba ea Christine Buckley. Ach ní in aghaidh siúracha na neamhthrócaire amháin a bhí sí.

Is in aghaidh cuma liom na hÉireann a bhí. Ná bactar dealbh ná plaic ná duais ná comóradh, dá fheabhas is mar a bheadh aon cheann díobh sin.

Nárbh fhearr na scannaill ghránna atá dlúite linn faoi láthair a réiteach anois seachas leithscéalta a ghabháil leathchéad bliain anonn – airgead poiblí ag íoc as peacaí príobháideacha, uisce modartha lofa sna píobáin, comhairleoirí na mbilliún euro, búirgéisiú an oideachais, príosúnú na dteifeach isteach, lofacht láithreán an lucht siúil, airgeadú iomlán an dioscúrsa phoiblí...?

Nárbh fhearr sin?