Leathanach ar líne le tiontú ag Club Leabhar Ghaelchultúr

Tá an cumann léitheoireachta ar líne, Club Leabhar Ghaelchultúr, leis an chéad chruinniú s’acu ar talamh a reáchtáil Dé hAoine.

Mar bharr ar an tsonas, craolfar an imeacht beo ar líne trí Facebook Live le deis a thabhairt do léitheoirí Gaeilge ar fud an domhain páirt a ghlacadh ann.

Is é an saothar neamhfhicsin Éagóir (Cois Life) le Seán Ó Cuirreáin a bheidh faoi chaibidil.

Tá cuntas cuimsitheach le fáil sa leabhar ar eachtra uafáis a tharla i Mám Trasna sa bhliain 1882.

READ MORE

Dúnmharú

Dúnmharaíodh cúigear sa cheantar iargúlta sin in iarthar na hÉireann agus bhí triail éagórach ann tar éis na ndúnmharuithe.

Pléifidh na rannpháirtithe Éagóir ar feadh uair an chloig agus beidh deis acu ceisteanna a chur ar an údar Seán Ó Cuirreáin ina dhiaidh sin.

Beidh an t-údar ag craoladh beo ar Facebook Live mar chuid den oíche agus seans ag daoine fud fad na cruinne ceist a chur air.

Tig leis an mhuintir atá in Éirinn freastal ar oifigí Ghaelchultúir, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Dé hAoine, ag 7pm, le páirt a ghlacadh san ócáid.

Tig le léitheoirí cibéarspáis teacht ar an chraoladh bheo ach “ClubLeabhar.com” a chuardach ar Facebook.

Is féidir clárú do Chlub Leabhar Ghaelchultúir ach dul go ‘Clubanna’ ar ClubLeabhar.com agus gliogáil ar an nasc ‘Cliceáil anseo le clárú’.