Leasú an tsamhraidh; laige an phrionsabail

Ba cheart go gcreidfeadh ár bpolaiteoirí i rud éigin

Leasú! Leasú! Leasú! Tá córas polaitiúil na tíre briste agus dá gcuirfí i gceart é bheadh gach uile rud huncaí deoraí, agus go fiú ar muin na muice mara móire. Gealladh leasú polaitiúil dúinn ach níl a leithéid ag teacht de dhroim an chnoic ná ar íor na spéire. Geallúintí móra ach gan aon chur leo.

De cheal aon saghas aicsin ó na codlatáin i nDall Éireann tá gángarach go láidir ag scoileanna samhraidh, agus gnúsachtach go fileata ar na meáin. Ba dhána an mhaise don té adéarfadh nach bhfuil leasú ag teastáil uainn, mar is é an leasú buachaill bán na huaire. Ba gheall le bheith in aghaidh an leasaithe agus a bheith id Phápaire ag Teampall Bhóthar Chnoc an Fhéich Dhuibh Béal Feirste Iain Paisley nó, neachtar acu, chomh huaigneach le préachán ar an trá.

An Stát féin ag boilsciú le páirtithe nua arb é an leasú an t-aon chloch ar a bpaidrínínín acu: New Departure, New Beginning, New National Independent Party, New Vision, New Agenda (nach raibh seo cheana againn?), New Lucinda Party, New McDowell Party, New News, New Newts agus mar sin de. Iad go léir d’aon ghuth ar son leasaithe ach gan fhios cén saghais aoiligh nó bualtraí atá i gceist.

Agus sin í cnó na ceiste agus fabht na faidhbe fíre. N’fheadar aon duine an 10-10-20 nó Agrisludge nó BioSlobbo nó Monophota Potaisiaim nó Scrúdoscudar nó cad é faoi agus os cionn talaimh atá le leathadh.

READ MORE

Is dóigh leis an Rialtas (bhueil, Chairman Mayo, le fírinne) gur cheart an Seanad a mharú. Is dóigh le daoine eile gur cheart capaill a chur isteach ann. Daoine eile péaróid. Daoine eile macallaí. Is beag duine a cheapann gur leasú bunúil é ceist an tSeanaid, ann nó as.

Leasaítear an córas toghchánaíochta! An duine is airde vótaí i ngach dáilcheantar, mar atá san Bhanríocht thoir? B’ionann sin agus móramh ag mionlucht.

Córas na liostaí? B’ionann sin agus giollaí na gcúlseomraí agus na gcogar rúnda a chur chun cinn. Samhlaigh an scrios a bheadh déanta ag caipitlithe orainn dá mbeadh cead a gcinn acu agus gan bheann acu ar ghuth an phobail. Níos lú Teachtaí Mála? B’ionann sin agus níos mó cumhachta a bheith acu.

Níos mó cainte sa Dáil? Is ea, leis! Níos mó ban? Mary Harney na Regressive Ratocrats abhus, Margaret Thatcher a bhfuil níos lú airgid id phóca dá deasca thall. Fir de chuid an Lucht Oibre? Féach orthu as pócaí folmha. Níos mó den lucht gnó? A scrios an tír. A thuilleadh baincéirí? Go n-éirí leat! Níos mó scríbhneoirí úrscéalta? Alan Shatter...

Is é fírinne dhiachrach agus oighear an scéil nach bhfuil aon leasú a dhíth orainn.

(Táim anois ag dul ar laethanta saoire go tír aineoil nach bhfeadair dom scáil féin mé a bheith ann).

Níl de leasú uainn ach go dtoghfaimis daoine níos fearr agus níos prionsabálta ná mar a dhéanaimid. Níl de leasú uainn ach go gcreidfeadh na daoine a thoghaimid, i rud éigin; nó go fiú i rud éigin, is é sin, rud éigin ar bith.

Sa chás is go bhfuil leasú uainn, moladh uaim: duine ar bith a bheadh ag seasamh don Dáil, mar ghiolla pháirtí nó mar neach cineál neamhspleách, bheadh trí éileamh air nó uirthi: mar atá (a) na nithe a bhfuil súil aige/ci iad a dhéanamh agus a bhaint amach; (b) na nithe a mbeadh sí/sé sásta lúbadh go heasconnach agus plé a dhéanamh orthu de réir mar a nochtfadh an scéal; agus (c), na nithe nach ngéillfeadh sé/sí oiread is orlach oiread na fríde mór ná beag seo ná siúd scrimh na hiongan dóibh dá mbeadh a bheatha agus beatha mháithreacha na hÉireann ag brath air. Thugtaí prionsabail ar an gceann deiridh seo uair amháin.

Ceo agus bánghlóthach agus sciodar agus bladar atá in (a) agus (b). Is fuiriste do shleamhnánaí ar bith teacht timpeall orthu.

Go deimhin is iad teanga agus friotal agus bunreacht na polaitíochta iad. Is iad slíbhínteacht shlímínteach na slíomadóirí sliúdarálacha iad. Is iad slibireálaíocht sléibhe na smugasmaoiseacha iad. Murach iad, ní oibreodh gréisc na polaitíochta beag ná mór.

Ach caithfidh urlár (c) a bheith in áit éigin. Caithfidh cloch bhoinn nó bonn cloiche nó bunlíne ná stráice dhearg a bheith thíos faoi bhun an bhladair.

Iarrtar ar gach mac nó iníon theachta mála na bunphrionsabail sin aige/ci a shíniú is a shloinneadh agus móid shollamanta de réir dlí a ghlacadh nach mbrisfear iad; agus sa chás is go mbrisfear go n-éireoidh as an suíochán láithreach. Seans ar bith ort, hé?

Is í easpa na gcloch mbonn seo laige mhór na polaitíochta. “Ask not what your country will do for you, but ask what you will not do to your country,” an bhuncheist.