Leabhar réabhlóideach

Tá sé de chumas i leabhar muid a spreagadh go fóill


Cé gur minic a fhógraítear bás an leabhair, tá nós ag an leabhar preabadh ar ais agus mant a bhaint as tóin an duine.

Muran treise an peann ná an claíomh, ná an ríomhaire ná an buama núicléach, fós féin d’athraigh leabhair cúrsaí an tsaoil.

Bhueil, abair an Bíobla féin, cnuasach de scéalta is d’fhilíocht is de sheanfhocail a cumadh san fhásach gainimhe idir 2,000 agus 3,000 bliain ó shin agus a gcreideann daoine fós ann mar fhocal Dé.

É sin, nó níl ann ach samhlaíocht agus cumadóireacht aoirí caorach agus feidhlithe gabhar sna hoícheanta fada sin nuair nach raibh a gcuid naimhde i neas dóibh.

READ MORE

Ráineodh acmhainn ghrinn ag Dia áfach (agus mura ngéilleann tú go bhfuil, níl aon chreideamh agat) agus gur thoiligh sé gur lucht gabhar agus caorach a sheachadfadh a theachtaireacht ar fud an tsaoil.

Is mó sin leabhar a bhain fáisceadh as roth na staire agus beidh a liosta féin ag cách, liosta a bheidh ábhar níos faide ná na teachtaireachtaí ríomhphoist a chuir cor mór sa saol.

Is cinnte go gcaithfidh go mbeadh Das Kapital Marx ar cheann de na leabhair sin, mura mbeadh ann ach go bhfuil an tír is forásaí agus is éirithí ó thaobh fás eacnamaíochta de faoi riail Chumannach. Ní gan timpist a bhfuil nod i dtreo an teidil sin ar an leabhar a bhfuiltear ag caint air sna bólaí is faiseanta faoi láthair, is é sin, Capital in the Twenty-First Century le Thomas Piketty.

Tá 577 leathanach sa leabhar, móide 78 leathanach eile de nótaí, rud a fhágann nach léifidh mórán é; níor fhág sin riamh daoine a bheith balbh i dtaoibh saothair ar bith – rud is eol do mhic léinn a rinne "staidéar" ar Ulysses cuirim i gcás, nó go deimhin, Cré na Cille.

Ní fhágann sin ach an oiread nach síothlóidh na tuairimí atá ann anuas go dtí an pobal a bhfuil sé dírithe air, is é sin, gach duine a bhfuil cloigeann ar a ghuaillí aige.

Go bunúsach, tá rud an-simplí a chur os ard aige: an té atá thuas óltar deoch air, agus an té atá thíos leagtar cos air. Ná daoine saibhre ag dul i maoin agus i speilp agus i ngustal in aghaidh an lae, agus cách eile a chéile ag dul ar gcúl. In ainneoin an daonlathais, in ainneoin na meán, in ainneoin na cumarsáide gan chrích ó cheann ceann na cruinne is ag caolú chun olagarcachta atáimid, diaidh ar ndiaidh – agus uaireanta ar luas.

Leabhar staire ar an chéad dul amach atá ann ina scrúdaítear gluaiseacht an chaipitil in thart ar 30 éigin tír ón 18ú haois i leith.

Nuair a sháraíonn an brabús ar chaipiteal an ráta fáis eacnaíomaíochta méadaítear ar an éagothromaíocht eacnamaíochta. Tá seo ar siúl ar séirse le glúin anuas ar a laghad ó scaoil Reagan agus Thatcher le pé smacht a bhí ar aos an airgid go dtí sin.

I 1960í agus i 1970í na haoise seo caite bhíodh rátaí cánach chomh hard le 90 faoin gcéad ar phríomhfheidhmeannaigh i gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta ionas nárbh fhiú breis airgid a shluaisteáil chuca.

Nuair a laghdaíodh an ráta sin go 25 faoin gcéad bhí gach spreagadh ag boird na gcomhlachtaí ar dhul thar fóir.

I gcomhlacht eiseamláireach Apple, mar shampla, fuair tiarna amháin 6,200 an oiread airgid sa bhliain 2011 ná an gnáthfhostaí! Is cuma cad deir tú, ach ní fiú na hiolraí sin duine ar bith os cionn duine ar bith eile.

Bhueil, sin é is dóigh liomsa. Ní hé sin is dóigh le formhór an tsaoil, de dhealramh. Tá ag éirí leis na tiarnaí agus na prionsaí agus na feidhmeannaigh na tuarastail ramhra seo a thál toisc go gceapann daoine eile gur fiú sin iad.

Cuir tusa an cheist timpeall, mar atá déanta agamsa, is bainfear geit asat. Déarfar go bhfuiltear ar son cothromaíochta agus an chirt agus scaipeadh na córa ceart go leor, ach an túisce is a mholtar cuid bheag éigin den airgead míchuibheasach nach bhfuil ag teastáil ó dhaonnaí ar bith a mhaolú, cloisfear an liú – “Ó, ach tá sé tuillte acu!”

Más duine den treibh sin tú, ná bí ag gearán an chéad uair eile a thagann siad chugat chun cáin a ghearradh ar an aer, nó ar sholas na gréine. Beidh sé tuillte agat.

Ceann de mhaitheasaí théis Piketty ná an t-áiteamh go bhfuil an eacnamaíocht mar dhisciplín faoi dhraíocht ag an matamaitic beag beann ar an stair nó ar a gaolta sna heolaíochtaí sóisialta.

Má theagascann sé don saol leisciúil go bhfuil dlúthbhaint ag an eacnamaíocht leis an bpolaitíocht agus gur féidir leis an bpolaitíocht an ghadaíocht eacnamaíochta a athrú mairfidh an leabhar níos sia ná gaoth shimplí an fhaisin.