Leabhar nua ar TG4 le seoladh ag Oireachtas na Samhna

Saothar ‘drámatúil’


Seolfar leabhar nua, Súil Eile (Cois Life, €20) leis an iriseoir Seán Tadhg Ó Gairbhí ag Oireachtas na Samhna. Scrúdaíonn leabhar Uí Ghairbhí fás TG4 ón am ar bunaíodh an stáisiún go dtí an lá atá inniu ann. Tugann sé léargas ar an díospóireacht inmheánach a bhí ar siúl ag bunaitheoirí an stáisiúin agus amharcann sé ar a raibh le rá – maith agus olc – ag lucht an Bhéarla agus na Gaeilge féin faoin stáisiún agus a raibh ar siúl acu: "Rianaítear laethanta corraitheacha an fheachtais, bunú Theilifís na Gaeilge in 1996 agus a theacht in inmhe ina dhiaidh sin faoi bhranda úr TG4. Fite fuaite leis an insint ar stair dhrámatúil TG4, tá léirmheas criticiúil ar a bhfuil bainte amach ag an stáisiún Gaeilge ó bunaíodh é agus cur síos ar na deiseanna agus na dúshláin atá roimhe."

Seolfaidh Dara Ó Cinnéide an leabhar Dé Céadaoine, ag 6.30 p.m. san INEC, Óstán Gleneagle, Cill Airne, Co Chiarraí.