Leabhar mór Mhaigh Eo

Cur síos cuimsitheach ar logainmneacha an chontae

3,500 ainm oileán agus bailte fearainn i Maigh Eo, 7,500 leathanach d'fhianaise stairiúil agus de spíonadh teangeolaíoch a chuimsíonn 2.5 million focal agus iad rannta idir deich n-imleabhar. Ní hiontas é go mbeadh tuirse ar an Dochtúir Fiachra Mac Gabhann i ndiaidh dó Logainmneacha Mhaigh Eo a sheoladh an tseachtain seo caite sa chontae céanna. Tá sé ag obair ar an oll-leabhar ó chuir sé faoi i bPartraí i Maigh Eo sa bhliain 2001. Mar sin féin, bhí fuinneamh go fóill i bhfear Dhún Dealgan le cóipeanna dá leabhar nua a shíniú don scaifte a bhí i láthair.

Mhol ceann roinne na Gaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dochtúir Nollaig Ó Muraíle, an t-éacht a bhí déanta ag Mac Gabhann; á rá go raibh Logainmneacha Mhaigh Eo "ar na leabhair Ghaeilge is tábhachtaí dár foilsíodh riamh agus go raibh comaoin as cuimse curtha ag an údar ar phobal léitheoireachta na Gaeilge, agus go háirithe ar mhuintir an chontae seo, Maigh Eo".

Tá tagairtí stairiúla d’aonaid riaracháin Mhaigh Eo sa leabhar agus déantar spíonadh ar ghnéithe teangeolaíocha ainmneacha na n-aonad sin dá réir sin. Bhain Mac Gabhann úsáid as liodán leathan d’fhoinsí, i dteangacha éagsúla, ó ré na luathstaire anuas go dtí teacht na Suirbhéireachta Ordanáis sna 1830í; cuireadh breis agus 300 duine áitiúil faoi agallamh agus cuireadh taifid éagsúla a rinneadh de chainteoirí dúchais Gaeilge Mhaigh Eo le 50 bliain anuas san áireamh. Lena chois sin, scrúdaigh sé na mílte de mhionainmneacha “neamhoifigiúla” a bailíodh i gcuid de phobail Ghaeltachta agus oileánda an chontae.

Níl feidhm leis an cheist feasta i Maigh Eo: “Cá bhfuil mé?”

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times