Leabhar draíochta

An Tolg Draíochta is ainm do leabhar nua páistí Carmel Uí Cheallaigh agus Jimmy Burns. Uí Cheallaigh a scríobh an scéal agus Burns a mhaisigh.

Leabhar álainn lándaite atá ann ina bhfaigheann teaghlach tolg nua. Ach is iomaí rud spéisiúil atá i dtaisce sa tolg agus ní fada go mbíonn cailín óg ag cur ceiste: cé leis an tolg?

Ní hionann an rud a deirtear léi agus an fhírinne ach is mór an spraoi a bhíonn aici, mar sin féin, agus í ag fiosrú an le banphrionsa, laoch spóirt nó eile an tolg.

Beidh aithne ag daoine ar Uí Cheallaigh mar údar aitheanta sa réimse seo nó is í a scríobh na leabhair Spidey agus Leanbh Nua. €9.99 costas an leabhair seo. Eolas: www.elmbooks.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times