Laochra liteartha ar lár

Tá scríbhneoirí móra ar shlí na fírinne – ach maireann a saothar. Léitear iad!

Wed, Sep 4, 2013, 01:10

Deirtear gur ina dtréanna a thagann na tubaistí, agus níl aon amhras ná go bhfuil triúr de scríbhneoirí na hÉireann sciobtha uainn ag an mbás mallaithe le seachtain anuas.

Is deacaire aon trácht a dhéanamh ar Seamus Heaney, mar tá oiread sin le rá faoi, agus ráite cheana. Tá gach aon seans nach mbeadh sé puinn sásta leis an moladh gan chrích atá fachta aige , mar ba dhuine umhal é a thuig go raibh tíolacadh aige, ach nárbh uaidh ar fad é – “when the poetry suddenly arrived” – an nath a bhí aige. Bhí de bhua aige, áfach, gur thuig sé go luath ina shaol gur leis an bpeann a dhéanfadh sé an tóch, agus nár chúb sé roimh an ngairm a tugadh dó. Lean sé an ród a bhí roimhe, agus rinne sin gan chasadh i leataoibh na slí.

Tá íoróin áirithe sa scéal gurbh fhile Éireannach go smior é, ach nárbh fhile Angla-Shacsanach go dtí é ina fhriotal. Is é sin le rá, shloig sé dúchas bunaidh an Bhéarla ar shlí gur dhóigh leat nár shalaigh an Laidin ná an Fhraincis riamh é. Sa leabhar sárluachmhar d’agallaimh Stepping Stones a chuir Denis O’Driscoll le chéile tá sé admhálach sa chomaoin a chuir an SeanBhéarla seo anoir air.

Is ón ithir aníos a fuair sé an stíl seo, ó bhlas na gaoithe, ó na goirt a bhí idir mhíorúilteach agus dhúnmharfach, “voices shapen by the north sea wind”.

Agus is é seo ceann de na tabhartais a d’fhág sé againn: Béarla a bhí níos béarlaithe ná béarla, teanga dhílis éigin a bhí ionraic dá fhearann samhlaíochta. Óir, ní fealsamh é an file, ná machnóir, ná socheolaí, ná neach a chuirfidh an saol ina cheart le scuab dá pheann, ach péas agus garda agus genderme an fhocail ná ligfidh le leisceoir ná le leadránaí.

Pléisiúr in earótachas na teanga féin a bhronn Heaney orainn, agus is ar son an phléisiúir sin a léimid é murab ionann agus scríbhneoirí a chuireann an teanga chun báis.

Tá ráite ag cách gur chara don éigse é, go raibh sé fáilteach le daoine is flaithiúil lena chuid ama féin. B’amhlaidh a bhí, mar d’aithin sé gnó poiblí an fhile mar urlabhraí ar chóir dó a bheith i lár an aonaigh. An cúpla dán a hathluadh le cúig lá anuas is a bhí i mbéal an phobail, ní leor iad le hiomláine an duine a thuiscint. An oidhreacht is mó a d’fhág sé againn ná a chorpas saibhir filíochta.

Léitear iad!

Bhí Maidhc Dainín Ó Sé i mbéal an phobail chomh maith, ach ní ar an gcúis chéanna ar fad. Bhí de mhí-ádh air mar ealaíontóir go raibh spórt agus gealadhram ann, agus sin dhá rud nach ngabhann le chéile dar le saoithe na litríochta. An té atá dáiríre, ní foláir dó bheith gruama, an mana in airde. Ach níor léir do Mhaidhc Dainín go raibh aon difríocht mhór idir an ceol agus an scríbhneoireacht. Ba dhá ghéag iad den aon chrann amháin: sians an duine toisc é a bheith beo, seachas é a bheith marbh.

Bhí an ghile sin ina chuid scríbhneoireachta. Má bhí an dearg-ghráin ag na glúnta Gael ar Peig ar chúrsa na hArdteistiméireachta – cáil nach raibh tuillte aici, gan amhras – níor léir go raibh col ar bith acu le Maidhc Dainín, a raibh A Thig Ná Tit Orm ar an gcúrsa céanna. Cé gur bhain sé le glúin a bhí deoranta ó thaobh aoise dóibh – agus is aois deoranta don óige gach tréimhse chúig mbliana – d’aithin siad an spraoi ann agus an bhligeardaíocht arb iad branar na hóige iad. Níor chuaigh sé in aois riamh ina mheabhair, agus bhreac scéalta don aos óg a bhí smutbhunaithe ar an mbéaloideas, fara úrscéalta eile a raibh troime iontu nach rabhthas ag súil leo. B’iad Lucinda Sly a bhain le crochadh i gCeatharlach san 19ú haois, agus Cara go Brách a d’eachtraigh ar na Magdalen Laundries an péire ba tháscúla díobh sin. Léitear iad!

Ba mhalairt Mhaidhc Dainín é Diarmaid Ó Gráinne sa mhéid is gur shíl sé gurb í an ghruaim agus an t-uafás bunurlár na beatha. Tá go leor fianaise ann a thacódh leis sin, is fíor, faraoir. Ar an gcuma chéanna, áfach, scríobh sé breis agus scór leabhar, cuid acu ar fheabhas, cuid eile mar obair lae. Bhí fuinneamh agus speach ina chuid saothair i gcónaí riamh agus níor leor leis na seanfhóda ach dul amach ar sheiscinn fhairsing na smaointe.

D’fhigh sé a raibh ar eolas aige faoin bhfealsúnacht agus faoin tsíceolaíocht isteach ina chuid saothair féin go conláisteach, cé nár chompordach riamh radharc na beatha uaidh. Ach an oiread agus go leor eile, níor tugadh a cheart dó fós. Léitear é!

Bris do shaol na hÉireann lán an triúir acu; go dté siad slán.

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.