Laoch Seapánach an bhealaigh mhóir

Ceol na mBeatles, Honda Cub agus saoirse na mbealtaí móra


Agus mé i mo pháiste óg bhí gluaisrothar ag m’athair. BSA Bantam 125cc a bhí ann. Ba bhreá liom taisteal leis mar chúlóg agus chuir mé an-suim go deo sa phróiseas a bhain le bíogadh an innill: an gléas breosla a oscailt, an spreagthóir a bhrú agus ansin an dúisire a chiceáil.

Bhí boladh meisciúil ón sceitheadh a raibh cuimhne agam air ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin.

Nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois d’aistrigh m’athair an Bantam ar ghluaisrothar breá nua, Villiers Ambassador 200cc. B’álainn an meaisín é agus chaith mé an-chuid ama ag féachaint ar m’athair á chur i ngiar, fad a ghabh sé an crág isteach.

Inneall débhuilleach a bhí sa ghluaisrothar agus d’úsáid m’athair meascán de pheitreal is d’ola san umar.

READ MORE

Faraor, dá mbeadh an meascán seo róshaibhir bhí an baol ann go salófaí an spréachphlocóid agus nach mbíogfadh an t-inneall.

Faoi lár na 1960í bhí ré na ngluaisrothar Sasanach beagnach thart. Ar fuaid na gcathracha d’fheictí go forleathan na Hondas scarlóideacha mar aon leis na Yamahas gorma fad a ghlac gluaisrothair gháifeacha na Seapáine tús áite sa mhargadh.

Bhí cuma chaite sheanaoiseach ar Ambassador m’athar anois, cé go raibh caoi air fós.

Agus mé 16 bliain d’aois chuir mé dúil mo chroí sa Honda 50 Cub. Bhí fráma scarlóid snasta air agus scéithe coise bánbhuí air a bhí déanta de phaisteach crua, dhá scáthán taoibhe agus clúdach diallaite de chneas an liopaird bréige.

Agus muid sa chúigiú bliain sa mheánscoil ag an am sin, bhí mé féin agus mo chara Breandán ag éirí tinn tuirseach den staidéar agus go háirithe den diansmacht. Bhí ár n-aire anois ar chailíní scoile sna rincí, ar cheol na mBeatles, na Stones agus ar fhrithchultúr an aosa óig. Chosain Honda Cub nua 89 punt ach bhí cinn athláimhe ar fáil níos saoire ar 50 punt.

Ní raibh airgead ar bith agam seachas airgead póca a thug m’athair dom ag an deireadh seachtaine ach bhí obair pháirtaimseartha le fáil sna tithe tábhairne áitiúla mar fhreastalaithe deochlainne. Nuair a phléigh mé an scéal le mo mháthair chuir sí go láidir ina choinne: “Ní féidir leatsa obair sa phub cúig oíche sa tseachtain agus staidéar a dhéanamh. Is é an t-oideachas a bheidh thíos leis . Tá an baol ann fiú go dteipfidh ort san Ardteist.”

Ba bheag taithí a bhí agam ar thiomáint ghluaisrothar. Bhí cara liom a raibh Honda Cub ag a athair. Ba mhinic a thug a athair an gluaisrothar dó chun teachtaireachtaí a dhéanamh dó.

Lá dá raibh sé ag gabháil thar mo theachsa d’iarr mé air seans a thabhairt dom an Cub a thiomáint. Bhí sé sásta é sin a dhéanamh agus ghluais mé suas síos an bóthar ag dul trí na giaranna gan ródhua mar go raibh crág uathoibríoch ar an ngluaisrothar.

Ón lá sin amach ní raibh fúm ná tharam ach mo Chub féin a bheith agam.

Mar bharr ar an ádh nuair a labhair mé le m’athair faoin obair pháirtaimseartha d’éirigh liom a chur ina luí air go bhféadfainn staidéar díreach i ndiaidh scoile agus dul chun na hoibre níos déanaí sa tráthnóna.

Lig sé dom post páirtaimseartha a ghlacadh i dteach tábhairne áitiúil. Thuig mé go raibh an-suim go deo ag m’athair sa gluaisrothar nua Seapánacha agus gurbh shin é an fáth gur ghéill sé do m’aisce.

D’oibrigh mé go dian cúig oíche in aghaidh na seachtaine agus, laistigh de dhá mhí, bhí an éarlais coigilte agam. Bhí muc ar gach mala ag mo mháthair bhocht agus mé ag imeacht isteach go Mountjoy Motors chun an gluaisrothar a bhailiú agus clogad m’athar i mo ghlac agam.

Thaispeáin fear an tsiopa an Honda Cub dom. Stán mé air faoi dhraíocht sular chuir mé orm clogad m’athar agus bhíog mé an t-inneall. Bhrostaigh mé an scóig agus chuir fear an tsiopa grainc air féin. Bhí boladh an pheitril agus an an sceite go meisciúil.

Ag úsáid sáil mo bhróige Beatle, chuir mé an Honda sa chéad ghiar agus ghluais liom go guagach i gceo na Nollag fad a d’fhéach fear an tsiopa orm faoi imní. Shroich mé baile le dua tar éis teacht slán as trácht an tráthnóna agus ba ghearr gur fhoghlaim mé na scileanna marcaíochta.

Seachtain ina dhiaidh sin cheannaigh mo chara scoile, Breandán, a Honda 50 nua féin agus, ón lá sin amach, tháinig athrú as cuimse ar ár saol.

Bhí an ceart ag mo mháthair: fuair an scoil agus an staidéar an chuid ba mheasa dár n-aire agus ba dhóbair dúinn beirt teipeadh orainn san Ardteist ach, ina ainneoin sin, bhlaiseamar saoirse ar leith nár bhlais comhbhádóirí ár ranga.

Bhí saol na bhfuíoll againn ag éalú ón scoil ar ár ngluaisrothar ag tiomáint ar na bóithre sléibhte le cailíní áille mar chúlóg againn beirt agus ag imirt ár mbáire baoise sular tháinig ciall le haois.

Ba bheag teorainn a bhí lenár saol óg ó bhi na Cubs fúinn; bhí an saol mór dár nglaoch agus ghéilleamar dó amach is amach agus muid de dhroim ár Honda Cubs. Leathchéad bliain ina dhiaidh níl dada dá aiféala orm.