Laoch ciúin na craoltóireachta

D’fhág Proinsias Ó Conluain a rian ar chultúr na hÉireann

Níor casadh riamh orm é, ní dóigh liom go raibh mé riamh in aon seomra leis, ná ní cuimhin liom go raibh comhrá agam le duine ar bith ina thaobh, ach fós féin bhraitheas go raibh sáraithne agam air.

Bhí sáraithne agam ar Phroinsias Ó Conluain ó chéadthosnaigh mé ag éisteacht leis an raidió cúpla céad bliain ó shin nuair nach raibh mé ach dornán Meitheamh d’aois agus gur shnámh a ghuth séimh sibhialta chugam ón gcúinne.

B’ait liom an tuin Ultach san am, óir ní raibh taithí ag cineálacha éagsúla na teanga éisteacht lena chéile gan cothrom chuige.

Ach deacracht ar bith ní raibh agam é a thuiscint ná a thuigbheáil mar is dual don dea-chainteoir, cuma cad as dó.

READ MORE

Bhí sé ar dhuine de laochra úd Raidió Éireann a mhínigh an tír di féin. Is deacair creidiúint cheart a thabhairt don Aonad Seachtrach Craolacháin a raibh sé féin Seán Mac Réamoinn agus Séamas Ennis go mór ina lúib a bhailigh, a chaomhnaigh agus a chraobhscaoil oiread sin de bheatha na ngnáthdhaoine i 40idí agus i 50idí na haoise seo caite.

Níl mise ar dhuine de bhanna úd an duaircis a bhascann RTÉ ar son a neamhairde sna healaíona, bíodh go bhféadfaí a fheabhsú go fairsing i gcónaí. Ach níl le déanamh ach a ngnó a chur suas is anuas le ceol stuimine go post soir siar rinn go sáil na n-iomad stáisiún eile, nó glór Sheoirse an Chrúca ag tolladh do chluaise go neamhbhinn leis an neamhghaois neamheolach láthair na huaire is déanaí.

Cé gurbh é glór Phroinsiais is túisce a theangmhaigh liom is gairid ina dhiaidh sin gur chuireas aithne air ina chuid scríbhinní. B’é a chuir eagar ar Rotha Mór an tSaoil Mhicí Mhic Gabhann, agus murach é, ní smaoineofaí lá bán ná oíche air.

Leabhar é a bhí éagsúil leis an ngnáthdhírbheathaisnéis a raibh cleachtadh againn air – an óige shona, an chéad lá ar scoil, an chéad bhríste, an chéad phráta, an chéad phóg, an chéad deoch, an chéad mharú róin, an chéad turas ar an mbaile mór, an chéad tórramh, an chéad scéal fada fiannaíochta.

Léirigh Rotha Mór an saoltaithí eile sin a ba mhinice fós ag imircigh as Éirinn, go háirithe sna Stáit Aontaithe – an dóchas, an cruatan, an baol, na tithe striapachais, na grúiseacháin, na glagairí, na geolbhacháin arbh éigean do dhuine broic leo ar a shiúlta tríd an saol.

Ní taobh leis an seansaol seo a bhí sé mar scríobh sé dhá leabhar ar chúrsaí
scannánaíochta i bhfad sular smaoiníodh ar ábhar staidéir a dhéanamh díobh. Deir aicme amháin den lucht fisice nach bhfuil san am ach samhlú, ach ba dhóigh leat ar Phroinsias gur mhór aige an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an aimsir fháistineach in éineacht, bíodh is go raibh sé de chiall aige gan leabhar gramadaí ar bith a scríobh.

Bhunaigh sé agus bhí ina eagarthóir ar an irisleabhar Dúiche Néill a thug misneach do Chontae Thír Eoghain nuair ba mhó a bhí siad ina ghá, seachas anois.

Níl ann amhras, áfach, ach gurb í an bheathaisnéis a bhreac sé ar Phádraig Ó Duinnín i dteannta le Donncha Ó Céileachair an saothar scríofa is tábhachtaí a dhein.

Fág i leataoibh gur deacair domsa a shamhlú conas is féidir le beirt leabhar mar seo a scríobh, is oilte agus is slachtmhar mar a snaidhmeadh Gaeilge Chorcaí agus Gaeilge Thír Eoghain le cheile, go minic san aon abairt amháin.

Ceann de sheoidleabhair na hÉireann é An Duinníneach. I gceann ar bith de na liostaí mórluachacha sin a chuirtear le chéile anois is arís de phríomhshaothair na tíre, ba cheart go mbeadh ann gan agó, gan agús.

É seo, ní hamháin ar thábhacht an ábhair, ach ar an nochtadh a thugtar ann dúinn as oscailt aigne, ar leathnú meoin, ar chraobhú tuisceana, ar phearsantacht shainiúil, ar obair scoláireachta, ar fhoclóireacht le samhlaíocht. Is ann atá an Duinníneach corr, an
Duinníneach léannta, an Duinníneach sprionlaithe, an fear carthanúil, an sagart neamhnaofa, an t-úrscéalaí, an file, an t-achrannaí, an Ciarraíoch mallaithe, an t-oibrí dochreidte, an fear focal draíochta agus grinn.

B’fhéidir gur dual do dhuine as an mBinn Bhorb a leithéid de shaol is de ré a bheith aige. Is ar an mBinn Bhorb ar lic a dhorais féin a troideadh ceann den bheagán cathanna páirce inar bhuaigh Arm na hÉireann ar arm Shasana agus na nAlbanach nGallda i linn sin na 17ú haoise.

Ní foláir nó bhí an béaloideas a bhain leis sin neadaithe ina chroí, béaloideas a thug misneach dó beagán éigin den mhórtas daonna a thabhairt ar ais do na glúine a raibh sé ceilte orthu. Soraidh slán dó.