Laistigh den gheata

Ar chóir comóradh a dhéanamh ar chóisir chró agus ar fhéasta fola?


Dealraíonn go bhfuil na Barbaraigh laistigh den gheata. Ghabh ISIS cathair stairiúil Palmaíre an tseachtain cheana agus is róbhaol go ndéanfaidh siad fothraigh bheaga de na fothraigh mhóra atá ann cheana féin.

Iarsma na Rómhánach ina gcolúin mhaorga ar nós Ozymandias na hÉigipte is mó atá i gceist, agus tá sceimhle ar an domhan – mar adeir siad, “sibhialta” – go leagfar iad.

Níl an chuma ar an domhan céanna go bhfuil chomh cráite mar gheall ar na saighdiúirí Curdacha mná a bhfuil níos mó déanta acu i gcoinne ruathar buile ISIS ná teicneolaíocht aeir uile Bheairic Uí Bhuama. Gan amhras, is furasta Curdaigh mná eile a ghiniúint suas is anuas le colúin mhaorga Rómhánacha.

Tá cathair Phalmaíre ar cheann d’ionaid oidhreachta domhain UNESCO ar nós Aillte an Mhothair nó Brú na Bóinne. Níor caitheadh allas dhuine ar bith le haillteacha an Chláir, agus na sclábhaithe a thóg Brú na Bóinne, b’fhada a dtaithí ar a dtráilleacht mar atá fós.

READ MORE

Ach tógadh cathair Phalmaíre de thoradh concais agus colainneacha ar chroiseanna chomh gránna le samhlaíocht iontach mhac an duine. Is í an cheist, ar cheart dúinn ár mbundún a chur amach agus ár gcroí a scóladh ag sá soic i ngnó maidir le cosaint a dhéanamh ar oidhreacht bharbaracht an ainmhí dhaonna?

Séideadh gallán Nelson san aer i gceartlár shráid Shacbhil toisc gur shíl daoine nár chóir gluacán gallda mar é a bheith ag féachaint anuas orainn; cuireadh go leor dealbha de Lenin i gcarnáin bhruscair nó déanadh smidiríní díobh nuair a malartaíodh deachtóireacht Stalin ar dheachtóireacht an Bhainc Dhomhanda in oirthear na hEorpa.

Ba bheag ab fhiú iad siúd suas is anuas le barbaracht na Róimhe a samhlaítear sibhialtacht leo de ghnáth.

Chas mo chuimhne go raibh mé ar an mbuín daoine a d’fhoghlaim Laidin ar scoil le súil is go ndingfeadh sí béasa siar bhráid bhligeard na mbuachaillí sráide. B’fhéidir gur dhein, mar chuaigh cuid acu sa bhanc, agus d’imir roinnt eile galf.

Ba cheacht gramadaí don chuid eile againn í, áfach. B’ait liom ón gcéad cheacht riamh go bhféadfainn labhairt le bord nuair a d’fhoghlaimíos an tuiseal gairmeach den fhocal “mensa”; agus b’ionadh liom nár labhair an bord ar ais nuair a bhuaileas bleid air.

B’í cúis ab fhearr a thug an múinteoir dúinn an Laidin a fhoghlaim go dtiocfadh sé áiseach dúinn sa chás is go mbeimis ar seachrán san Iúgsláiv ag lorg sagairt a thaispeánfadh an tslí nuair a mhíneoimis ár scéal i nglanLaidin líofa. Caithfidh mé a rá gurbh ait liom riamh í mar chúis le teanga a fhoghlaim.

Níor dúradh linn go raibh na Rómhánaigh ar dhream chomh barbartha is a leag cos ar bolg riamh nuair a chromamar ar stair na himpireachta a fhoghlaim. Is fíor go rabhthas cúthaileach go maith sna leabhair scoile timpeall ar nithe áirithe.

Léamar gur chuir Marc Antaine an-chuid ama “amú” le Cleopatra nuair ba chóra dó a bheith i mbun a chuid cúraimí sa bhaile, ach níor leomhaigh éinne againn ceist níos mine ná sin a chur.

Cuid thábhachtach den stair sin ba ea cogaí na Cartaige, agus thóg Hannibal ár gcroí ag trasnú na nAlp lena chuid eilifintí. D’fhoghlaimíomar gur scriosadh an Chartaig sa bhliain 146 b.c., ach fágadh ar lár gur déanadh ár agus léirscrios ar phobal na cathrach – tuairim is 700,000 díobh – gur cuireadh cuid acu trí thine ionas go bhfeidhmeodh mar lóchrainn, agus nár fágadh cloch ar muin cloiche mar a tharlódh in Iarúsailéim níos déanaí.

Agus sea, fiafraigh díot féin cén fáth a bhfuil Rúmáinis á labhairt inniu sa Rúmáin seachas Dáiciainis, agus cad is brí leis na híomhánna sin ar fad ar cholún Trajan, agus an mó duine a d’fhéadfaí a chur chun báis sa Cholasaem in aon lá amháin?

Ní raibh oiread sin le foghlaim ag na Naitsithe uathu, ach ar a laghad bhí sé de náire orthu siúd iarracht a dhéanamh a gcuid barbarachta a cheilt ar an saol seachas dealbha agus foirgintí a thógáil á móramh.

Is í an cheist a chuifeadh stuaim ort, ar chóir comóradh a dhéanamh ar chóisir chró agus ar fhéasta fola? Ní féidir liomsa siúl tríd an Róimh inniu gan na gártha goil agus na milliúin olagón a bheith ag sonadh im chluasa. Ná cuntais Julius Caesar ar a chuid feachtas sa Ghaill a léamh sa leaba gan fonn chur amach a theacht orm.

Is beag nach dtagann tuiscint chugam don ghníomh atá ISIS ag bagairt – ach amháin go bhfeicim arís an ghrian ag glinniúint ar sceana agus an spéir ag ramhrú le fuil.