La mano di Dio agus an Pápa

Faoi fhear na leathscamhóige atá sé anáil úr Dé a scaoileadh isteach san Eaglais

Is maith is cuimhin le go leor daoine an dá chúl a scóráil Maradona in aghaidh Shasana i gCorn an Domhain i Meicsiceo 22ú, Meitheamh 1986. Áirítear an dara scór ar an gcúl is gleoite a scóráladh riamh i stair an chomórtais. Ach is é an chéad cheann is mó a tharraing aird, scór nach mbeadh as áit i bPáirc an Chrócaigh ach cúl ba chóir a chealú de réir rialacha an tsacair. Nuair a ceistíodh Maradona faoi ní raibh d'fhreagra aige ach lámh Dé, la mano di Dio .

Nuair a ceapadh Jorge Mario Bergoglio ina phápa Dé Céadaoin seo caite, dúirt iriseoir Airgintíneach amháin go raibh la mano di Dio tar éis tacú leis an Airgintín uair amháin eile.

Tá smidiríní déanta de mhúnla an traidisiúin leis an gceapachán seo. Is é Proinsias an chéad phápa neamh-Eorpach a roghnaíodh le breis agus 1,000 bliain. Is é Proinsias an chéad Íosánach a ceapadh riamh ina phápa, rud nach dtarlódh go deo dar le go leor tráchtairí gaoiseacha.

Díol suntais gur pápa Proinsiasach, Clemens XIV, a chuir na hÍosánaigh faoi chois sa bhliain 1773, ach cad a rinne an pápa nua ach Proinsias a roghnú mar ainm, ainm nár roghnaigh pápa riamh roimhe?

READ MORE

Tugann roghnú an ainm seo go leor leidí faoi mheon an phápa nua. Tá cáil ar Phroinsias Assisi de bharr na béime a leag sé ar an tsimplíocht agus ar an mbochtanas.

Dhiúltaigh Jorge Maria Bergoglio maireachtáil i bpálás an ardeaspaig i mBuenos Aires agus b’fhearr leis cónaí in árasán simplí in aice láimhe, a chuid béilí féin a réiteach agus leas a bhaint as an mbus seachas limisín agus tiománaí.

Nuair a ceapadh ina chairdinéal é sa bhliain 2001 bhí an méid seo a leanas le rá aige faoin ‘ngradam nua’: “Is seirbhís í an chairdinéalacht, ní duais í le bheith ag maíomh aisti. Ní dhéanann an bhaois agus déanamh gaisce ach saoltacht a dhéanamh den spioradáltacht, sin é an peaca is mo is féidir leis an Eaglais a dhéanamh. Ní fearr rud a léiríonn réaltacht na baoise ná sampla na péacóige. Breathnaíonn sí go hálainn chun tosaigh ach má bhreathnaíonn tú uirthi ón gcúl, sin scéal eile.”

Ní hiontas ar bith é go gcuireann galamaisíocht na hEaglaise agus na sochaí araon olc ar dhuine a chaitheann go leor leor ama leis na bochtáin a bhfuil cónaí orthu sna barrios. Peaca sóisialta í an fhaillí a dhéantar sna bochtáin agus sna daoine imeallaithe a éamhann chun na bhflaitheas ar thóir díoltais, dar leis.

An chéad ghlaoch a chuir San Proinsias ar bhealach na cráifeachta ná an guth a labhhair leis as an gcroich chéasta i San Damiano in Assisi: deisigh m’Eaglais.

Ghlac sé leis an ngairm go litriúil i dtús báire ach níorbh fhada gur thuig sé nach foirgint ábhartha a bhí i gceist ach an Eaglais institiúideach féin. Is léir uaidh seo go mbeidh leasú na hEaglaise ar an gcéad chloch ar phaidrín an phápa nua.

Nuair ba náire shaolta í iompar na gCríostaithe ar an gcúigiú crosáid 1218-9, go háirithe maidir leis an tslad gan trócaire a d’imir siad ar fhir, mhná agus leanaí ag léigear Damietta, thug Proinsias droim láimhe le reitric agus le beartaíocht an fhuilteachais agus chuaigh chun cainte go pearsanta, agus in aghaidh gach comhairle, leis an Sabhdán féin, Al-Kamil. Tá trácht ar an eachtra seo i bhfoinsí Muslamacha agus Críostaí araon agus moltar iompar Phroinsias inniu féin mar pharaidím den chaidreamh ba chóir don Eaglais a bhunú leis an Ioslamachas.

Agus muid ag caint ar reiligiúin eile, díol suntais gurb é Céasadh Bán Íosa le Marc Chagall an píosa ealaíne is ansa le Bergoglio, pictiúr a léiríonn Íosa ar an gcroich mar mháirtíreach Giúdach, é timpeallaithe ag eachtraí a léiríonn géarleanúint an Naitsíochais go príomha agus géarleanúint an Chumannachais ina dhiaidh sin ar an bpobal tofa.

Dea-thuar rogha ealaíne seo Bergoglio don chaidreamh ba mhaith leis an bpápa nua a chothú idir an Eaglais Chaitliceach agus an tsionagóg.

Is cosúil nach raibh d’ionchur ag Cairdinéal Buenos Aires sna comhthionóil roimh an gconcláv ach ráiteas gearr trí neomat go leith a chuaigh i bhfeidhm go mór ar a chomhleacaithe: ráiteas corraitheach ón gcroí amach faoina riachtanaí a bhí sé don Eaglais trócaire agus grá Dé a léiriú don domhan, dála an té a roghnaigh sé mar naomhéarlamh.

Fearacht Phroinsias, chomhairligh sé dá chléir sa bhaile dul amach ar na sráideanna agus bualadh leis na daoine. Thug sé íde na muc is na madraí do shagairt a dhiúltaigh leanaí le máithreacha single a bhaisteadh. Dúirt sé nach raibh iontu agus fairisínigh agus fimínigh.

Deir sé go bhfuil an tsochaí chomhaimsertha tar éis loiceadh ar an óige, gan éileamh a dhéanamh orthu ná tábhacht na hoibre agus na híobartha a mhúineadh dóibh; nach dtuigeann siad dá gceal áilleacht agus fírinne na nithe, gan meas acu ar an aimsir chaite, iad scanraithe roimh an todhchaí. Faoin Eaglais doirse an dóchais a athoscailt don óige.

Fear a dtaitníonn filíocht agus ceol leis, fear ar breá leis sacar agus an tangó, fear a raibh lámh is focal idir é agus beag óg sular chinn sé dul le sagartóireacht.

Cá bhfios ach nach bhfuil sé i ndán d’fhear na leathscamhóige anáil úr Dé a scaoileadh isteach i scamhóga leicthe na hEaglaise?


Is sagart de chuid Ord San Proinsias é Mícheál Mac Craith