Lá na dteangacha – lón machnaimh don aigne

Tá a scéal féin ag gach ceann de na teangacha a labhraítear san Eoraip


Beidh teangacha i mbéal an phobail inniu níos mó ná mar is gnách, de bharr go bhfuil an 26ú Meán Fómhair buailte linn. Is ar an dáta seo, a dhéantar ceiliúradh go bliantúil ar Lá Eorpach na dTeangacha.

Comhairle na hEorpa a eagraíonn é seo, agus 47 ball stát Eorpach páirteach ann, 28 ball an Aontais Eorpaigh ina measc. Cearta daonna agus cúrsaí cultúir is príomhchúram don chomhairle. Ach san áit a mbíonn daonnacht agus cultúr bíonn teangacha.

Cá mbeimis gan iad? Áiseanna cumarsáide cinnte, ach baineann teanga le forbairt an duine ar mhórán bealaí – intinneach, mothúchánach, sóisialta, srl.

Tá léiriú éigin air seo le fáil ar an suíomh idirlín a ghabhann leis an Lá (http://edl.ecml.at/), agus fáil ann ar ábhar den uile chineál – fíricí ar theangacha, ábhair teagaisc, cluichí, tomhaiseanna, eolas ar imeachtaí sna ballstáit, srl.

READ MORE

Más palandróm, mar shampla atá uait, tá liosta fada díobh ó theangacha éagsúla ar an suíomh. ‘Was it a cat I saw?’ Nó, b’fhéidir go mbeadh an ceann seo sa Ghearmáinis úsáideach, ‘Sei fein, nie fies’ – bí go deas, ná bí dána riamh.

Agus seo sampla fada sa Ghaeilge – cé nach léir an mbeadh aon fhíorghá cumarsáideach lena leithéid rómhinic, ‘A Nóinín, níl an rí anocht ar Ráth Conair, ná linn in Iona.’

Is léir go bhfuil béim ar an éagsúlacht teanga mar ábhar spraoi. Is é bua na héagsúlachta, seachas dua, atá chun tosaigh mar theachtaireacht.

Ach más ábhar ceiliúrtha iad na teangacha, tarlaíonn a mhalairt chomh maith sa mhéid is gur easaontas, seachas aontas a shamhlaítear leo uaireanta. Is siombail í an teanga ar ndóigh, ar an gcultúr lena mbaineann an duine. Agus sa chás go mbíonn coimhlint idir dhá chultúr, abraimis, bíonn drochthionchar ar an dearcadh i leith tréithe sainiúla an chultúir, an teanga san áireamh.

Tá a scéal féin ag gach ceann de na teangacha a labhraítear san Eoraip – thart ar 225 acu, más fíor (mar chuid den 7,000 teanga morthimpeall na cruinne). Agus tá teangacha digiteacha agus códáil ríomhaire anois ar an bhfód. Córas de chomharthaí iontu ar fad, lena rialacha féin, loighic, foclóir, srl.

Ach tá teangacha eile ann chomh maith, nach bhfuil aon trácht orthu ar lá mar seo. Agus ar aon dul leis na teangacha thuas, más bród agus pléisiúr a shamhlaítear leo seo cuid mhaith den am, baineann teannas leis na teangacha seo chomh maith.

Na Teangacha Príobháideacha is ainm d'aiste ón bhfile Seán Ó Ríordáin a foilsíodh sna 1970í, ina bpléann sé an teannas idir an scríbhneoir agus an pobal. Fórsa coimeádach cosantach is ea an pobal a chuireann srian ar chruthaitheacht teanga an duine aonair. Bíonn fonn ar an duine aonair dá bharr, éalú ó chuing an phobail i gcúrsaí teanga, ar mhaithe le leathnú aigne agus cruthú feasa. B'shin an teachtaireacht a bhí ag Ó Ríordáin agus ba iad na "teangacha príobháideacha" a thug sé ar an sórt teanga a chruthaíonn scríbhneoirí áirithe.

Ach ní hé gach duine sa phobal a bhíonn ábalta saothrú mar seo, go cruthaitheach agus go macánta mar is gá. I measc na ndaoine a chumann na teangacha príobháideacha ‘is airde,’ tá na filí, scríbhneoirí, na naoimh, agus daoine buile. Agus iad tite ‘chun naofachta, chun filíochta, nó chun buile’ claochlaítear an teanga atá in úsáid acu.

Cuireann na teangacha príobháideacha le forbairt agus fairsingiú na bunteanga chomh maith. Scuabann siad chun siúil na coraí cainte cailcithe seanchaite a chleachtann an pobal. Agus bíonn dea-thionchar aige seo ar an ‘nathadóireacht’ nó an meon claonta coimeádach a shamhlaíonn Ó Ríordáin leis an bpobal.

Is mó de theangacha scríofa ná de theangacha labhartha iad. Beireann scríbhneoireacht an duine ar na smaointe agus stiúrann sé an teanga isteach i réigiúin atá lasmuigh de theorainneacha na teanga labhartha. Is doimhne dá bharr, an machnamh a dhéantar ná mar a tharlódh sa chaint amháin.

Más imirteas idir tosach agus deireadh na habairte atá ar siúl sa phalandróm thuas, is cuardach a tharlaíonn leis na teangacha príobháideacha, “i bpoill agus pluaiseanna an aigne” nach raibh aon teanga phoiblí istigh iontu fos.

Deirtear gur beatha teanga a labhairt. Dhealródh gur beatha teanga a scríobh chomh maith. Agus ag éirí as seo, gur beatha duine na teangacha. Ar lá eorpach na dteangacha, nó ar aon lá eile. Is léachtóir sinsearach ar Choláiste Mhuire gan Smál é Cathal de Paor