Lá eile ag an Lucht Oibre?

Tá roghanna deacra le déanamh ag Páirtí an Lucht Oibre

Ábhar ceannaire do Pháirtí an Lucht Oibre – Joan Burton agus Alex White. grianghraf: alan betson/the irish times

Ábhar ceannaire do Pháirtí an Lucht Oibre – Joan Burton agus Alex White. grianghraf: alan betson/the irish times

Wed, Jun 11, 2014, 01:25

Thosaigh an rás do cheannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre i ndáiríre idir Joan Burton agus Alex White ag chéad chruinniú na mball i mBaile Átha Cliath oíche Luain.

Rás tábhachtach atá ann do pháirtí atá á bhrú go dtí an t-imeall de réir na bpobalbhreitheanna.

Ach, an bhfuil sé rómhall chun é a tharraingt ar ais nó an bhfuil tairngireacht na bhfigiúirí tar éis caidhp an bháis a chur ar leanúint an chaidrimh idir iad agus Fine Gael?

Tá cur is cúiteamh ann go bhféadfadh an tóin titim as an gcomhrialtas roimh dheireadh a théarma de bharr easaontais faoi dhianpholasaithe eacnamaíochta.

Is deacair é a shamhlú muna dtagann tubaiste nua eile aniar aduaidh orthu. Tá cúiseanna maithe ag Fine Gael agus ag an Lucht Oibre chun fanacht ceangailte leis an gcrann fad is atá na farraigí móra atá ag bagairt ar a mbád beag batráilte.

Ar an chéad dul síos, tá cumhacht acu agus ar an dara dul síos, tá cumhacht acu anois – rud nach mbeadh b’fhéidir, dá rachadh siad i gcontúirt toghcháin.

Dheimhnigh na toghcháin nach tromluí a bhí i dtorthaí na bpobalbhreitheanna. Thug na vótóirí íde na muc is na madraí do pháirtithe an Rialtais agus is é Páirtí an Lucht Oibre is measa a tháinig as.

Anois, bhí Fine Gael as cumhacht leis an fhad sin roimhe seo, go gcaithfí na hingne méire s’acu a tarraingt amach as ballaí Fhoirgnimh an Rialtais sula scaoilfeadh siad le cumhacht.

Maidir leis an Lucht Oibre, níl an dara suí sa bhuaile acu. Má fhágaimid an focal “fuil” as agus focal níos tíriúla a chur ina áit, tagann an líne as Macbeth chun cuimhne: “I am in blood stepped in so far that should I wade no more, Returning were as tedious as go o’er.”

D’fhan an Lucht Oibre sa Rialtas fad is a rinneadh an chuid is mó den obair throm chiorraithe. Obair ghránna gan mar bhuíochas air ach léigear maslaí agus ionsaithe.

Tá cúpla buiséad lofa eile le teacht ach beidh brú ann anois chun maolú beagáinín ar an bpian. I bhfocla eile, tá an bruach agus talamh slán ag teacht i radharc. Nárbh amaideach an té a léimfeadh thar bord ag an bpointe seo?

Dá mbeadh raic taobh istigh den gcomhrialtas go luath a bhrisfeadh as a chéile é, níl aon chúis againn le ceapadh go mbeadh aon athrú suntasach ar an dtacaíocht a léiríodh sna toghcháin is déanaí.

B’fhearr i bhfad dóibh fanacht go dtí an deireadh agus a bheith ag súil go dtiocfaidh leigheas ar an eacnamaíocht.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.