Lá an chuntais ag vótóirí na hAlban

An ndiúltóidh pobal na hAlban an deis chun saoirse?


Sinne gur cuid de thionscal na siamsaíochta í an pholaitíocht, fara a bheith lándáiríre, beidh oíche fhada thaitneamhach ann amárach.

Tarraingeofar an chathaoir chun tosaigh, cuirfear an madra amach, agus suífear siar féachaint cad a dhéanfaidh ár gcomharsana soir ó thuaidh uainn.

Beidh orainn mórán bladair a fhulaingt, gan amhras, agus tuairimíocht bhaoth, agus tomhais thar áireamh, agus bainfear gach adhmad as a mbeidh d’shuirbhéanna ar shála vótála amuigh sula dtiocfaidh na comhairimh thosaigh isteach.

Imeall na faille

De ghnáth ní bhíonn toghcháin na Breataine Móire – má’s í an Bhreatain Mhór a bheidh ann feasta – chomh hinspéise lenár gcuid féin nuair a bhíonn ábhair teachtaí dána ag smísteadh a chéile go binn feadh pháipéir na ballóide agus ag léim thar a chéile mar a bhíodh dreancaidí sa leaba fadó.

READ MORE

Tógann duine éigin luascamhéadar mór gránna amach i stiúideo teilifíse agus bogann deas nó clé de réir mar a nochtann na vótaí, agus preit! bíonn cumraíocht an toraidh agat láithreach.

B’fhéidir gur mar sin a bheidh oíche amárach, ach deir na liathróidí criostail ar fad go rachaidh go himeall na faille.

Más amhlaidh é, beimid greamaithe inár gcathaoireacha súgáin mar atá an chos sa tuairgnín.

Is é is aite faoi seo ar fad, agus tá clais im cheann le fada ó bheith á thochas, ná cad fáth nach bhfuil ach leithead eite cuileoige idir an dá thaobh in aon chor?

An mbeidh críoch agus dúiche na hAlban ar an gcéad tír ar domhan a fuair deis ar shaoirse a bhaint amach dóibh féin i bhfoirm reifrinn agus a dhiúltaigh di?

Ba dhóigh leat go mbeadh a leithéid dochreidte siar amach in áit ar bith eile.

Dúirt Seosamh Mac Grianna uair amháin gur buaileadh sinn go dona, agus nach raibh a fhios ag duine ar bith a dhonacht is a buaileadh sinn.

Tá chomh maith dul go ceann sprice: má buaileadh sinne, ba sheacht mhó seachtód níos measa a buaileadh Alba.

Cé nár ghob oiread sin d’argóintí stairiúla aníos sa díospóireacht ar chúiseanna a scoiltfeadh an fearann as a chéile, bhíothas ann riamh ar nós taibhse Bhánchú ag an bhfleá.

An dóigh le duine ar bith dá mbeadh Alba ina tír neamhspleách riamh anall go mbeadh siad ag iarraidh clasú anois leis an stát is gaire ó dheas dóibh?

Alba is ea an saghas Alban atá anois ann toisc gur buaileadh agus gur breabadh, gur plancadh agus gur plandáladh, gur creachadh is gur ceannaíodh iad.

Bhí súil riamh ag Sasana ar Albain, agus bhí dúil riamh ag Albanaigh i Sasana.

Braveheart

Theastaigh ó Éadbhard I Shasana Alba a chur faoi chois, agus cé nach é

Braveheart

an scannán is fírinní stairiúil dá raibh riamh ann, tá na toisí tomhaiste go maith ann.

Ina choinne sin, ba bheag Albannach riamh ar theastaigh chomh dóite uaidh teicheadh ó dheas is a theastaigh ó Shéamas VI/ James I, nuair a tairgeadh coróin na ríochtaí dó.

Déarfá nach foláir nó bhí na hinnill ar tinneall chun gluaiste agus Éilís ar leaba a báis, ach amháin nárbh ann d’innill mar iad san am.

Ach is cinnte go raibh na capaill beathaithe, agus a gcuid crúb ag scríobadh an phluda taobh amuigh dá phálás.

Ní de thimpist gur go Londain a chuaigh sé.

Is ní de thimpist gur go Londain a chuaigh pairlimintigh na hAlban nuair a haontaíodh an dá thír sa bhliain 1707.

Nár dhóigh leat go n-aistreofaí cuid bheag shuarach éigin de chumhachtaí an deiscirt ó thuaidh dá mba gur aontú cothrom comhbhách comh-mheasúil a bhí ann?

Ní gan chúis a bhaist an file iontach Robert Burns “a parcel of rogues” ar na huaisle a dhein an pósadh idir an dá thír.

Agus ní gan chúis go raibh na línte “bought and sold/with England’s gold” san amhrán sin aige.

Breabadh agus ceannaíodh formhór na bhfeisirí a ghabh leis an aontas, mar a tharla abhus anseo.

Bhí léirsithe ar na sráideanna agus fearg ar fud an phobail nuair a fógraíodh Acht sin na hAontachta. Cuireadh dlí mhíleata i bhfeidhm chun ceannairce a chosc.

Dúirt Daniel Defoe agus é ag obair ar son rialtas Shasana, nach raibh ach duine as an gcéad féin ar son an tsocraithe nua.

Cuid d’athinsint, seachas d’athscríobh na staire, is ea go díreach a bhfuil ag tarlú inniu.

Ní haon timpist í go bhfuil gunnaí móra an airgid, na tionsclaíochta agus na mbanc ag iarraidh an mheoin chun neamhspleáchais a scrios le scéalta uafáis.

B’in mar a bhí riamh.

“Is fearr as go mór tú le Mamaí le Dadaí le Maimeó is le Daideó. Ní féidir leat seasamh ar do chosa féin. Buachaill/cailín dána tú. Má ghabhann tú an doras sin amach, beidh arrachtaigh ag feitheamh led shlogadh!”

Má tá saoirse uait, gabh chugat é! Mura bhfuil, dún do chlab agus ná bítear ag gearán feasta.

Sin a bhfuil.