Lá eile ag an Lucht Oibre?

Tá roghanna deacra le déanamh ag Páirtí an Lucht Oibre


Thosaigh an rás do cheannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre i ndáiríre idir Joan Burton agus Alex White ag chéad chruinniú na mball i mBaile Átha Cliath oíche Luain.

Rás tábhachtach atá ann do pháirtí atá á bhrú go dtí an t-imeall de réir na bpobalbhreitheanna.

Ach, an bhfuil sé rómhall chun é a tharraingt ar ais nó an bhfuil tairngireacht na bhfigiúirí tar éis caidhp an bháis a chur ar leanúint an chaidrimh idir iad agus Fine Gael?

Tá cur is cúiteamh ann go bhféadfadh an tóin titim as an gcomhrialtas roimh dheireadh a théarma de bharr easaontais faoi dhianpholasaithe eacnamaíochta.

READ MORE

Is deacair é a shamhlú muna dtagann tubaiste nua eile aniar aduaidh orthu. Tá cúiseanna maithe ag Fine Gael agus ag an Lucht Oibre chun fanacht ceangailte leis an gcrann fad is atá na farraigí móra atá ag bagairt ar a mbád beag batráilte.

Ar an chéad dul síos, tá cumhacht acu agus ar an dara dul síos, tá cumhacht acu anois – rud nach mbeadh b’fhéidir, dá rachadh siad i gcontúirt toghcháin.

Dheimhnigh na toghcháin nach tromluí a bhí i dtorthaí na bpobalbhreitheanna. Thug na vótóirí íde na muc is na madraí do pháirtithe an Rialtais agus is é Páirtí an Lucht Oibre is measa a tháinig as.

Anois, bhí Fine Gael as cumhacht leis an fhad sin roimhe seo, go gcaithfí na hingne méire s’acu a tarraingt amach as ballaí Fhoirgnimh an Rialtais sula scaoilfeadh siad le cumhacht.

Maidir leis an Lucht Oibre, níl an dara suí sa bhuaile acu. Má fhágaimid an focal "fuil" as agus focal níos tíriúla a chur ina áit, tagann an líne as Macbeth chun cuimhne: "I am in blood stepped in so far that should I wade no more, Returning were as tedious as go o'er."

D’fhan an Lucht Oibre sa Rialtas fad is a rinneadh an chuid is mó den obair throm chiorraithe. Obair ghránna gan mar bhuíochas air ach léigear maslaí agus ionsaithe.

Tá cúpla buiséad lofa eile le teacht ach beidh brú ann anois chun maolú beagáinín ar an bpian. I bhfocla eile, tá an bruach agus talamh slán ag teacht i radharc. Nárbh amaideach an té a léimfeadh thar bord ag an bpointe seo?

Dá mbeadh raic taobh istigh den gcomhrialtas go luath a bhrisfeadh as a chéile é, níl aon chúis againn le ceapadh go mbeadh aon athrú suntasach ar an dtacaíocht a léiríodh sna toghcháin is déanaí.

B’fhearr i bhfad dóibh fanacht go dtí an deireadh agus a bheith ag súil go dtiocfaidh leigheas ar an eacnamaíocht.

Tréimhse chinniúnach atá sna seachtainí romhainn do Pháirtí an Lucht Oibre. Ní hé toghchán ceannaire nua amháin atá i gceist ach todhchaí an pháirtí féin.

Thar na blianta, tháinig sé ó phréamhacha na gceardchumann agus na cosmhuintire mar pháirtí a chuireadh fís shóisialach chun cinn go dtí páirtí measartha meánaicmeach. Bhíodh de bhuntáiste aige nár bhain sé le páirtithe an chogaidh chathardha agus b’shin tréith a mheall a lán intleachtaithe meánaicmeacha ann sular thit an eite chlé as faisean le leagadh bhalla Bheirlín.

Is fada áfach ó scanraigh Lucht Oibre na hÉireann na capaill nó an chléir le ráiteas réabhlóideach.

Ní raibh seans ag an bpáirtí rialú leis féin agus clár iomlán polasaithe dá gcuid a chur i bhfeidhm.

Is mar eireaball i gcónaí a bhíodh siad i gcomhrialtais le ceann den dá pháirtí choimeádacha agus arís, an t-am seo, is amhlaidh gur chuir na vótóirí isteach iad mar choscán, cineál “aipe” iontaofa le súil a choinneáil ar an dream eile.

Ach ar a laghad, d’fhéadfadh siad á mhaíomh gur páirtí stairiúil na heite clé a bhí iontu. Taobh amuigh de chorrpháirtí beag a shlog siad siar agus roinnt neamhspleáchaithe, ba leosan an t-ardán sin – go dtí le déanaí.

Anois tá Sinn Féin tar éis an oiread sin dá gcuid tacaíochta a ghabháil go bhfuil a lán sa bpáirtí buartha gurb é tubaiste Fhianna Fáil atá i ndán.

Roimhe seo, d’fhéadfadh na ceannairí a bheag a dhéanamh de theacht chun cinn Shinn Féin agus é a mhíniú mar “agóid” i dtoghchán lárthéarma. Is fíor gur vótáil céatadán áirithe mar sin. Ach cén céatadán? Is í sin an cheist.

Beirt fhiúntach ábalta atá in Alex White agus i Joan Burton ach gan a bheith ag cur thar maoil le pearsantacht spleodrach.

Más teist orthu tráth na gceist oíche Luain, tá siad beirt go tobann meáite ar bhreis chánach a éileamh ó lucht rachmais. An gcluineann éinne eile guth Mary Lou ag fiafraí den Taoiseach sa Dáil? “Do ya get it, Taoiseach?” Is léir go “bhfuair” an Lucht Oibre é, cibé faoin Taoiseach.

Rachaidh Alex agus Joan ar camchuairt na tíre anois ach níor mhór dóibh léargas níos cruinne a thabhairt ar an méid a dhéanfaidh siad ná mar a thug siad Dé Luain.

Ní leor éagumas rialtas Fhianna Fáil agus taibhse an IRA a tharraingt amach as an gcófra chun daoine a scanradh. Tá siad thar scanradh faoi seo ag billí nár íocadh.