Is maith go bhfuil margadh déanta leis an Iaráin faoi chúrsaí núicléacha

Dea-scéal idirnáisiúnta ab ea an nuacht le deireanas faoin socrú maidir le fuinneamh núicléach leis an Iaráin a rinne sé cinn de mhórthíortha an domhain, na Stáit Aontaithe ina measc.

Tá buairt agus imní ina lán áiteanna le tamall fada anuas, sa Mheán-Oirthear ach go háirithe, go mbeadh an Iaráin in ann buama núicléach a chur le chéile sar i bhfad.

Anois tá comhaontas ann, ar bhonn sealadach ar dtús, go dtarraingeoidh an Iaráin siar roinnt mhaith agus go mbeidh cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha sa tír úd. Ar an dtaobh eile den mhargadh, maolófar ar na smachtbhannaí atá á leagan ar an Iaráin leis na blianta.

Níl rialtas Iosrael róshásta agus tá an príomhaire Netanyahu ag gearán go tréan faoin chomhaontas. Ní gach lá go mbíonn Iosrael agus an Araib Shádach ar an taobh céanna ach tá an dá thír curtha amach roinnt mhaith faoin scéal.

READ MORE

Tá go leor tíortha eile agus an pobal iontu dóchasach den chuid is mó go mbeidh rath ar an mhargadh seo a rinneadh sa Ghinéiv ag a ceathair ar maidin ar 24ú Samhain – lean na cainteanna ar aghaidh go deireanach agus tuairiscítear go raibh cóisir bhríomhar le ceol traidisiúnta na hÉireann ar siúl an oíche chéanna san Óstán Intercontinental. Seachas na Stáit Aontaithe, bhí an Bhreatain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis agus an tSín páirteach ar an dtaobh céanna san idirbheartaíocht.

Tír ar leith í an Iaráin. Thug mé féin cúpla cuairt uirthi go luath sna 1990í. An chéad uair, bhí mé ag tuairisceoireacht ar na teifigh Choirdíneacha a ruaigeadh ón Iaráic in earrach na bliana 1991 tar éis don deachtóir Saddam Hussein ionsaí nimhe a dhéanamh orthu.

Ainneoin na híomhá a bhí ag an Iaráin mar áit sách crua, ba léir go raibh cineáltas á léiriú do na teifigh as an gCordastáin.

An dara cuairt a thug mé ar an áit, bhí mé ag scríobh faoi thoghchán uachtarántachta a reachtáladh i Meitheamh 1993. Stop mé san Óstán Laleh (an Intercontinental mar a bhíodh in aimsir an Shah) i dTehran agus is cuimhin liom go maith an mana ollmhór a bhí ar an mballa san áit: “Down with the United States.”

Thug mé cuairt ar an tseanambasáid Mheiriceánach, áit ar coinníodh na gialla ar feadh i bhfad. Bhí an foirgneamh in úsáid mar mheánscoil faoin am seo, faoi stiúir an Gharda Réabhlóidigh. Chuaigh sé i bhfeidhm orm cé chomh mór agus chomh forleathan is a bhí an campas – comhartha den tábhacht a bhí agus atá fós ag an Iaráin do S.A.M. le fada an lá.

Ábhar spéise freisin an líon daoine a casadh orm a bhíodh ar imirce sna Stáit agus a tháinig ar ais tar éis don réabhlóid an ruaig a chur ar an Shah sa bhliain 1979. Fiú duine as na fórsaí slándála, d’iarr se orm le blas fíor-Mheiriceánach mo chárta iriseoireachta a thaispeáint dó: “I wanna see your caaard, maaan.”

Tá tréimhse sé mhí leagtha amach don socrú reatha agus gheobhaidh Tehran faoiseamh idir €4.5bn agus €5bn lena linn. Tá cuid mhaith den chreidiúint as an socrú ag dul don uachtarán Obama agus don cheannaire stáit nuathofa san Iaráin, Hassan Rouhani, a tháinig i gcomharbacht ar Mhahmoud Ahmadi-Nejad Meitheamh seo caite.

D’fhreastail mé ar phreasagallamh a bhí ag an uachtarán Ahmadi-Nejad i Nua-Eabhrac ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i 2005.

Chuir a lán iriseoirí, mé féin ina measc, ceisteanna air i dtaobh tuairiscí go raibh sé tar éis a rá gur chóir Iosrael a scriosadh ó léarscáil an domhain ach níor thug sé freagra díreach orainn seachas a rá go raibh “grá” ag an Iaráin do dhaoine de gach reiligiún: Giúdaigh, Críostaithe, Muslamaigh agus daoine eile nárbh iad.

Tá íomhá níos réchúisí ag an bhfear atá tagtha ina dhiaidh – agus cuntas Twitter dá chuid féin aige faoin dteideal @HassanRouhani. Tá margadh sealadach déanta anois go laghdófar ar an bpróiseas núicléach san Iaráin ionas go mbeidh sé soiléir do chách gur tionscadal síochánta atá ann.

Ag an am céanna, beidh laghdú ar na smachtbhannaí agus bainfidh an Iaráin buntáistí eacnamaíochta as san.

Níl ann ach socrú eatramhach ach, dar leis na saineolaithe, tá seans agus dóchas ann go ndéanfar margadh buan amach anseo agus go bhfuil ré nua síochánta i ndán don Mheán-Oirthear agus an domhan ar fad.