Is binn béal na fírinne

Beirt pholaiteoirí ag tógáil iaróige


Tá an seó ar an mbóthar cheana féin. Aghaidheanna nua sa Rialtas, Phil Mór réitithe as an mbealach. Teacht isteach cánach ardaithe go mór. Fostaíocht ardaithe.

Thar aon rud eile, an t-aisfhreagra fábharach ó na pobalbhreitheanna.

Bingo! Tá Enda ar a rothar agus an rás chun an chéad toghcháin eile tosaithe.

Míníonn sé sin an taom feirge a bhuail Enda nuair a labhair an tAire nua Sláinte Leo Varadkar amach le déanaí.

READ MORE

Ní dhearna Varadkar ach a mhíniú go hionraic an fhadhb chun an córas sláinte atá againn faoi láthair a choinneáil ar siúl – gan a bheith ag caint ar phlean mór an Rialtais le bogadh i dtreo Árachas Sláinte Uilíoch

Go simplí, d’fhág Varadkar an polasaí rialtais an-mhealltach seo ina smidiríní agus scaoil sé roinnt figiúirí arbh fhearr leis an Taoiseach agus leis an Aire Airgeadais nach scaoilfí.

Tá Varadkar iontach cosúil leis an leanbh seanfhaiseanta a labhraíonn go soineanta os comhair na gcuairteoirí sa teach agus a scaoileann rudaí atá ráite ag na tuismitheoirí go príobháideach eatarthu féin.

In agallaimh, bíonn sé réchúiseach agus ar a shuaimhneas amhail is go raibh sé ag caint faoin aimsir.

Ní léiríonn sé fearg, buairt, imní, mífhoighid, ná frustrachas.

Labhraíonn sé go cliniciúil ciúin agus an rud is ansa le daoine, ní dhéanann sé aon iarracht éalú ón gceist agus míthreoir a chur ar an agallamhóir.

Téann sé i bhfeidhm mar dhuine fíor-ionraic agus, dá réir sin, taitníonn sé le daoine.

Is breá le daoine Aire amháin ar a laghad a fhágann an scriopt taobh thiar de agus a mhothaíonn míchompordach, de réir dealraimh, ag inse bréag.

An cheist atá á cur ag na comhfhreagróirí ná an cineál soineantachta a scaoileann béal Varadkar ná an gliceas diabhalta fadtéarmach atá ann?

Ní haon leibide é Varadkar. Díreach mar a chroch sé polasaí mór sláinte an Rialtais amach mar bheartas dodhéanta, d’fhág sé corp polaitiúil a chomhleacaí Alan Shatter ar thaobh an bhealaigh mhóir fresin leis an ionracas céanna. Léirigh sé sin cruach mhorálta nár léir ar a chomh-airí.

An aithníonn Enda ábhar ceannaire nua Fhine Gael ann agus an í sin an chúis gur thug sé an cúram is measa sa Rialtas dó?

Beidh le feiceáil. Ach más ea, tá Varadkar ag tabhairt le fios gur ar a rialacha féin agus nach ar rialacha dofheidhmithe daoine eile a imreoidh sé an cluiche seo.

Muna bhfuil culaith ghalánta éadaigh ar an impire agus daoine eile á mholadh, is é an leanbh Leo a scaoilfidh an rún go bhfuil “an t-impire nocht”

Feartlaoi Paisley

Tá a bhfuil le rá faoi Ian Paisley beagnach ráite faoi seo agus a lán scéalta inste a thabharfadh le fios don aos óg gur seanduine cineálta gan dochar é.

Ar ndóigh, ní mar sin a bhíodh sé don gcuid is mó dá shaol polaitíochta.

Agus ós rud é gur mhór leisean an t-ionracas agus nach mbíodh aon drogall air a thuairim féin a thabhairt go borb fiú faoi dhaoine a bhí imithe, tá meastúchán ionraic tuillte aige féin.

Duine casta agus fíor-aisteach a bhí sa díograisí creidimh seo a dhéanadh seanmhóireacht go rialta faoi charthannacht ach nach léiríodh mórán di ina shaol poiblí polaitíochta.

Nuair a thosaigh sé mar mhinistir óg, labhradh sé i dteanga agus i bhfriotal an Bhíobla cosúil le cléireach in arm Chromail. Soiscéalaí sráide go smior.

Ba chuid de chreideamh láidir Phaisley í an dearg-ghráin ar an Eaglais Chaitliceach a chonaic sé mar “striapach na Baibealóine” ina steillebheatha. Chuidigh sé gur striapach náisiúnach freisin a bhí inti.

Talamh méith don meascán seo den gcreideamh agus den bpolaitíocht ab ea an Tuaisceart ag an am. Is ar an bhfuath seo a bhunaigh sé a shaol oibre agus is tré úsáid an fhuatha seo a rinne sé dul chun cinn sa bpolaitíocht.

I 1968, nuair a thosaigh an brú ar rialtas Stormont chun cearta a ghéilleadh don mhuintir Chaitliceach, bhí branda nimhiúil polaitíochta Paisley foirfe d’aicme leathan dhílseoirí.

B’iad seo na fíréin imníocha a chruinníodh ina lóistí agus ina gclubanna chun seanmhana Dhoire “No Surrender” a athrá lena chéile mar churfá.

Ar feadh 40 bliain ina dhiaidh sin, d’adhain sé tinte na heagla agus an fhuatha.

Thaistil sé an Tuaisceart ag scaipeadh soiscéal an tseicteachais. Spreag a chuid óráidí dílseoirí óga, cuid acu chun dúnmharaithe. Tá sé sin admhaithe ag dornán díobh.

Chuir sé in aghaidh gach ceannaire aontachtach a rinne iarracht teacht ar chomhréiteach.

Méféineachas agus saint chun cumhachta a bhí taobh thiar den diúltú teacht ar shocrú leis an bpobal náisiúnach. Ní raibh aon socrú sásúil muna raibh sé féin ina bhun agus ina lár.

Ar feadh tréimhse fhada, níor ghéill sé go dtí go raibh seisean ag barr an bhoird. Sna blianta sin, maraíodh na céadta. Caithfidh seisean freagracht a ghlacadh as cuid mhór den slad sin.

Má chríochnaigh sé mar “fhear síochána” go mall ina shaol, ní raibh ann ach gur theastaigh uaidh sméar mhullaigh a chur ar shaol oibre a tógadh ar sheicteachas.