Insint ealaíonta ar bhealach eile iriseoireachta

Tá cuma chráite ar an tseanbhean. Uafás an chogaidh le feiceáil gearrtha go soiléir ar a héadan agus í i measc smidiríní agus fhothrach an chatha. Árasáin, seans, ab ea iad tráth dá raibh. Ach, díobh siúd atá fós ina seasamh, níl sna foirgnimh anois ach creatlacha loma, iad pollta ag diúracáin, piléir agus pléascáin.

Tá beirt ghasúr os a gcomhair i measc an smionagair . Cé gur gasúir iad, níl cuma na hóige orthu. Shílfeá ar a n-aghaidheanna scáinte, bána gur seanóirí iad. Tá rud éigin in easnamh orthu.

Tá Sabha Abu Mousa rompu agus í ar a glúine ag siortú an tsalachair agus an dríodair.

Sin mar a chuirtear tús le caibidil Gaza Portfolio sa leabhar Journalism (Metropolitan Books), an saothar is déanaí ón ealaíontóir Máltach, Joe Sacco.

READ MORE

Cé nach bhfuil ann ach lorg an phinn ar an aon leathanach amháin, sampla maith atá ann de cheird an ealaíontóra ghrafaigh seo agus é ag déanamh cur síos ar shaol na bPalaistíneach i gcampa dídine, Khan Younis i Stráice Gaza.

Tá cáil bainte amach ag Sacco lena chuid oibre le blianta anuas agus ní haon ionadh é sin. Tugann sé léargas ar leith ar cheird na hiriseoireachta agus is mó moladh agus clú atá bainte amach aige dá réir sin.

Tá tacar leabhar foilsithe aige le 20 bliain anuas. Orthu siúd is mó cáil tá Palestine (1996), Footnotes in Gaza (2009), agus Safe Area Goražde: The War in Eastern Bosnia 1992-95 (2000).

Tá cnuasach tuairiscí le Sacco a foilsíodh i nuachtáin, irisí agus i leabhair i rith na mblianta i Journalism. Déanann sé idirdhealú idir stíl a chuid iriseoireachta féin agus gnáthghnás iriseoireachta na meán sa réamhrá. Deir sé gur obair shuibiachtúil ach fírinneach é a chuid oibre féin.

Deir sé gurb é a rogha féin é an t-ábhar a scríobhann sé. Níl an tsaoirse chéanna seo ag an ngrianghrafadóir. Ní hamháin go mbíonn ar an ngrianghrafadóir brath ar na dálaí áitiúla a bheith ceart ach bíonn air nó uirthi a bheith san áit cheart ag an am ceart nuair a bhrúnn siad cnaipe an cheamara agus súil acu an grianghraf foirfe a ghlacadh.

Cé go mbíonn béim mhór san iriseoireacht ar a bheith oibiachtúil, dar le Sacco níl sé ar chumas iriseora ar bith an sprioc sin a bhaint amach go hiomlán.

Agus iriseoir ar bith ag déanamh tuairisce, bíonn orthu a bheith ar an láthair san áit cheart agus dá bhrí sin, caithfidh go mbíonn tionchar éigin acu ar an ábhar: “Craitheann fir óga a gcuid gunnaí san aer a luaithe agus a thosaíonn criú ceamara ag taifeadadh agus coinníonn siad súil ghéar ar a chéile nuair a chuireann tuairisceoir ceisteanna ar dhuine dá gcomhghleacaithe.”

Deir sé nuair a dhéanann iriseoir trácht ar eachtra éigin go bhfágtar go leor ar lár: “Is féidir le scríbhneoir tagairt a dhéanamh do scuaine feithiclí na Náisiún Aontaithe mar chuid bheag de thuairisc. Ach bíonn ar an ealaíontóir an suíomh úd a tharraingt – rud a ardaíonn ceisteanna áirithe: cén chuma a bhí ar na feithiclí seo? Cén chuma atá ar na héadaí atá orthu? Cén chuma atá ar an mbóthar?”

Tá sé ar chumas Sacco na sonraí a leagadh síos ar pháipéar ina stíl féin agus ar bhealach, dar leis, nach mbíonn air tarraingt siar ón fhírinne a inseacht.

Braitheann a chuid oibre go mór ar agallaimh agus ar na nótaí a ghlacann sé agus é ar cuairt ar láithreáin na gcoimhlintí seo.

Ar nós iriseoirí díograiseacha eile, glacann sé leis agus é ar thóir fhírinne an scéil go bhfuil an dualgas ceannann céanna air na fíricí a chinntiú agus a dhearbhú.

Deir sé gur don fhírinne bhunúsach atá sé tugtha in áit na “fírinne liteartha”, mar a thugann sé air: “Ní tharraingeoidh beirt chartúnaí an pictiúr céanna de thrucail na Náisiún Aontaithe – fiú amháin más rud é go n-úsáideann siad an bunábhar céanna leis an scéal a inseacht.”

Déantar cur síos dícheallach sa chnuasach seo ar shaol arm Mheiriceá agus an céasadh a rinne siad ar a gcuid príosúnach san Iaráic. Tá cur síos ann freisin ar tholláin smuigleála Gaza, cásanna Chúirt Breithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig, dídeanaithe Afracacha atá i sáinn i Málta agus bochtáin na hIndia.

Déanann Sacco cur síos beoga orthu siúd lena gcasann sé agus rianaíonn sé féith an éadóchais, an bhochtanais, na feirge agus an faitíos agus an t-achrann a bhaineann go laethúil tragóideach le saol na ndaoine san inseacht sceirdiúil atá aige.