Inchlúisibh go brách!

Cairde sinn go léir agus ní cás dúinn maireachtaint san aimsir chaite


Tugaim dom aire go bhfuil pléaráca agus hurlamáboc an Rialtais fógraithe i gcomhair an scliúchais bhig sin a tharla i mBaile Átha Cliath aimsir na Cásca 1916.

Ní comóradh go díreach é ach cuimhneachán, mar conas a dhéanfaí comóradh ar eachtra a raibh dhá thaobh, trí thaobh, ceithre, cúig thaobh leis, agus an uile cheann acu chomh bailí lena mhalairt? Inchlúisibh Is mé a thuigeann go maith an meon. Caithfear a bheith inchlúisibh feasta. Ní hinchlúisibheachtachas go dtí sinn.

Go deimhin, mura bhfuil tú inchlúisibh, tá tú lasmuigh den doras, óir is ionann gach creideamh anois, agus gach polaitíocht, agus gach dílseacht, agus gach gachaireacht go bruinne brátha as seo suas.

Is mar a chéile an té a throideann ar do shon, agus an té a throideann id choinne. Is mar a chéile an neach atá ag iarraidh tú a chur chun báis agus an neach a bhfuil tú ag iarraidh tú féin a chosaint air.

READ MORE

An té nach bhfuil leat níl sé id choinne, agus an té atá id choinne is cinnte go bhfuil sé leat.

An duine a mharaíonn tú féin, do bhean is do pháistí bochta, tá chomh hinchomórtha leatsa nár éirigh leat an comhar a dhíol leis féin, a bhean, ná a chuid páistí siúd.

Is ionann gach cúis, gach cás, gach comhrac.

Ionann gach troid, gach treis, gach tromchogadh. Ionann gach marú, gach mórshléacht, gach milleadh.

Ná bítear ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh feasta idir Hutu agus Tutsi (bhí olc ar an dá thaobh), ná idir an Ginearál Custard agus muintir Sitting Bull (ba dheacair a rá cá raibh an ceart), ná idir lucht sclábhaithe a iompar ón nGold Coast agus iad siúd ar cuireadh slabhraí orthu (ní raibh ann ach trádáil tar éis an tsaoil), ná idir Genghis Khan agus na ciníocha ar dhein sé slad orthu (bhí siad go léir mar an gcéanna).

Agus ansin, cad déarfá leis na saighdiúirí bochta sin Mussolini a bhí ag iarraidh an Aibisín a chloí ach gur chuir daoine bochta gorma ina gcoinne a bhí ag iarraidh sibhialtacht a thabhairt dóibh?

Bím ag faire ar na searmanais chuimhneacháin gach bliain ina dtugtar cothromaíocht do chách.

Is maitiúir amuigh is amach an tslí ina dtugtar cuireadh do theaghlach ríogúil na hIodáile teacht agus bláthfhleasc a leagadh ag reilig na ndaoine a mharaigh siad.

Agus tá moladh mór ag dul don tSín a chuireann carnabhal ar siúl go tráthrialta agus iad ag cuimhneamh ar dheargár Nanking.

Comhartha mhaitiúirití eile é go bhfuil Aire Oideachais Cúige Jiangsu sásta gan cur i gcoinne leabhair staire na Seapáine a mhíníonn go soiléir is go comair cén fáth ar ghá an áit a scrios.

B'fhéidir gur chuaigh cúpla drochbhuachaill thar fóir maidir le héigean na mban agus beiriú na bpáistí gan salann – ach féach, tá sin intuigthe i gcomhthéacs fada fairsing na staire! Cairde sinn Cairde sinn go léir anois, agus ní cás dúinn maireachtaint san aimsir chaite.

Caithfear dul ar aghaidh ag dul ar aghaidh don aimsir fháistineach sna todhchaí féin amach anseo suas.

Agus ar aon nós, ní tharlaíonn aon rud mar iad níos mó, fág Falluja agus Beslan agus áiteanna iomaí sa tSiria as an áireamh.

Mar shampla, tá bundúchasaigh na hAstráile i bhfad níos maitiúirí ná mar atáimidne abhus.

Ní mian leo aon chomóradh, ní áirím cuimhneachán a dhéanamh, ar an slad a déanadh orthu ag Appin ná ag Bathurst, New South Wales, fara cúpla miondíothú eile.

Ach dá ndéanfadh is cinnte go mbeadh an dá thaobh i gceist, iad siúd leis na gunnaí, agus iad siúd leis na búmaraing.

Braithim féin nach bhfuilimid lándáiríre faoi seo. Níl ann le fírinne ach ligean orm agus mar dhea agus dúmas gur cás linn é.

Dá mbeifí inchlúisibh i gceart, go neamhleithscéalach, oscailte, macánta, gan mungailt bhéil thógfaí dealbh don Chaptaen JC Bowen-Colthurst a thug an t-ordú Francis Sheehy Skeffington a mharú.

Is fíor gur síochánaí ba ea Skeffington, ach is mó rabhadh agus foláireamh a fuair sé gan fealsúnacht chomh mídhleathach leis sin a iompar go hoscailte gan mandate.

Tar éis an tsaoil bhí an captaen groí chomh hÉireannach, ní hea, ach chomh Gaelach le hEoghan an Mhéirín Mac Cárthaigh, nó le Seán na Ráithíneach, mar ba lena mhuintir siúd Caisleán na Blárnan féin.

Nó cad faoi chomórtas peile a ainmniú don Chol. Taylor agus Reisimint Staffordshire Theas a thug an bheaignit sa bholg don áirithe sin daoine laistiar de na ceithre cúirteanna?

Is ea, 15 slán a fuair an bior, go díreach an méid a dhéanfadh foireann bhreá – gan aon fhir ionaid.

Tá súil agam go gcuimhneofar air le honóir agus le gradam.

Is é eagla atá ormsa anois ná go bhfágfar aon duine ar lár. Ní fiú a bheith inchlúisibh mura bhfuil tú ollinchlúisibh.

Cuimhnigh ar an raic i gcionn leathchéad bliain eile má dhearmadtar…