Imeachtaí Gaeilge san Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta

Beidh cúpla oíche i nGaeilge ar siúl mar chuid de International Literature Festival Dublin an tseachtain seo.

Beidh “Cuisle – Tionscadal Dordfhilíochta” ar bun oíche Déardaoin 21ú Bealtaine, ag 8pm in Amharclann Smock Alley.

Beidh filí ag léamh, ag rapáil agus ag caint agus gan de thionlacan acu ach dordghiotáir.

I measc na bhfilí beidh Marcus Mac Conghail, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Liam Ó Muirthile agus Séamus Barra Ó Súilleabháin.

READ MORE

Is iad na hoirfidigh ná Martin Brunsden, Neville Lloyd agus Eoin O’Brien.

Agus ó tharla go bhfuil Máirtín Ó Cadhain i mbéal an phobail arís, is tráthúil go mbeidh “Cré na Cille – Tionscadal an Chadhnaigh,” ar siúl ag 8pm, Dé hAoine, 22ú Bealtaine, in Amharclann Smock Alley fosta.

Is é atá sa seó ilmheánach dátheangach seo ná an leagan sainiúil a rinne Alan Titley den úrscéal, The Dirty Dust, agus Graveyard Clay, leagan cumasach eile den úrscéal a rinne Liam Mac Con Iomaire i gcomhar le Tim Robinson.

Chum Colm Ó Snodaigh ceol le haghaidh an léirithe, míreanna a sheinnfidh sé féin. Margaret Lonergan a bheidh i mbun na n-íomhánna ar scáileán.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times