Idir Teangacha ag Féile Leabhar Átha Cliath

Ualach an aistriúcháin?

Cad is fiú úrscéal bleachtaireachta Gaeilge a chur i mBéarla nó clasaic de chuid litríocht an Bhéarla a aistriú go Gaeilge? An saothar as an nua é an t-aistriúchán? An bhfuil éileamh ag léitheoirí ar a leithéid?

Cíorfar na ceisteanna úd ag an ócáid “Idir Teangacha/Between Languages” a bheidh ar siúl le linn an Dublin Book Festival Dé Sathairn beag seo.

An craoltóir Cormac Ó hEadhra a choimeádfaidh stiúir orm féin agus Antain Mac Lochlainn agus muid ag trácht ar ár dtaithí féin.

Scríobh mé leagan Béarla de m'úrscéal Buille Marfach, a foilsíodh le déanaí faoin teideal Deadly Intent agus ainm cleite Anna Sweeney ag gabháil leis.

READ MORE

Thug Antain An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh ar an saol sa riocht nua a sheolfaidh an Gúm iarnóin Dé Sathairn freisin.

Tá leabhair sa tsraith Astérix á n-aistriú ag Antain freisin; agus léifear dán nó dhó ag an ócáid ó chnuasach le Fióna Bolger a d’aistrigh sé.

Tá mise ag plé leis an tionscadal digiteach LéighLeat, a chuirfidh Leabhar na Mallachtaí a d'aistrigh mé ó bhunscéal le Conor Kostick ar fáil do scoileanna go luath.

Conas a phléitear le hainmneacha na gcarachtar agus le teideal an leabhair féin? An féidir leis an léitheoir a shamhlú gur Gaeilge atá á labhairt ag carachtair, pé acu iad lonnaithe in Éirinn nó i gcéin – nó cén teanga a shamhlaímid le carachtair Shakespeare sna drámaí Hamlet, Othello nó Mac Bheatha féin?

Tá conspóidí ann faoin ábhar seo ó cheap Clár na Leabhar Gaeilge polasaí nua roinnt blianta ó shin, le maoiniú a chosc ar aistriúcháin ficsin idir dhá phríomhtheanga na tíre.

Rinne mé féin taighde ar na polasaithe abhus i gcomparáid leo siúd i gcás na Breatnaise, na Bascaise, na Faróise agus teangacha mionlaigh eile. Tá an tuarascáil Béarla na Leabhar ar fáil ar líne ag www.gaeilge.ie, tuarascáil a thabharfaidh lón díospóireachta do lucht freastail na hócáide freisin.

Is cosúil go bhfuil ré nua aistriúcháin buailte linn: mar shampla, beidh ceithre leabhar den tsraith Famous Five le Enid Blyton ar fáil go luath ó Chló Iar-Chonnacht faoin teideal An Cúigear Cróga; an mhí seo caite phléigh Clubleabhar.com Órchiste an Oileáin, a d'fhoilsigh Leabhar Breac ón mbunchlasaic le Robert Louis Stevenson; agus bhí ráchairt mhór ar An Hobad, leagan Nicholas Williams de leabhar clúiteach Tolkien. Tá pictiúrleabhair do pháistí á n-aistriú le fada ag an nGúm agus comhlachtaí eile, agus cáil ar an gcuid is fearr díobh i measc tuismitheoirí agus léitheoirí óga araon.

Tuilleadh ceisteanna: an gcabhraíonn leabhair a aistrítear ón mBéarla le nós na léitheoireachta Gaeilge a chothú, nó an bagairt iad ar ár gcuid bunleabhar féin a scríobh?

Cad faoi na pictiúrleabhair Ghaeilge atá á n-aistriú amach ag Futa Fata go teangacha ar fud an domhain?

Beidh fáilte roimh chách ag an ócáid “Idir Teangacha/Between Languages” ceist a chur.

ANNA HEUSSAFF