Idir dhá bhliain

Níl moráltacht na linne seo os cionn moráltacht na haimsire caite


Tá Ianus gnóthach go maith na laethanta seo lena leathshúil siar agus an leathshúil eile ag gliúcaíocht roimhe amach.

Is ródhealraitheach go bhfuil daoine bréan bailithe faoi seo de chomóradh na bliana seo a bhfuil an ola dhéanach uirthi cheana.

Tá gaiscí na míonna a ghabh tharainn á ríomh, agus tuigimid cad é leabhar na bliana, cé hí pearsa na bliana, laoch spóirt na bliana, eachtra chinniúnach na bliana.

Is deacair smaoineamh siar ar cad a tharla anuraidh áfach, nó dhá bhliain ó shin féin, gan poll mór na díchuimhne a theacht chugat ar bogshodar.

READ MORE

Más bliain iomlán atá san áireamh ní mhaireann níos faide ná an cúpla lá idir pulcadh na Nollag agus stuáil Lá Caille.

Músclaíonn sin suim i radharc níos fairsinge a thabhairt siar agus níos sia a thabhairt ar aghaidh.

Imeachtaí móra na bliana seo atá ag dul as, cad ba bhrí leo de réir tomhais ar bith i bhfad na n-aimsirí?

Bunalt tuisceana de chuid ár linne ná go bhfuilimidne níos fearr, níos tuisceanaí, níos neamhbharbartha ná ár n-aithreacha agus ár máithreacha romhainn.

An t-iompar a ceadaíodh in aimsir De Valera nuair nach bhféadfadh aon duine smaoineamh dó féin ní leomhfaí a leithéid anois faoi láthair nuair atá intinn neamhspleách gan bheann ar fhaisean ag cách.

Cheapamar go rabhamar oscailte, cairdiúil, nua-aimseartha, liobrálach, enlightindiúil agus nach bhféadfadh a leithéid sin tarlú arís.

Cheapamar amhlaidh toisc gur shlogamar miotas an dul chun cinn.

B’é an taispeánadh ná an fhaisnéis oifigiúil ó na Stáit Aontaithe gur déanadh céasadh ar phríosúnaigh chogaidh.

Bhí sin ar eolas ag duine ar bith a léigh an rud is lú mar gheall ar na blianta dorcha i ndéanaí aimsire nuair a thosnaigh sean agus nua-impireachtaí an domhain ar scrios a dhéanamh ar thíortha a ndearna siad scrios orthu roimhe seo.

Ach ba scanrúla a fhairsinge is a bhí an céasadh, is a réchúisí is a glacadh leis in iarthar an domhain.

B’in 300 bliain is tuilleadh de shaothrú na gcearta daonna scuabtha chun siúil d’aon iarracht amháin.

Gan choinne, nocht ollúna ollscoileanna le hargóintí fada léannta a chruthaigh thar amhras anonn go raibh sé ceart agus cóir pianpháis a imirt ar phríosúnaigh, go fiú is má bhí na príosúnaigh sin neamhchiontach in aon rud mídhleathach.

Tharlódh, gan amhras, go bhféadfadh siad a bheith ciontach uair éigin amach anseo, agus ba leor sin le scriúnna ordóige na haoise seo a thabhairt amach as an mbosca inar fágadh iad aimsir na Cúistiúnachta.

Ní raibh riamh ach screamh bheag chaol den tsibhialtacht anuas ar iompar an duine.

Níl uainn ach gaoth an fhocail, leithscéal na huaire, agus siúd linn ag gabháil don ghnó is dúchas dúinn – cruáil agus marú.

Déantar an bheart, agus soláthróidh an t-aos intleachta an réasún in am is i dtráth, is go mear má éilítear é. Níor thúisce na campaí géibhinn dúnta sa Pholainn, ná b’eo arís go lánluchtaithe sa Chéinia; agus an dá luathacht is a scaoileadh daoine saor as na Gúlaig, bhí a n-amhlachas eile á gcruinniú sa tSeirbia.

Níl aon amhras ormsa, dá mba ghá luaithreach a dhéanamh, abraimis, den Iaráin, nó den Chóiré Thuaidh, nárbh fhada uainn na háitimh dhobhréagnaithe chun a ndéanta.

Is é an púicín is mó atá orainn ná an púicín go bhfuil moráltacht na linne seo os cionn moráltacht na haimsire caite.

Is é nach ndéanaimid an léim samhlaíochta sin a dhéanamh agus sinn a lonnú i dtréimhse cúpla céad bliain amach romhainn.

Sinn féin a shuíomh i leabhair staire na haimsire fáistiní. Cé déarfaidh nach nglacfaidh siad alltacht leis na hinimircigh bhochta ag fáil bháis ar muir agus gan ach slí bheatha mar atá ag daoine eile á lorg acu?

Na primitívigh sin i dtosach na 21ú haois, conas a tharla gur lig siad do scata beag den lucht airgid idirnáisiúnta maoin na gnáthmhuintire a ghoid?

Conas nach raibh mná ag screadaíl i gcoinne an chleachtaidh choitinn go raibh sé ceart agus cóir ginte a mhilleadh ina milliúin gan áireamh go díreach toisc gur ghinte baineanna iad?

Má cuireadh deireadh le sclábhaíocht go hoifigiúil fadó roimhe sin, cén dóigh ar glacadh le sclábhaíocht pháistí fad is a bhí éadaí saora á soláthar acu?

Is ea, cuirfidh nósanna na haoise seo uafás ar dhaoine amach anseo.

Ar choinníoll nach mbeidh siad níos measa ná sinn féin.

Athbhliain faoi bhláth!