Iarsmaí an áir

Ní leatsa an suíochán, is linne é. Tá sé agat ar iasacht


Labhair na daoine, mallacht orthu! Cén fáth nár labhair siad amach go soiléir is gan a bheith ag mungailt a gcuid cainte, cén fáth na teachtaireachtaí rúnda seo ar fad nach bhféadfadh oracal Deilfi féin a chiallú?

Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a bhí rogha fhollasach againn idir páirtí agus páirtí go leith.

Má labhair na daoine, áfach, is mór an trua gur labhair go leor de na polaiteoirí agus de na tráchtairí polaitiúla chomh maith.

Ós rud é go bhfuilimid sna líonta liombó sin idir seo agus siúd, idir neamh agus Árann, idir dhá thine lae Márta, idir corp agus cleataráil, idir dhá dhoras gaoithe, idir an Dáil agus pósadh, tá chomh maith an saol a ghlacadh go bog réidh agus iarracht a dhéanamh ar chuid den amaidí a scaoileadh chugainn a chur aníos as an mbolg.

READ MORE

Ar an gcéad dul amach tá an nath, gur chaill duine ‘a shuíochán’, nó go deimhin ‘a suíochán’.

Fóill ort, a dhuine! Ní leatsa an suíochán, is linne é. Tá sé agat ar iasacht ar feadh seal beag gairid. Sin uile.

Tá sé ar nós duine le linn seisiúin cheoil a ghlacfadh stól sa chúinne go dtí go mbeadh Ríl Mhór Bhaile an ChalaidhCaoineadh Luimnigh (ceann fada) nó An Bheach sa BhrísteMuiris an MhuisiriúinFannaí de PaorAn Dreancaid sa LeabaTufóg an TreabhadóraRovers Ráth CaolaThe Tumours of TermonfeckinGan Ainm féin seinnte, ach go mbeadh air é a thabhairt suas nuair a thiocfadh fear an tsléibhe isteach.

Tá cead againn an stól sin a thabhairt do dhuine ar bith. Níl aon seilbh i gceist.

Ansan tá an páirtí nó an duine adeir gur ‘ghlac sé leis an toradh’. Stop ansin arís! An amhlaidh go raibh i gceist nach nglacfaí leis an toradh?

An é go raibh i gceist tancanna a chur ag gluaiseacht trasna na mbánta thar mhachairí méithe Chill Dara agus coup d’état a eagrú? Ar ceapadh gur cheart achomharc Ardchúirte a dhéanamh in aghaidh toil na ndaoine?

Tá’s agam gur traidisiún seanbhunaithe sa tír seo gan glacadh le toradh reifrinn ach an cheist a chur arís go bhfáisctear an freagra ceart as na daoir dhúra, ach ní heol dom go bhfuil an t-íoslach sin sroichte fós againn maidir le toghcháin do phairlimint chlainne tomáis.

Agus ina dhiaidh sin, tá caint ar ‘an eite chlé antoisceach’, an eite chlé i bhfad amach, an eite chlé ar imeall na faille soir, an textrímlebht.

Tá tuairim agam cé tá i gceist leis an ainm-mar-dhea maslach sin.

Dá ndéanfaí scrúdú ceart ar a bhfuil uathu, ní bheadh ann ach a bhfuil ar fáil go nádúrtha i gcuid de na pobail is rathúla ar domhan. Is beag an difear atá eatarthu agus sciar d’Fhianna Fáil nuair ba dhaoine bochta iad.

Ní eite chlé antoisceach iad AAA-PBP ná An Páirtí Sóisialach – a bhfuil fágtha de mhionbhruar díobh sin. Ba den eite chlé antoisceach é Pretty Polly Pot, agus Stailín na 1930í, agus Mao nuair a bhí an léim mhór á tabhairt aige.

Níl aon eite chlé antoisceach in Éirinn, agus más dóigh leat é sin, tá seans ann go gceapann tú gur páirtí sóisialach é an Luch Oibre.

B’é ba mheasa faoin bhfeachtas toghchánaíochta ná gur fágadh na mórcheisteanna ag lobhadh amuigh faoin mbáisteach. Ar éigean gur luadh an t-athrú aeráide cé go raibh bolg na tíre ag snámh ina fhliche féin tamall gairid roimhe sin. Cad ab áil linn meabhair a chaitheamh le rud ar bith a chuirfeadh as do na glúnta seo romhainn?

Níor cheistigh aon duine an síorfhás eacnamaíochta a phlúchfaidh an domhan le brus, a mharóidh na héisc san fharraige, a thachtfaidh an t-aer le nimh, a líonfaidh an talamh le dramhaíl, a phléascfaidh méadail na saibhir, a nimheoidh an t-uisce san abhainn, a chuirfidh críoch ar deireadh leis an ainmhí duine.

Ní dúirt duine ar bith gur cheart baint díobh siúd a bhfuil an iomad acu, dáileadh orthu siúd nach bhfuil acu ach an beagán, agus a rá leo siúd a bhfuil go leor acu, go bhfuil go leor acu.

Is i dtéarmaí an domhain mhóir fara le dálaí na hÉireann a bhfuilim amach air, ach cá raibh an domhan mór idir chamáin phléite?

Cá raibh géarchéim na hEorpa cúinge a fhéachann le cuma-liomachas ar na céadta á mbá ar muir? Cá raibh an t-allagar timpeall ar chóir dúinn clasú le míleastaigh NATO agus le camthaí gach seanimpireachta?

Go deimhin, ar fhód an bhaile féin ar ais, cá raibh an t-oideachas?

Ar chás le duine ar bith ár gcuid ollscoileanna a bheith ina monarchana don eacnamaíocht?

Ár gcuid scoileanna mar chéad runga an dréimire sin?

Cén fáth ar thosnaigh mé an t-alt seo chomh séimh sin?