Iaróg sna healaíona

Tá Fine Gael tar éis dochar a dhéanamh dóibh féin


Beagnach 20 bliain ó shin bhíos féin bainteach le clár seachtainiúil ar RTÉ. D'eascraigh sé ón gclár nuachta agus cúrsaí reatha, Cúrsaí, ach dhírigh sé ar na healaíona, litríocht agus cultúr go príomha.

Deirtear nár chóir spórt agus polaitíocht a mheascadh ach is féidir liom a rá go fíreannach nár meascadh cúrsaí reatha agus cúrsaí ealaíne ariamh le linn mo thréimse ag treabhadh an ghoirt sin.

Agus ansin, na cianta ina dhiaidh, nuair atá an clár leathdhearmadta i mo chuimhne féin, tagann scéal chun beatha a mheascann an dá dhomhan do-nasctha le chéile go baileach.

B’shin é an scéal aisteach maidir le ceapachán John McNulty ó Dhún na nGall ar bhord Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA). Ní pictiúr atá i gceist anseo na fiú scannán coincheaptha – gan dabht ar bith is instealladh atá i gceist.

READ MORE

Agus údar an tsaothair? Ealaíontóir gan ainm ach tá amhras ar mórán chuile dhuine (agus é leath-admhaithe aige) gurb é Enda Kenny an fear ar rith an inspioráid leis.

Agus go raibh páirt nach beag ag an Aire Ealaíon Heather Humphreys sa choincheap.

Ar aon chaoi, níl dabht ar bith gur stróc a bhí ann – ach, in ainneoin na seifte glice, is cosúil nach bhfaca muid ach cúltortadh.

Is léir ón eolas atá sceitithe go dtí seo go ndearna Fine Gael praiseach críochnaithe den phróiseas ón gcéad lá.

Sa chéad dul síos, bhí liosta d’iarrthóirí ag Fine Gael don fhothoghchán Seanaid chun dul i gcomharbacht ar Dheirdre Clune.

Is mná don chuid is mó a piocadh mar chreid ardchomhairle an pháirtí gur bean a leanfadh bean sa chás seo agus tugadh tosaíocht do thriúr ban ach go háirithe.

Ach chaith Enda Kenny agus a chomhairleoirí i dtraipisí iad. Ina n-ionad, phioc Kenny agus a fhoireann John McNulty ó Chill Chárthaigh i nDún na nGall.

Anois, bhí a lán buanna agus suáilcí ag McNulty ach is léir go raibh an CV éadrom go maith i gcomhthéacs an tSeanaid de.

Tá 43 gnáthchomhalta sa Seanad (roghnaíonn an Taoiseach 11 agus tagann seisear Seanadóir ó na hollscoileanna). Tá siad tofa ar chúig phainéal a bhaineann le gnéithe éagsúla de shaol agus shochaí na tíre – agus tá riachtanas ann maidir le cáilíochtaí.

I gcás McNulty, tá sé le seasamh don phainéal cultúir agus oideachais. Is fear gnó é le ceangal an-mhór le cúrsaí peile.

Is as breac-Ghaeltacht é ach, de réir dealraimh, níl mórán Gaeilge aige, cé go raibh sé bainteach le tógra ina cheantar féin a bhain le pleanáil teanga.

Is cinnte go raibh Fine Gael neirbhíseach nach nglacfaí leis mar iarrthóir.

Agus b’shin é údar an cheapacháin shealadaigh go dtí IMMA, ceapachán a lean ar feadh coicíse san iomlán.

An cuma gur bhuail Enda Kenny agus Fine Gael an bog seo?

Nach rud beag a bhí ann i gcomhthéacs na bhfadhbanna agus na ndúshlán eile?

Fíor duit, ach chuir sé teachtaireachtaí amach maidir le meon Fhine Gael a rinne an-dochar don pháirtí.

Sa chéad dul síos, cháin Fine Gael stíl pholaitíochta Fhianna Fáil agus gheall an páirtí go ndéanfadh sé a mhalairt sa Rialtas.

Má bhreathnaítear ar an fhorógra, feictear gur gealladh go gcuirfí “Polaitíocht Nua” i bhfeidhm.

Ach an comhartha a thugann an eachtra seo do dhaoine gur a mhacasamhail atá Fine Gael ag déanamh – go bhfuil an páirtí toilteanach an chleasaíocht chéanna a chleachtadh. Is léir go raibh uisce faoi thalamh anseo, go ndúirt Kenny nó a lucht tacaíochta le Humphreys, McNulty a cheapadh agus go ndearna sí amhlaidh.

Tar éis obair na gcapall a dhéanamh ar chúrsaí eacnamaíochta, tháinig an chonspóid seo aniar aduaidh ar an Rialtas ach fuair sé réidh le gach rud dearfach a tharla sna seacht lá roimhe.

Chun donais a chuaigh an scéal nuair a dhiúltaigh Kenny agus Humphreys ceisteanna simplí a fhreagairt maidir le ceapachán McNulty.

Go tobann, bhí Fine Gael i sáinn mhór agus an t-aon réiteach a bhí air i ndeireadh na dála ná admháil ón Taoiseach gur botún mór a bhí ann.

Sin a rinne sé le linn na deireadh seachtaine. Chabhraigh sé sin ach bhí a lán dochair déanta cheana féin.

Cé nach dtitfidh an comhrialtas, ná baol air, is cinnte go bhfanfaidh an jazz seo i gcuimhne na ndaoine.

Agus céard faoin instealladh? Bhuel, is cinnte go mbogfaidh an taispeántas ón Músaem go dtí Teach Laighean tar éis an 10ú lá. Is cinnte go mbeidh sé sealadach chomh maith. Drochsheans go mbuafaidh McNulty suíochán sa chéad olltoghchán eile.

Le cúig shuíochán sa Dáilcheantar sin, beidh an t-ádh ar Fhine Gael suíochán amháin a choinneáil.