I ngan fhios dúinn

Tá na Sasanaigh ag filleadh go buacach ar a seandúchas féin


I ngan fhios dúinn a tharla an aimsir chaite agus is é ár ndícheall a cheapadh ar ais. I ngan fhios dúinn formhór na haimsire láithrí cé go bhfuilimid i dteaslár a cuid imeachtaí.

Ráinig go raibh mé féin as baile i gcríocha aineoil ar imeall an domhain neamhshibhialta nuair a réabadh an poll trí cheirt na staire.

Bhí mé i mball gan ríomhphost, gan teileafóin, gan teilifís, gan téilics, gan tráchtaireacht raidió ar feadh roinnt laethanta. Bhí an saol go léir ina stad, an domhan ina bhalbhán im thimpeall. D’fhéadfadh an tríú cogadh domhanda féin a bheith ag leagadh na milliún amuigh ansin agus ní chuimileodh liom.

Nuair a tháinig an ráfláil ar an ngaoith go raibh éirithe le Brat Imeacht ní raibh mé i lúib na díospóireachta. Conas a tharla? Cad d’éirigh? Cad a bhí á rá? Cén dóigh ar nocht an oíche chinniúnach?

READ MORE

Dá mbeinn sa bhaile is ródhócha go mbeinn im shuí go moiche na maidne agus thairis ag faire na bputóg. Ach d’imigh go léir tharam, seachas an chaint sa chúinne agus an fear ar an mbóthar.

Nuair a d’fhill an saol – nuachtáin, idirlíon, raidió – bhí mar a bheinn tar éist tuirlingt i mball eile ar fad. Ní faoiseamh ar fad a bhí anseo.

Tá síth agus fothragadh intinne le fáil san áit nach bhfuil teacht ar gheabstaireacht choiteann an lae, san áit nach bhfuil smaoineamh pholaiteora ag cur smál ar an ngrian ná tuairim thráchtaire ag urú na spéire. Ba dhóbair dom tuiscint do mhanaigh sin Sceilg Mhichíl seachas nach beo ar phuifíní ná ar fhulmairí a bhí mé.

B’í Virginia Woolf adúirt gur athraigh an saol “on or about December 1910.” Táthar ag rá gur athraigh an saol ar an 23/4ú Meitheamh 2016, ach is mór é m’amhras.

Tá bríce le baint as dúnphort an Aontais Eorpaigh, bríce a bhí neamhshocair agus guagach riamh. Má ghluais dealbha i mBaile an Spidéil i gCorcaigh tráth, bhí brící na Breataine riamh ag bogadh le corrathóine.

Mar a scríobh John Donne fadó: “Great Britain is an Iland, intire of itselfe; it is not/ a peece of the continent, a part of the maine;/ If all our Clods be washed away by the sea, Europe is no lesse…Aske all you like for whom the Bell tolls/ We don’t agree.”

Bhí siad riamh mar sin. Lean mé go mion an réamhdhíospóireacht agus ba léir cad ba chnag na cúise, croí na faidhbe, an ghearb a bhí á ndó – mar atá, daoine eile.

Nuair a chuaigh Emanuel van Meteren, ar mhangaire Dúitseach é, ar thuras trí Shasana i dtreo dheireadh an 16ú haois, bhreac sé ina chuntas: “The English are…very inconstant, rash, vainglorious, light and deceiving, and very suspicious, especially of foreigners, whom they despise.”

Ní ghéillfinn go saoráideach d’aon léamh simplí steiréitíopach ar chine ar bith, ach nuair a léigh mé ar aghaidh ina chuntas bhíothas ag bualadh isteach im aigne nach raibh rófhada ón spric: “…the most toilsome, difficult, and skilful works are chiefly performed by foreigners”, agus cé déarfadh gur athraigh mórán ón mbliain úd 1575 nuair a scríobhadh na focail sin?

Sin iad go díreach na daoine nach bhfuil le ligean isteach acu, nó níos measa fós, le díbirt. Mura mbeadh na daoine céanna sin, thitfeadh an bhanríocht as a chéile. Nuair a thagann duine isteach is inimirceach é; ach nuair a lonnaíonn Briotanach thar lear – agus tá na milliúin díobh ann – is ex-pat é!

Is ea. Ní cor nua sa tsaol é seo in aon chor. Is amhlaidh go bhfuil siad ag filleadh go buacach ar a seandúchas féin.