Gradam an Phiarsaigh do Sheán Ó Cuirreáin

Aitheantas as ‘céim íobartach’

Bronnadh Gradam an Phiarsaigh 2014 ar an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar ócáid i mBaile Átha Cliath anocht. Dúirt an Breitheamh Bryan McMahon go raibh an gradam “á bhronnadh i mbliana ar dhuine atá tar éis meas agus buíochas mhuintir na hÉireann a thuilleamh de bharr seasamh cróga a ghlacadh. Chinn Seán Ó Cuirreáin ar éirí as a phost mar Choimisinéir Teanga, tar éis 10 mbliana ag cosaint cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Ghlac Seán an chéim íobartach, tromchúiseach seo, tar éis cur síos lom a dhéanamh ar na faillí i bhfeidhmiú chóras na scéimeanna teanga, ar an easpa inniúlachta sa Ghaeilge laistigh den státchóras, agus ar chinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman, mar a bhí beartaithe ag an am.”

Dúirt Seán Ó Cuirreáin féin go raibh sé ag glacadh leis an ghradam “thar ceann na ndaoine sin ar fad a thacaíonn le cearta teanga na nGael. Ba mhaith liom an gradam seo a thiomnú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, go speisialta iadsan ar fad a bhí “dearg le fearg” agus a ghlac páirt sna hócáidí a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath, i gConamara, agus i mBéal Feirste le roinnt míonna anuas”.

Tugann lucht an ghradaim, Fondúireacht an Phiarsaigh, aitheantas gach bliain do dhuine a rinne iarracht le hidéalacha an Phiarsaigh i gcúrsaí oideachais, ealaíne, litríochta, cearta sibhialta, na meáin chumarsáide nó i measc an phobail a chur chun cinn.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times