Gníomhartha grá agus cineáltais

Ní bhíonn grá agus paisean i bpolaitíocht na hÉireann mar a bhíonn sa Fhrainc

"Je vous aime farouchement mes amis," a d'fhógair Emmanuel Macron agus é ag labhairt ar stáitse leis na mílte dá lucht leanúna sa palais i Lyon na Fraince seachtain ó shin.

Tá an feachtas toghchánaíochta d’uachtaránacht na Fraince faoi lán tseoil, agus táthar ag tuar go mbeidh seans maith ag an iarrthóir seo nuair a thagann an toghchán féin i mí Aibreáin.

Ina chaint, luaigh Macron trí ní a sheas leis agus é ag déanamh a shlí ina shaol go dtí an pointe seo – an obair chrua, an t-ádh agus a chairde.

D’aontódh mórán polaiteoirí le tábhacht na nithe sin.

READ MORE

Ach cad é seo faoi ghrá?

Is cinnte go bhfuil an grá i mbéal an phobail na laethanta seo agus Lá Fhéile Vailintín buailte linn.

Ach ní bheadh taithí againn ar a leithéid de dhearbhú ó pholaiteoir anseo in Éirinn:Táim ar mire i ngrá libh, a chairde.

Agus ní grá den ghnáthshórt a bhí á chur in iúl aige ach grá “farouche”, (má chuirimid aidiacht in áit na dobhriartha), ag tabhairt le fios go bhfuil sé splanctha i ndiaidh na vótálaithe !

Cinnte bíonn caint i dTithe an Oireachtais ar ghrá don tír, nó tírghrá. Ach rud eile is ea grá don phobal féin, agus é sin a chur in iúl dóibh – ó bhéal agus go poiblí.

Ach rud amháin is ea grá a chur in iúl i bhfocail, agus rud eile is ea é a chur i ngníomh. Is fusa a rá ná a dhéanamh.

Tógann sé sin sinn go dtí grá de shórt eile, an grá a chuirtear i ngníomh go laethúil, “na gníomhartha grá agus cineáltais” mar a thug William Wordsworth orthu.

Gníomhartha iad seo nach dtugtar mórán suntais dóibh ag an am, gníomhartha beaga, gan ainm, agus ligthe i ndearmad gan rómhoill, “little, nameless, unremembered acts of kindness and of love”.

Is féidir grá den chineál seo a thaispeáint i mórán slite – lámh chúnta, nó cluas éisteachta a thabhairt do dhuine atá in ísle brí.

Cuid mhaith den am, déantar na gníomhartha seo, gan aon ghlór ná fuadar, agus b’fhéidir ar bheagán buíochais.

Is amhlaidh go ‘dtarlaíonn’ siad, gan róphleanáil, go nádúrtha, i bhfad ón stáitse agus ó aird an phobail.

Tarlaíonn siad go mórmhór leis na gairmeacha beatha ina mbíonn an duine ag freastal ar dhaoine eile. Inniu, ar fud na tíre, mar shampla, líonfar an lá le gníomhartha grá sna tithe altranais, sa chúram a thugann an fhoireann don lucht cónaithe.

D’fhéadfaí an tseirbhís a chur ar fáil, ar bheagán grá agus cineáltas, agus fós bheadh na dualgais á gcomhlíonadh (ar pháipéar, nó seicliosta).

Caidreamh

Ach is iad na mionrudaí a dhéanann an caidreamh agus a dhéanann an difríocht, an difríocht idir cúram agus seirbhís.

Baineann an cúram leis an oideachas chomh maith. Úsáidtear an téarma in loco parentis ar bhonn dleathach, chun a thabhairt le fios go bhfuil an múinteoir ag feidhmiú in áit an tuismitheora. Agus bíonn an scoil ar a dícheall timpeallacht slán sábháilte a chur ar fáil inar féidir leis an bpáiste torthaí foghlama a bhaint amach.

Ach arís, ní cur síos iomlán é sin ar a mbíonn ar siúl. Baineann tréith eile le cúram na múinteoireachta, tréith atá deacair a chur i bhfocail, ach atá le haithint láithreach.

Baineann sé le fealsúnacht phearsanta an mhúinteora, sa tsuim agus sa phléisiúr a fhaigheann an múinteoir ón gcomhluadar leis na páistí. Agus is san atmaisféar sin a thagann na gníomhartha grá chun cinn.

Go deimhin féin, tá sé ráite gur beag an éifeacht a bhaineann le teagasc an mhúinteora mura bhfuil an grá ann in áit éigin. Ba é seo an teachtaireacht a bhí ag Paulo Freire, an t-oideachasóir ón mBrasaíl a scríobh Pedagoy of the Heart, saothar inar áitigh sé gurb é atá sa mhúineadh go príomha ná gníomh de ghrá.

Is é an grá an bhunchloch, agus is ina dhiaidh sin a bhíonn an toradh is fearr ar scileanna teagaisc agus stór feasa an oideachais. Chuige sin, bíonn achmainní pearsanta ag teastáil ón múinteoir – achmainní agus tréithe atá le cothú chomh maith ceánna le codanna eile den ghairmiúlacht.

Má fhillimid ar chúrsaí toghchánaíochta, is annamh tagairtí don ghrá in óráidí polaitiúla sa taobh seo den domhan – cé nach mbíonn ganntanas ar na geallúintí!

Ach tá meabhrú sa mhéid thuas go mbíonn grá de shórt eile á chur in iúl go laethúil mórthimpeall na tíre, i bhfad ó na meáin agus an spotsholas, le smaoineamh, le briathar, agus le gníomh – ar Lá Fhéile Vailintín, chomh maith le gach lá eile. Is léachtóir ar Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, é Cathal de Paor