Gliomach Gaelach

Is iad na cumainn a choinníonn an dé sa CLG


Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, a deirtear. Tháinig mé ar ghliomach Gaelach in Abu Dhabi an tseachtain seo caite.

Is iomaí spórt a imrítear sa Zayed Sports City. Is ann a bhíonn Na Fianna, atá ar an bhfód le 20 bliain, ag imirt cluichí Gaelacha.

Bíodh is go raibh díospóireacht ann nuair a bronnadh cearta craoltóireachta ar Sky faoi chluichí Gaelacha a thabhairt do phobal idirnáisiúnta, tá cumainn cosúil leis Na Fianna ag déanamh a ngaisce féin ina gcoirnéal féin den domhan.

Reachtáil Na Fianna comórtas peile inar ghlac 56 foireann, a bhí lonnaithe sa Mheánoirthear, páirt ann Dé hAoine seo caite.

READ MORE

Tá os cionn 800 ball ag na cumainn seo agus tá níos mó ná 20 tír ar fud an domhain mhóir i gceist.

B’fhéidir go bhfuil cluichí Gaelacha níos tábhachtaí don phobal Éireannach in áiteanna cosúil leis an Mheánoirthear mar nach mbíonn mórán deise acu castáil le hÉireannaigh eile ansin.

Ach, chomh maith leis sin, tá siad ag tabhairt na dtraidisiún do phobail nua, do dhaoine nár chuala riamh faoin CLG ná trácht ar Pháirc an Chrócaigh.

An bhliain seo chugainn, tá an chéad chomórtas Chorn Domhanda le reachtáil in Abu Dhabi i mí an Mhárta. Comórtas do 24 foireann as naoi dtír a bheidh ann.

Cloistear go leor faoin pheil chomhrialacha i bPerth agus beidh na himreoirí a chuaigh ar turas na All Stars go Bostún ag tuirlingt i mBaile Átha Cliath maidin inniu.

Cinnte, tá a gcuid féin déanta acu le próifíl na gcluichí a ardú go hidirnáisiúnta.

Ach tá leithéidí Na Fianna in Abu Dhabi á dhéanamh sin freisin ar a mbealach féin chomh maith.

Peil i mBirmingham Ós ag caint ar ghliomaigh mé, tá cleachtadh ag muintir Árann orthu.

Cháiligh siad do chluiche ceathrú ceannais sóisir na hÉireann cúpla seachtain ó shin. I mBirmingham a imríodh an cluiche, in aghaidh John Mitchels Learphoill.

Ní chuireann turais fhada thar toinn go cluichí as dóibh, ach bhí an ceann seo eisceachtúil uilig.

Den chéad uair riamh bhíodar ag dul thar sáile go tír eile.

Bhuail an chuid is mó de na daoine a bhí ag taisteal bóthar, nó tonn, moch maidin Dé hAoine.

Báid, busanna, carranna, eitleáin.

Bhí mé ar an eitilt chéanna leis an bhfoireann Dé hAoine. Bhíodar ag tarraingt airde san aerfort, daoine ag tabhairt suntais do na seaicéid ghlasa agus trí Oileán Árann orthu.

Rinneadh comhghairdeas leo as an éacht a bhí déanta ag foireann bheag as iarthar na hÉireann.

Sheas na meáin ag ceann de na binsí beaga le díon beag os ár gcionn i mBirmingham. Shuigh foireann Árann lenár dtaobh.

Níor díbríodh muid, scaoileadh bóthar linn, rud a d’fhág go raibh radharc againn ar fhoireann bainistíochta le linn cluiche, rud nach dtarlaíonn rómhinic níos mó, faraor.

Páirc mhór, leathan a bhí inti, í faoi scáth na n-eitleán a bhí ag éirí as aerfort Bhirmingham.

Bhí an talamh faoi chois trom, fliuch. B’fhéidir go raibh baint aige sin leis an drochthús a bhí ag Árainn.

Chomh maith leis sin, bhí John Mitchels scafánta, seiftiúil. Bhí a gcuid obair bhaile déanta acu.

Taobh istigh de dheich nóiméad bhí cúl agus trí chúilín acu. Ní raibh tada ag Árainn.

Nuair a fuair Michael Molloy John Mitchels an tríú cúilín, d’fhéach bainisteoir Árann Ciarán Foley i dtreo na bhflaitheas. Imní agus boladh Deep Heat san aer agus Árainn ag cur deiseanna amú.

Ag deireadh na chéad leatha bhí Árainn ag teacht ar ais, a bhuíochas d’Eoghan Póill agus ciceanna saora. An bhrionglóid fós beo.

Labhair mé le roinnt den lucht tacaíochta ag leath ama, ina measc fear as Inis Mór a bhí ag cur faoi i Huddersfield le 39 bliain.

Dúirt sé gur lean sé an fhoireann ó bunaíodh í ach gur cheap sé go raibh a rás rite an lá sin.

Agus é ag caint, bhí eitleán de chuid Emirates ag dreapadh sa spéir. Dúirt sé go gealgháireach gur uirthi a ba cheart do na himreoirí a bheith, dá mbeadh ciall acu. Ní thógfaí orthu é.

Choinnigh Árainn greim i bhfad níos fearr ar John Mitchels sa dara leath. Ach ní raibh sé i ndán dóibh. “Chruthaigh muid cnoc a bhí ró-ard le dreapadh,” a dúirt Ciarán Foley, “agus bhí an fhoireann eile rómhaith. Sin spórt.” Cúig chúilín a bhí eatarthu sa deireadh.

Agus foireann Árann ag imeacht den pháirc fuair siad bualadh bos mór ón lucht tacaíochta a rinne an turas fada leo. D’ardaigh foireann Oileáin Árann a gcuid seolta don uair dheireanach i mbliana.

B’fhéidir nár aimsigh siad an gliomach mór ach tá a fhios acu cá bhfuil sé anois.