Glúin nua aisteoirí ar stáitse in Ard Mhacha

Ghlac mé féin páirt i gcúpla dráma mar aisteoir amaitéarach. Ní raibh maith ar bith ionam. Is mó tallann aisteoireachta sa tábla sin romhat ná i mo chnámha féin.

Ach rinne mé mar a dhéanann gach aisteoir amaitéarach – maith, olc nó measartha – sheas mé san áit ar dúradh liom seasamh; dúirt mé na línte a tugadh dom.

Tháinig mo chuid iarrachtaí aisteoireachta chun cuimhne an tseachtain seo caite agus mé i láthair ag Craobh Fhéile Scoildrámaíochta Uladh in Ard Mhacha. Bhí scoileanna ann ó Dhún na nGall, Aontroim, an Dún, Ard Mhacha agus Muineachán. Páistí óga as gach cearn de Chúige Uladh – páistí as Gaeltacht Dhún na nGall, páistí as bailte Lár Uladh, páistí as cathair mhór Bhéal Feirste.

Sheas siad san áit ar dúradh leo seasamh agus dúirt siad na línte a tugadh dóibh – ach bhí siad i bhfad ní b’fhearr ná mise! Bhí Balor agus Harry Potter ann; bhí banríon agus draíodóir Oz ann agus bhí Shrek agus Charlie na seacláide ann. Bhí feisteas orthu agus folt breige agus smideadh. Bhí amhráin agus cleasaíocht ann.

READ MORE

Ní raibh teorainn ar bith lena raibh ann; ní raibh eagla ar na haisteoirí óga a chonaic mé tabhairt faoi na páirteanna a bhí acu agus 16 dráma a bhí ar stáitse le linn na féile, iad cóirithe ag múinteoirí díograiseacha.

Bí ag caint ar ardú meanman; bí ag caint ar chultúr beo. 80 bliain atá an comórtas seo drámaíochta ann. 80 bliain de spreagadh agus de shamhlaíocht. De réir eagraithe na hócáide bíonn breis agus 10,000 páiste páirteach i bhFéiltí an Chumainn Scoildrámaíochta gach aon uile bhliain agus lucht meánscoile agus bunscoile a ghlacann páirt iontu.

Cinnte, ná déanaimis dearmad den obair chrua, den dua, den tuirse a bhaineann le hócáidí den sórt seo a eagrú. Ná déanaimis paidir chapaill de go bhfuil an teanga slán acu de bharr na hoibre. Cá bhfios cad é atá i ndán do na páistí seo agus cúrsaí Gaeilge amach anseo?

Is leor agus is fíor a rá go ndearna siad níos mó le cultúr na hÉireann a shaibhriú ná mar a dhéanann mórán polaiteoirí agus tráchtairí.

Moltar muintir Ard Mhacha as a gcúram den fhéile; moltar na haisteoirí; moltar na múinteoirí agus moltar an moltóir, Pádraig Ó Maoltuile, as a chuid eolais agus taithí a roinnt leo.

Oideachas agus ealaín lámh ar lámh. Ba leor é leis an aisteoir is measa in Éirinn a spreagadh chun stáitse arís. Bhuel, chóir a bheith!

PÓL Ó MUIRÍ

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times