Gineann gearrscéal gearrscannán i nGaillimh

Native is ainm don ghearrscannán nua le Linda Bhreathnach. Bunaithe ar ghearrscéal, H91 Arís, a scríobh a deirfiúr Bridget don iris Comhar atá an scannán. (Cé a dúirt go raibh deireadh le héifeacht an ghearrscéil Ghaeilge?) Imirce, filleadh abhaile, uaigneas agus áilleacht an tsaoil a phléitear sa scannán seo.

Deirim ‘pléitear’ ach is é fírinne an scéil é nach bhfuil caint ar bith ann. Is é an t-aisteoir Patrick Bergin – fear Sleeping with the Enemy agus Patriot Games – an t-aon aisteoir atá le feiceáil, beagnach. Bíonn sé le feiceáil ó thús deireadh agus, bíodh is nach labhrann sé os ard, aithníonn tú ar a ghnúis na mothúcháin atá in iomaíocht ina anam istigh.

An t-aisteoir Seán T. Ó Meallaigh atá i mbun chúrsaí grianghrafadóireachta agus déanann sé jab ar dóigh de. Lena chois sin, tá scór breá nua ceoil leis an cheoltóir Chatalónach, Moisés Mas Garcia, ann.

Is í Linda Bhreathnach féin a chóirigh an scéal don scáileán agus a stiúraíonn agus Marina Yournell Donahue a chomhléirigh an saothar léi.

READ MORE

Is é seo an dara scannán ag Breathnach. Bhí an chéad scannán dá cuid, Adulting, le feiceáil ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anuraidh.

Beidh Native le feiceáil den chéad uair ag an fhleadh chéanna in Amharclann na Cathrach, Gaillimh, Dé hAoine, 14ú Iúil, ag 10 a.m. Eolas: galwayfilmfleadh.com

PÓM

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times