Giap, saoirse agus sinne go léir

Tá na Vítneamaigh le moladh as saoirse a bhaint amach

Tráth dá raibh, chaith mé tamall ag gluaiseacht trí chríocha an ghaineamhlaigh ar an taobh ó dheas den Sahára.

Is beag áit is diamhaire ar domhan ná an gaineamhlach, in ainneoin gurb é dath na doinne mórthimpeall an dath is leimhe faoin ngrian. Ina choinne sin, bhí draíocht ag baint leis na maoileanna maola gainimh a chífeá uait ar íor na spéire a d’athródh crot is deilbh de réir mar a chuaigh tú i ngar dóibh; an tulach a bhí romhat san oíche, bhí gafa ar shiúl an mhaidin dár gcionn.

I gceann de na críocha sin i ndeisceart Mali tháinig mé ar bhialann i lár an fhásaigh. Duine, ní áirím deoraí, ní raibh le feiscint soir ná siar, ach fós bhí an bhialann bheag seo ina seasamh léi féin chomh soiléir le píob uillinn i measc fidléirí.

Fear agus bean a bhí i mbun na háite agus gach saghas ríse ar chlár an bhia fara pé créatúir feola a raibh teacht orthu. Toisc gan aon fhocal den teanga Hausa a bheith agam agus a raibh de Fhraincis an ghaineamhlaigh ina plobarnach pluc im bhéal ní rabhas in ann comhrá ar bith a choinneáil leo.

READ MORE

Níor dheacair a thuiscint, áfach, gur Vítneamaigh ba ea iad.

Níor dheacair a shamhlú ach oiread gur bheirt ba ea iad a bhí ag teicheadh ón slad ina ndúiche féin, beirt ar dócha a thaobhaigh leis na Francaigh sa chogadh concais in aghaidh a muintire ach a thug na cosa leo nuair a mhúscail an tír.

An oíche chéanna, d’fhan mé le beirt Mheiriceánach i mbaile beag roinnt mhílte slí ón mball sin, agus teifigh ba ea iad sin chomh maith céanna. Teifigh ón gcoinscríobh a chuir rialtas na Stát Aontaithe i bhfeidhm chun a thuilleadh fodair de shaighdiúirí a sholáthar san ionradh a dhein siad ar Vítneam i 60í na haoise seo caite. B’ait mar a d’fhág cogadh sin Vítneam a chló beag féin ar dhaoine i gcúinne iargúlta san Afraic; ach ba chogadh é ba leithne ina impleachtaí ná ceann ar bith eile ó dheireadh an chogaidh mhóir bharbartha nuair a chloígh an tAontas Sóivéadach arm na Gearmáine.

Deirtear gurbh é bua na Seapáine ar an Rúis sa bhliain 1905 an chéad uair a bhfuair arm de chuid na hÁise an ceann is fearr ar ollchumhacht Eorpach le cúpla céad bliain roimhe sin.

B’í an díbirt a dhein saighdiúirí phoblacht na hÉireann ar arm Shasana an chéad stróiceadh i mbrat mór righin impireacht na Breataine go gairid dá héis.

Arm oifigiúil faoi lántrealamh tionsclaíoch ba ea slua na Seapáine; agus treallchogaithe a chaith piléir as faoi chúl sceiche ba ea óglaigh na hÉireann.

Bhí de dhifríocht ag na Vítneamaigh, áfach, gurbh iad an chéad dream riamh iad a ghluais ó bheith ina n-óglaigh gan oiliúint ina ngiobail bhochta go bheith ina arm seasta comhghnásach a chuaigh i ngleic le himpireacht de chuid an Iarthair agus a thug pleancadh dóibh ar an mblár oscailte.

B’é bás an Ghinearáil Vo Nguyen Giap a d’imigh uainn an tseachtain seo caite in aois a 102 bhliain a spreag an machnamh seo. Bhí sé ar dhuine de na cinnirí míleata ba mhó dá raibh – riamh.

Tá baoth go maith comórtas léig peile a thionscan d’fhonn an ceannasaí cogaidh ab fhearr i dimthriall na staire a mheá; óir is iad na saighdiúirí is mó a dhéanann an troid, agus is iad na sibhialaigh is mó a ghabhann don bhás.

Is contúirteach, leis, an iomad glóire a thabhairt do ghinearál ar bith, mar ba bharbaraigh gan trócaire a bhformhór go fiú is má bhí siad cineálta lena bpeata cait.

Ina choinne sin thall, mura mbeadh Charles Mantel agus a chomplacht sa bhliain 732 is róbhaol go mbeadh hijab á chaitheamh ag formhór de mhná na hÉireann agus gur moscanna d’Allah in ionad tithe an phobail a bheadh i ngach aon pharóiste. Mura mbeadh oirbheartaíocht Georgy Zhukov bheadh fórsaí faisisteacha lonnaithe i bpríomhchathracha na hEorpa chun na farraige siar.

Cén rogha a bhí ag muintir Vítneam? D’iarr siad go deas ar lucht a ngabhála imeacht, ach ar chúis éigin nach dtuigim, ní imeodh.

Throid siad i gcoinne na bhFrancach agus na Seapánach agus na bhFrancach arís, agus mar bharr air sin, b’éigean dóibh fulaingt faoi ollionsaí na Stát Aontaithe, an impireacht ba chumhachtaí ar domhan. D’fhulaing siad an bhuamáil ba thréine riamh i stair an chine dhaonna rud a ghnóthaigh Duais Nobel na síochána do Henry Kissinger; dódh le gás nimhneach is le hairm cheimiceacha iad, scriosadh a mionbhailte, rinneadh ár ar fhir, mhná is pháistí.

Fós ba leo an lá ar deireadh. Is beag eachtra i gcúrsa na haoise seo caite ba chróga na scéal Vítneam. Siombail lonrach den eachtra sin ba ea Vo Nguyen Giap nár cheart é a dhearmad.