Geimhreadh guagach

Is iomaí sin dúshlán agus deacracht atá roimh an Rialtas


Tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh Geimhreadh guagach romhainn.

Inniu agus an chéad chruinniú tar éis saoire an tSamhraidh ag bord an Rialtais beidh siad ag plé na ndúshlán atá rompu agus gan amhras beidh an eacnamaíocht agus cáinfhaisnéis na míosa seo chugainn ar bharr an liosta agus teannas idir an dá pháirtí faoin rogha is fearr, arduithe pá nó athruithe sa chóras cánach.

Le ceannaire nua ar an Lucht Oibre beidh a lán le cruthú aici rud a chuirfidh go mór leis an teannas.

Ní féidir leo, áfach, neamhshuim a dhéanamh den aeráid thionsclaíoch nó bainfidh sé barra thuisle astu gan trácht ar an bhfadhb a bhaineann le tithíocht agus an ganntanas tithe sna cathracha.

READ MORE

Anois agus muid ag ceiliúradh 20 bliain ón chéad sos comhraic sa Tuaisceart ní mór dóibh freisin iarracht shuntasach a dhéanamh chun an próiseas síochána a thiomáint ar aghaidh.

Tá an próiseas síochána marbhánta. Ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht níorbh é an chloch ba mhó ar a bpaidrín agus b’amhlaidh freisin le príomhaire na Breataine.

Ní raibh an dlús céanna le suim na Stát Aontaithe ach oiread. B’fhéidir go mbeadh éifeacht ag Bill Clinton arís ar an scéal, d’áitigh sé le déanaí ar an dá rialtas an jab a chríochnú.

D’fhéadfadh an tAire nua Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, ainm a dhéanamh dó féin dá dtabharfadh sé faoin ngné seo dá chúram le brí agus le fuinneamh nach bhfuil feicthe againn le tamall.

I rith an tSamhraidh bhí a lán cainte faoin téarnamh san eacnamaíocht agus an deis a thugann sin chun an déine a mhaolú.

An Muirear Sóisialta Uilíoch an rud is mó a ghoilleann ar cháiníocóirí óir íocann chuile dhuine é. Is léir go dtuigeann an Taoiseach agus an Tánaiste sin agus iad ag trácht ar é a chur ar ceal thar thréimhse cúpla bliain.

Tá leid tugtha ag Michael Noonan, an tAire Airgeadais, go mb’fhearr leis na bandaí cánach a leathnú ionas nach mbeidh daoine ar phá sách íseal ag íoc an ardráta cánach.

B’fhéidir le táillí uisce anois ar na bacáin nach mbeadh aon phingin bhreise ag cáiníocóirí ach comhartha a bheadh ann go bhfuil an déine ag teacht chun críche. Caithfidh an Rialtas a bheith cúramach, áfach, gan an iomarca a scaoileadh as an sparán in iarracht vótaí a cheannach sa chéad olltoghchán eile, ní amadáin iad na vótóirí.

Tá raic thionsclaíoch ag dúidineacht in Iarnród Éireann le fada, bhí a leithéid freisin i mBus Éireann agus is minic a bhíonn aerthaisteal buailte ag stailceanna in Aer Lingus.

Toisc go ngoilleann stailceanna iompair ar líon mór daoine in aon turas bíonn siad níos feiceálaí agus níos achrannaí.

Maíonn an Rialtas nach mian leo a ladar a chur sa scéal, gur fearr an idirbheartaíocht a fhágáil faoin Chúirt Oibreachais agus an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais. Fós féin tá an tAire nua Paschal Donohoe, mar a bhí Leo Varadkar roimhe, ag bagairt ar na hoibrithe go gcaithfidh siad socrú a dhéanamh nó go gclisfidh ar an gcomhlacht.

Is léir go bhfuil géarchéim i gCóras Iompair Éireann ach ní haon chabhair iad na bagairtí sin, cuireann siad leis an teannas tionsclaíoch.

An tinneas cinn is mó don Rialtas ná an idirbheartaíocht faoi thuarastal Dhochtúirí Comhairleacha agus moltaí maidir le pá-scála nua.

I rith an tSamhraidh dúirt dochtúir liom go ndearna Dochtúirí Comhairleacha Sinsireacha an cineál céanna socraithe a rinne muinteóirí, pá níos ísle dóibh siúd ag tosnú amach sa ghairm.

Má éiríonn le Cumann Leighis na hÉireann na socruithe sin a chur ar leataobh anois beidh éilimh ó mhúinteoirí óga agus seirbhísí poiblí eile agus ní rithfidh Socrú Bóthar Haddington go dtí 2016 dá bharr sin. Mórdheacracht a bheadh ansin.

Nuair a thit an tóin as margadh na dtithe agus as an tionscal tógála dúirt fear amháin ón ngnó sin liom go mbeadh ganntanas tithe taobh istigh d’achar gearr.

Bhí mé ag gáire faoi san am óir síleadh go raibh stoc i bhfad rómhór de thithe tógtha. Tá stoc le spáráil i mbailte tuaithe ach tá na cathracha i gcruachás agus daoine in adharca a chéile faoi thairiscintí. Bhí gasumpáil imithe as faisean ach tá sé ar ais agus daoine anois ag déanamh tairiscintí iomaíocha fiú faoi thithe ar cíos i mBaile Átha Cliath.

Le praghsanna ag dul in airde arís agus an líon atá gan dídean ag méadú ní féidir an cruachás a chur ar an méar fhada a thuilleadh.

Ní pleanáil don cháinfhaisnéis amháin atá ar siúl. Gan fágtha ag an Rialtas seo ach bliain go leith ar a mhéid tá súil ag an dá pháirtí ar olltoghchán. Is cinnte go bhfuil na cúlbhinseoirí ag díriú ar an gcath áirithe sin agus iad ag súil tar éis trí bliana go leith de dhéine go bhfuil maolú in ann agus go mbeidh siad in ann leas a bhaint as sula dtéann siad os comhair na ndaoine arís.