Galar na gcás

Is ar ár nguaillí féin, ar ár mbéil féin, ar ár n-iarrachtaí féin, atá an Ghaeilge ag brath


Mé ag guairdeall i réigiúin an aerfoirt is mé ag léamh na dtreoracha is ag déanamh mo mharana; mé ag rá liom féin go mba shuntasach is go mba bhreá an dátheangachas a bhí ar na comharthaí i mo thimpeall.

‘Tolglann Eitiltí’, ‘Pointe Cabhrach’, ‘Teileafón Cúirtéise’, ‘Leithreas Inrochtana’, ‘Go hAerárthaí’, ‘Eitiltí Amach go Críochfort 2’, ‘Ardaitheoirí chuig Réamh-Imréiteach SAM’, ‘Láthair Chaite Tobac’, ‘Rialú Pasanna’. Gaeilge á foghlaim ar mo shocracht agam.

Bhíos théis achar a chaitheamh ag cur scrúdaithe i Labhairt na Gaeilge ar scoláirí thríú leibhéal. Mic léinn ollscoile a bhí ar thairseach céim sa Ghaeilge a bheith acu ach go raibh cás orm fúthu; teailí díofa ar tí tosaithe ag múineadh Gaeilge. “Ag dul amach ag clubáil dhuit céard a dhéanfá mar réiteach?” “Dá mbeifeá le cupán tae a ullmhú dhuit fhéin, céard a dhéanfá?”

“Ná bac an Modh Coinníollach,” a dúrthas liom, “an dream óg, a Phádraic, ní bhaineann coinníoll ar bith leo!”

READ MORE

Tuigim, ar ndóigh, nach é an Modh Coinníollach ná na hAimsirí atá ar na comharthaí san aerfort, ar na comharthaí ar na siúltáin sna hospidéil ná i nguth soilbhir Dhoirinn ar an LUAS is í ag áireamh na stadanna. Ach go bhfuil an Ghaeilge ann.

“Tá,” a dúrthas liom, “don té a fheiceann is a chloiseann í!”

Gur chuimhnigh mé ar litir a léigh mé le gairid sa pháipéar nuaíochta seo ag fear a d’admhaigh go mb’fhada é ag breathnú ar chluichí rugbaí ar TG4 ach bíodh is an tráchtaireacht ar fad i nGaeilge fós féin nach raibh an téarma Gaeilge ar “try” ar eolas aige.

Iad seo a thaistealaíonnn ar an traein idir Corcaigh is Baile Átha Cliath, an mó duine díofa ar eol dó cén baile é Cúil an tSúdaire? Cé go mbíonn sé á rá go hard agus le feiceáil beo ar an solas leictreonach i mBéarla is i nGaeilge ar feadh an turais!

An té a thaistealaíonn ar thraein ar bith – thuaidh, theas, thoir ná thiar – agus a ghabhann chun leithris uirthi, an feasach é céard is brí le “scaird”?

Na múinteoirí nua óga seo a bheas ag dul isteach sna scoileanna ar ball, gan an Aimsir Chaite ná an Aimsir Láithreach acu, gan trácht ar an Modh Coinníollach, cén toradh a bheas ar a gcuid oibre? Misním mé féin ag rá go dtiocfaidh feabhas orthu nuair a chuirfear faoin gcuing iad.

“Is amhlaidh a éireos go leor acu níos measa!” a dúrthas liom.

Chuimhnigh mé ar ráiteas a rinne páiste liom: “My teacher cannot speak Irish, she just teaches Irish, she reads it out of a book!”

Tig linn a bheith ag caitheamh anuas ar údaráis. Orainn féin, ámh, pobal na tíre, atá an locht is mó. Tá neart dea-mhéine sa phobal i leith na Gaeilge, daoine ag rá chuile lá gur álainn an Ghaeilge a chloisteáil, go gcuireann an Ghaeilge ardú croí orthu, agus go gceapann siad gur leor sin mar iarracht.

Nuair a sheol Aire Stáit Luaithreach Angela, dúirt sé, sa darna teanga oifigiúil, an t-aon teanga a bhí aige, go raibh dóchas aige go spreagfadh an t-aistriúchán sin ar leabhar chomh tábhachtach, daoine le Gaeilge a fhoghlaim. Cé go mba léir nach ndéanfadh seisean sin.

Nuair a seoladh i Nua-Eabhrac é bhí dalladh daoine thall a thuar go músclófaí réabhlóid foghlama Ghaeilge sa bhaile.

Cáinimis an Rialtas siúráilte. Is cóir brú a chur. Mura gcuirtear, faoi mar atá déanta ag leithéidí Phádraig Uí Laighin, ní thabharfar gradam don Ghaeilge ná ní chuirfear comharthaí is treoracha in airde go poiblí. Ach bíodh a fhios againn gur ar ár nguaillí féin go háirid, ar ár mbéil féin, ar ár n-iarrachtaí féin, atá an Ghaeilge ag brath. Leanfaidh an Rialtas, leanfaidh polaiteoirí, má fheictear dóthain tairbhe dóibh féin a bheith ann.

Ach mura mbí dóthain den phobal sách gníomhach, agus mura spáintear toradh fóintiúil a bheith ar a bhfuil curtha i gcrích, is go drogallach a thiocfaidh tuilleadh cúnaimh is bairr.

Theastódh, le toil an phobail, go ndéanfaí Gaelscoil as chuile bhunscoil. Ar leor sin? Fear na litreach thuas faoin rugbaí scríobh sé freisin, ag taisteal ar an mbus dó, nár airigh sé riamh gasúir Ghaelscoileanna le Gaeilge eatarthu féin.

Tá éacht déanta cinnte, ámh. Diaidh ar ndiaidh tá céimeanna chun tosaigh chomh maith le céimeanna ar gcúl á dtógáil. Míorúilt curtha i gcrích ar bhealach, sa chaoi is nach bhfuil amhras ar bith orm ná go mbí Gaeilge áirid á labhairt in Éirinn go ceann na gcéadta bliain eile.