Gaiscí teanga fós le déanamh ag an Chumann Lúthchleas Gael

Níl aon teorainn leis an méid a d’fhéadfadh an CLG a bhaint amach ar son na teanga

Dá ndéanfaí suirbhé i measc an phobail le fáil amach cad iad na focail Ghaeilge atá ar eolas acu, chuirfinn geall ná go mbeadh an focal “bainisteoir” gar go maith do bharr an liosta.

Is é an t-aon chúis gurb amhlaidh an scéal ná gur shocraigh Cumann Lúthchleas Gael roinnt blianta ó shin go mbeadh an focal “bainisteoir” le feiscint ar gheansaithe thaoisigh na taobhlíne.

Dá mbeadh an focal “manager” roghnaithe acu is ar éigean a chloisfeá anois Béarlóirí ag rá rudaí ar nós “he’s a good aul’ bainisteoir to be fair to him” beagnach chomh nádúrtha céanna is a chloisfeá iad ag rá rudaí ar nós “I was in the leaba all morning, dying from last night”. Dá ndéanfaí suirbhé eile le fáil amach cad iad na nathanna Gaeilge atá ar eolas ag daoine, níl aon amhras ach go mbeadh “Tá an-áthas orm glacadh leis an gcorn seo” á fhéachaint ag barr na gcairteacha le leithéid “An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas”.

Is de bharr go bhfuil an smacht diamhair seo ag CLG ar shamhlaíocht an phobail go mbíonn lucht na teanga ag súil le níos mó ón eagraíocht ná an focal Gaeilge ar bhib an bhainisteora nó an cúpla focal ar an gclár oifigiúil nó an fháilte roimh chách ar an gcóras fógartha poiblí.

READ MORE

Cé go dtugann CLG stádas agus gradam don Ghaeilge nach mbeadh aici d’uireasa tacaíocht na heagraíochta, níl aon teorainn leis an méid a d’fhéadfadh an eagraíocht a bhaint amach ar son na teanga dá gcuirfidís chuige i gceart. Mar a deir Brian Ó Conchubhair ina sháraiste “The GAA and the Irish Language”, níl an oiread chéanna cumhachta ag aon eagraíocht teanga is atá ag Cumann Lúthchleas Gael:

“None have the popularity, reach, resources, command or profile of the association, nor is any language group, semi-state or voluntary, embedded in Gaeltacht life in the manner of the GAA. No language group rivals it in terms of membership, resources, infrastructure, contacts or capital.”

Faraor, níl CLG tar éis leas ceart a bhaint as an stádas seo riamh chun an teanga a chur chun cinn. Os cionn deich mbliana ó shin, dúirt iar-uachtarán CLG Peter Quinn "the GAA had never realized its potential in relation to the Irish
language" agus ba dheacair easaontú leis an tuairim sin.

Cúis dhóchais mar sin ab ea seoladh mhórfheachtas nua Gaeilge CLG an tseachtain seo caite. Mar chuid den fheachtas, beidh ceathrar de na himreoirí is cáiliúla sa tír le feiscint as seo go deireadh an tsamhraidh ar na scáileáin mhóra ag na cluichí ag spreagadh daoine chun an Ghaeilge a labhairt.

Bainfear leas chomh maith as na meáin shóisialta chun na físeáin spreagúla seo a scaipeadh agus seolfar póstaeir go scoileanna na tíre.

Ní cuimhin liom a leithéid d’fheachtas cheana ag CLG ach is fearr go mall ná go brách agus is ar éigean go bhféadfaí luach a chur ar an dea-phoiblíocht seo ó cheathrar de laochra Gael na linne seo.

Ag seoladh an fheachtais, dúirt uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill go dtabharfadh tacaíocht na n-imreoirí guth “do na Gaeilgeoirí ar fad atá san eagraíocht agus dóibh siúd a bhfuil bá acu lenár dteanga dhúchais”.

Bhí súil aige go spreagfadh an feachtas an óige go háirithe chun an Ghaeilge a labhairt ar pháirc na himeartha. Tá údar lena dhóchas. Mar dá mba bhuachaill nó cailín óg thú agus dá bhfógródh Marc Ó Sé nó Joe Canning ort i bPáirc an Chrócaigh gurbh fhiú duit an Ghaeilge a labhairt is cinnte go gcuimhneofá go géar air. Agus ní gá go mbeifeá i do bhuachaill nó cailín chomh hóg sin ach an oiread.

Roinnt blianta ó shin scríobh an staraí Paul Rouse faoi stádas na Gaeilge i gCLG “the true place of the Irish language within the GAA reflects the position of the language in wider life: official window-dressing, popular disinterest, sporadic enthusiasm…”

Cad atá i gceist leis an bhfeachtas nua mar sin? Tuilleadh den chur i gcéill? Nó racht díograise eile a ndéanfar dearmad air nuair a bheidh an samhradh caite?

Dealraíonn sé go bhfuil coiste Gaeilge láidir faoi láthair ag CLG agus go bhfuil uachtarán ann atá dáiríre faoi aidhm na heagraíochta tacú le cur chun cinn na teanga. Tá sé tugtha faoi ndeara agam le tamall anuas, mar shampla, go mbíonn níos mó ná an cúpla focal fiú ar an gclár oifigiúil ag na cluichí.

Ba bhreá leat a shamhlú nach bhfuil ann ach tús na himeartha agus go bhfuil na gaiscí a ardóidh an croí fós le déanamh.