‘Gaeloideachas do chách’ – an Foras Pátrúnachta

Ba é “Gaeloideachas do Chách” téama na comhdhála a bhí ag an Fhoras Pátrúnachta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Phléigh lucht na comhdhála ábhair éagsúla a bhain leis an earnáil: airgeadas scoile; cosaint sonraí, agus meon scoile san áireamh.

Bhí príomhoidí scoile, baill de bhoird bhainistíochta, ionadaithe ó earnáil na Gaeilge agus ón earnáil oideachais i láthair.

Thug an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, óráid ag tús na hócáide, á rá go raibh cur chun cinn na Gaeilge ag brath go mór ar an chóras oideachais agus go raibh sé i gceist aige béim bhreise a chur air sin.

READ MORE

Mhol sé do lucht na nGaelscoileanna a gcearta teanga a lorg.

Dúirt ardrúnaí an fhorais, Caoimhín Ó hEaghra, go raibh “slua breá i láthair le haoichainteoirí den scoth agus is léir ón aiseolas atá faighte againn gur bhain gach ar tháinig a lán tairbhe as an méid a bhí pléite”.

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta, comórtas atá urraithe i mbliana ag Foras na Gaeilge.

Dúirt Ó hEaghra go raibh caighdeán na n-iontrálacha an-ard agus go raibh duaiseanna ar nós táibléid, fón póca agus Wii buaite ag na daltaí.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times