Gaeil Bhéal Feirste ag iarraidh liú a ligean

Airgead de dhíth le féile a reáchtáil

Tá Gaeil óga Bhéal Feirste ar lorg do chuidithe – agus cúpla euro má tá sé agat.

Tá eagraithe na féile, Liú Lúnasa, ag iarraidh £5,000 a bhailiú faoin Satharn 25ú Meitheamh le féile dá gcuid féin a chur sa siúl sa chathair cois cuain. Tá feachtas Kickstarter bunaithe acu agus bheadh siad buíoch de dhuine ar bith a bheadh in ann cuidiú lena gcuid iarrachtaí sluamhaoinithe.

Is ag deireadh mhí Lúnasa a bheidh an fhéile agus mórán ceoltóirí luaite leis cheana féin, ina measc Bréag agus Gráinne Holland, as an chathair. Eolas: liulunasa@gmail.com nó www.kickstarter.com/projects/1388855691/liu-lunasa-feile-bheal-feirste