Gach aon rud ciúin ar Fhronta an Iarthair

Caid agus cogadh


"Some people believe football is a matter of life and death, I am very disappointed with that attitude. I can assure you it is much, much more important than that." Bill Shankly, bainisteoir Learphoill idir 1959 agus 1974.

Is í an pheil an spórt is coitianta agus is mó a gcuirtear spéis ann sa domhan inniu. Faoin mbliain 1914, fiú amháin, bhí an pheil ag méadú as cuimse mar chluiche nár chuir teorainneacha ná cultúr srian ar a tábhacht.

Céad bliain ó shin, tráthnóna an 23ú Nollaig, 1914, eagraíodh cluiche peile neamhghnách ar thalamh eadrána idir trinsí an Fhronta Thiar in Ypres. Léiríonn litreacha a sheol saighdiúirí na Breataine an ama sin agus nár thángthas orthu ach le blianta beaga anuas, nach finscéal maoithneach a bhí san eachtra sin ach míorúilt a thit amach go fírinneach an lá sin fadó.

Tharla sos comhraic "neamhoifigiúil" idir na saighdiúirí Sasanacha agus a naimhde Gearmánacha an mhaidin chéanna mar ar thosaigh na Gearmánaigh ag canadh Stille Nacht (Oíche Chiúin) agus iomainn eile sna trinsí.

READ MORE

D’fhreagair na Sasanaigh lena n-iomainn féin agus ba ghearr gur cuireadh teachtaire idir an dá arm is gur shocraigh na saighdiúirí ar na gunnaí a chur ina dtost.

Mhaisigh na Gearmánaigh a gcuid trinsí le coinnle agus lóchrainn pháipéir a d’éirigh níos feiceálaí trasna láib an bháis de réir mar a thit an sioc crua is dorchadas na hoíche céanna.

Um thráthnóna an lae sin, shiúil fir an dá thaobh amach ar an talamh eadrána agus chroitheadar lámh lena chéile. Gháir siad agus chaith siad toitíní i dteannta a chéile agus rinneadar malartú earraí chomh maith. Thug na Sasanaigh mairteoil, rum, seacláid agus toitíní do na Gearmánaigh agus fuaireadar san Wurst (putóga nó ispíní), coinneac agus caife mar chomaoin ar na hearraí sin.

Anuas air sin, chuireadar na mairbh sa talamh reoite agus chlúdaíodar le cré iad, slua na marbh aontaithe sa deireadh, taobh le taobh. Sna litreacha a sheol na Sasanaigh abhaile, mhaígh siad go ndúirt na Gearmánaigh, a raibh Béarla labhartha den scoth ag cuid acu, go rabhadar tinn tuirseach den chogadh agus súil acu go dtiocfadh deireadh leis roimh i bhfad. Chaith duine de na Sasanaigh peil amach i measc na bhfear agus tharla an cluiche clúiteach úd.

Is follas anois gur thosaigh níos mó ná cluiche peile amháin agus gur imir buíonta éagsúla cluichí, suas agus síos Fronta an Iarthair, líne a bhí 500 míle ar fad, an tráthnóna suairc sin.

Bhí na húdaráis mhíleata, na deamhain fola, ar an dá thaobh míshásta faoinar thit amach, áfach, agus rinneadar iarracht ar an scéal i dtaobh na saighdiúirí a bheith ag labhairt go cairdiúil lena chéile agus an sos cogaidh gearr eatarthu a chosc.

Is léir anois gur tharla sos cogaidh ó am go chéile sna míonna roimh an Nollaig, 1914, agus nach raibh na heachtraí a tharla lá an chluiche peile sin eisceachtúil amach is amach. Ó am go chéile, socraíodh aonaid choisithe a bhí cóngarach dá chéile an lámhach a stopadh ar feadh tréimhse ama.

Bhí deis ag an dá thaobh sos beag a ghlacadh agus seans ag cúpla duine gluaiseacht idir na trinsí agus iad siúd a bhí leonta go dona, nó marbh, a bhaint as an mbealach.

Ar na hócáidí sin, tharla sé ar uairibh go ndearna na fir cleachtadh aclaíochta, nó tréimhse oibre de chineál éigin, agus iad cinnte nach raibh siad i mbaol ó ghunnaí agus buamaí na namhad.

B’annamh a tharla na sosanna cogaidh sealadacha sin tar éis na bliana 1914 mar gur tugadh orduithe láidre do na fir, ar an dá thaobh, gan aon teagmháil a bheith acu leis an taobh eile. Is i bhfíochmhaire agus i mídhaonnacht a chuaigh an slad agus an fuildoirteadh ina dhiaidh sin agus an gás nimhe á úsáid go forleathan, go háirithe i gcathanna na Somme agus Verdun.

An ghné is sonrúla faoin gcluiche peile a imríodh an tráthnóna úd ar Oíche Nollag,1914, ná líon mór na bhfear a bhí páirteach sa chluiche agus gur eagraíodh an cluiche i lár an lae.

Rinneadh comóradh ar an chluiche peile cáiliúil sin ar 15ú Nollaig na bliana seo i gcathair Learphoill san fhothrach a dtugtar “an séipéal a buamáladh” air, séipéal mór a leagadh chun talaimh sa Blitz i 1941. Tá dealbh nua ann atá mar shiombail láidir na síochána – beirt shaighdiúirí ag croitheadh láimhe lena chéile agus peil ag a gcosa.