Féilte le comóradh a dhéanamh ar chlann an tí mhóir agus ar Dhún Garbhán

Tionólfar Dromana 800 amárach in iarthar Phort Láirge.

Tá clann an tí mhóir suite ar thaobh na hAbhann Móire ag iarraidh daoine a mhealladh chun stair na clainne agus an cheantair a chíoradh agus a cheiliúradh idir an dara agus an cúigiú lá de mhí Iúil.

Is dúiche fíor-álainn stairiúil í seo, ach dúiche atá tréigthe, uaigneach agus dearmadta don chuid is mó den bhliain.

Is dúiche í atá lán oiriúnach don ócáid dheireadh seachtaine seo ag a mbaileofar ar theach mór traidisiúnta na dtiarnaí talún a mhair anseo le 800 bliain.

READ MORE

Bhí na Villiers-Stuarts ina dtiarnaí talún sna Déise – Gaeltacht na Rinne agus an tSean-Phobail san áireamh – ar feadh na gcéadta.

Mar a mhaítear ar shuíomh idirlín an imeachta, ón uair gur bhronn Rí Eoin Shasana tailte iomlána chontae Phort Láirge agus chontae Chorcaí ar shinsear na Villiers-Stuart, Thomas Fitz-Anthony, 800 bliain ó shin, tá 24 glúin de na Villiers-Stuarts agus sinsear na clainne, na Mac Gearailtigh (Fitzgerald) agus na Mac Antainigh (Fitz-Anthony), ag maireachtáil ar bharr na haille sa tigh seo ó shin i leith agus tá líne leanúnach ann gur féidir é a leanúint, a chíoradh agus a cheiliúradh gan aon dua.

I measc na gcuairteoirí ar Dromana 800 beidh an Seanadóir David Norris; beidh an staraí agus an scríbhneoir Robert O’Byrne ag caint ar thithe móra na dúiche; labhróidh an staraí, an Dr Anthony Malcomson, faoi mhná cróga na clainne agus beidh an staraí agus an iar-chraoltóir áitiúil Julian Walton ag scaipeadh eolais ar ghnéithe eile de scéal na clainne.

Beidh turasanna mórthimpeall an tí agus an ghairdín álainn, turas ar Eochaill, turas i mbád ar uisce na hAbhann Móire, dinnéar speisialta i dTeach Bhaile Fhinn, gur comharsa le Dromana an chlann, comóradh ar Chath Áth Mheáin a tharla sa bhliain 1565, agus taispeántas iarsmalainne. Beidh scéalta faoi mhallachtaí, faoi thaibhsí, faoi fhothracha, faoi phlandaí agus faoi sheanchas na habhann agus na logainmneacha.

Lena chois sin, beidh Dún Garbhán ag ceiliúradh 800 bliain a bhunaithe idir an Aoine 3ú Iúil agus an Satharn 4ú Iúil. Baile meánaoiseach atá ann agus tá 800 bliain ann ó bhronn Rí Sheon cairt ar an mbaile. Beidh athachtú catha, cainteanna, siúlóidí staire, féasta meánaoiseach, dráma agus damhsa, ceol agus taispeántais ar siúl thar an deireadh seachtaine.

CATHERINE FOLEY