Frank O’Connor – laoch liteartha

Bhí sé engagé ar shlí nach bhfuil scríbhneoirí na hÉireann faoi láthair

Frank O’Connor. grianghraf: getty images

Frank O’Connor. grianghraf: getty images

 

Tógadh mé le Frank O’Connor. Is é sin, bhí a chuid leabhar sa tigh agus mé ag fás. B’ann dó inár measc.

Is ea, bhí an Faolánach ann, leis, agus Daniel Corkery, leabhar gormchlúdaigh scéalta de na Hounds of Banba nach bhfuair mé riamh aon róbhlas air.

Rud Corcaíoch ba ea an dúil seo iontu, is dócha, scríbhneoirí na cathrach a dheachtaigh an saol i leataoibh ar fad ó shíóga Yeats agus an crapsholas Ceilteach.

Ach díobh ar fad, bhí rud éigin ar leithrigh ag baint le hO’Connor. Bhí an chuma air gur thuig sé daoine beag beann ar theoiricí sóisialta nó polaitiúla. Thuig sé daoine. Thuig sé Éire agus Corcaigh araon, arb ionann iad. Ar seisean.

Bhí m’athair thar a bheith ceanúil ar scéal amháin dá chuid go háirithe, The Majesty of the Law. Scéal é ina dtagann Garda go dtí fear, Dan Bride, a bhfuil cónaí air leis féin in áit éigin faoin tuath. Glacaimid leis gur ball éigin d’Iarthar Chorcaí atá ann.

Bhí eolas maith ag Frank O’Connor ar Iarthar Chorcaí, go háirithe ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus ar cheantar an Ghuagáin, áit a raibh sé mór, agus mór mór le Tadhg Ó Buachalla, táilliúir deisbhéalach an Tailor and Ansty.

Cuireadh leabhar dá chuid geabstaireachta i gcló le hEric Cross sa bhliain 1942, agus cuireadh cosc go grod leis.

Ní hamháin sin, ach gearradh na sleachta a luadh as an leabhar as Tuarascáil an tSeanaid sa taifead oifigiúil ar eagla go dtruailleofaí daoine agus iad á léamh!

Ní féidir nárbh é seo an ponc ba shuaraí íseal ar fad de mheon na cinsireachta a bhí thíos le linn an ama.

Is ón táilliúir féin a chuir O’Connor slacht agus snas agus snoiteacht ar a chuid Gaeilge, agus nuair a d’fhéach sé na goirt ó dheas uaidh, b’fhéidir leis tigh Mháire Bhuí Ní Laoire a fheiscint, file mór na háite.

B’fhéidir go bhfuil tugtha faoi deara agat gur fhág mé The Majesty of the Law i leataoibh na slí uaim.

Tá sin déanta in ómós an scéil. Agus in ómós an ábhair a raibh O’Connor á léiriú dhúinn.

Scéal é ina bhfuil meon na hÉireann, nó níos cruinne fós, meon fhear na hÉireann greanta ann.

Is amhlaidh go bhfuil an Garda tagaithe ar cuairt d’fhonn an fear a ghabháil de dheasca aighnis éigin áitiúil.

Labhrann siad leo faoin aimsir, faoin taobh tíre, faoi ainmhithe, faoin bpolaitíocht, faoi seo is siúd is eile ar ais timpeall is ná leagtar an driosúr, ach focal ní deirtear mar gheall ar chúis na cuairte.

Ar a shlí amach dó, an rothar réidh ullamh aige chun imeachta, tar éis dóibh slán a fhágáil lena chéile, deir an Garda: “I suppose you’re not thinking of paying that little fine, Dan?”

Tá saol na hÉireann ceapaithe ar fad sa mhéid sin aige. An chaint fhánach timpeall agus suas agus siar go sibhialta agus go béasach agus a fhios ag lán na beirte acu go raibh an bior fós le teacht. Bímis ag caint, ach ná habartar faic!

Cuid de chultúr na bhfear, ach de chultúr na hÉireann chomh maith.

Tú ag caint ar an iomáint, abraimis, ach tá gach rud eile ina lúib istigh. Tú féin, do mhuintir, an stair, dóchas as a bhfuil i ndán, do chuid naimhde polaitiúla, an saghas filíochta is ansa leat.

Cód is ea an chaint ar nithe eile ar caint fút féin iad.

Leagan eile, nó b’fhéidir canúint i leataoibh na slí den mhéid adúirt Sean O’Faolain faoi mhuintir Chiarraí, gur ciúnas dá gcuid is ea “an excess of volubility”.

Thuig O’Connor é sin, ar shlí nár thuig aon scríbhneoir eile lena linn.

Agus thuig sé Éire. D’fhoghlaim sé Gaeilge den scoth, fara le Sean agus le Meán-Ghaeilge, shiúil sé an tír (nó ghabh sé ar rothar), mhachnaigh sé ar a raibh ar siúl, ghlac sé páirt ghníomhach i ndíospóireachtaí na linne faoina ainm cleite aitheanta féin, agus faoi ainmneacha eile. Bhí sé engagé ar shlí nach bhfuil scríbhneoirí cúthaileacha na hÉireann faoi láthair.

Nuair adeir Dan, tar éis dó a phíopa a lasadh go mall: “The way it is with me, Sergeant,…I am not.”

Bhí a fhios acu beirt cén chríoch a bheadh ar an mbeart, ach chuaigh siad tríd an ndeasghnáth a bhí riachtanach. Agus is ina dhiaidh sin a fheicimid an spíd agus an fuath agus an naimhdeas a bhaineann leis an dlúthphobal orgánach tuaithe, gurbh fhearr le Dan tamall a chaitheamh sa phríosún seachas fíneáil a íoc, mar thabharfadh san ‘sásamh’ don fhear eile.

Is é seo comhrá na mban in úrscéalta Mháire in aon mhíoltóigín inste amháin, nó níos oiriúnaí fós, Cré na Cille i méaracán.

Fuair Frank O’Connor bás leathchéad bliain ó shin an mhí seo. Má léann tú an scéal seo, léifidh tú tuilleadh.

The Irish Times Logo
Commenting on The Irish Times has changed. To comment you must now be an Irish Times subscriber.
SUBSCRIBE
GO BACK
Error Image
The account details entered are not currently associated with an Irish Times subscription. Please subscribe to sign in to comment.
Comment Sign In

Forgot password?
The Irish Times Logo
Thank you
You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.
The Irish Times Logo
Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.
Screen Name Selection

Hello

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

The Irish Times Logo
Commenting on The Irish Times has changed. To comment you must now be an Irish Times subscriber.
SUBSCRIBE
Forgot Password
Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In

Your Comments
We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.