Forógraí saoirse fud fad na cruinne

Tá saoirse agus neamhspleáchas le ceiliúradh

Taca an ama seo san aois seo caite bhí formhór de phobail an domhain ina ngéillsinigh d’impire amháin nó eile. Ceann de bhuanna iomadúla na haoise sin seo caite is ea gur éirigh le pobail bheaga agus pobail nach raibh chomh neamhlíonmhar sin a máistrí móra a ruagairt.

Seachas iriseoirí baotha áirithe a bhfaigheann a gcuid tuarastail ó nimh na heite deise, agus staraithe nach féidir leo bá a léiriú le daoine nach bhfuil a n-ainm in airde i gcáipéisí oifigiúla, is tearc duine a mhaífeadh nach bhfuil an tSín níos fearr as ó dhíbir siad na hamhais isteach, ná an India ó d’imigh na Sasanaigh, ná an Pholainn ó chúlaigh na Rúisigh, ná Vítneam ó caitheadh amach na Francaigh, na Seapánaigh, na Francaigh arís agus na Poncánaigh.

Nuair is mian le daoine maslaí na táirbhéime a dhiúltú, is minic iad ag cur a gcuid mianta i bhfriotal.

Ní gá don chumhacht cheannais sin a dhéanamh, mar bíonn friotal na ngunnaí acu. Is de shuimiúlacht, áfach, nuair a chromann daoine ar shaoirse a éileamh go
ngabhann siad i muinín foclóir na gcearta daonna.

READ MORE

Ní heol dom cine ar bith le linn éileamh seo na
ceannasachta a déarfadh os ard: "Is mian linn stát a bhunú ina mbeidh níos mó airgid ag na daoine a bhfuil airgead cheana acu; ina mbeidh cead ag caipiteal a rogha rud a dhéanamh; ina maslófar imircigh agus daoine as tír isteach; ina n-uaisleofar saint san airgead mar bhunphrionsabal na beatha..."

Más é sin a tharlaíonn, ní deirtear é, mar tá rud éigin ó aois an pháiste ionainn a thuigeann nár cheart don deartháir is sine slisne níos raimhre den chíste a fháil ná mar a fuair tú féin. Tugtar “ceart” nó “cothromaíocht” nó focal seanfhaiseanta mar sin air i mball éigin.

Cé go raibh forógraí neamhspleáchais pholaitiúla ann i bhfad roimh fhorógra na Stát SaghasAontaithe 1776, chuaigh teanga na saoirse ann go mór i bhfeidhm ar phobail eile.

Ó, is ea, tá’s agam, moladh “life, liberty and the pursuit of happiness” – seachas do sclábhaithe, do mhná, agus do na náisiúin bhunaidh – ach ba dheas mar fhicsean é.

Is fíor gur chuaigh i
bhfeidhm ar Impireacht na Spáinne agus na Poirtingéile i Meiriceá Theaslárnach laistigh de chúpla bliain ionas go dtagaimid ar fhocail ar nós naciones agus pueblos agus ciall dhearfach leo den chéad uair.

Níor fhág sin nach raibh cead ag daoine gorma imirt ar fhoirinn sacair na Brasaíle sna chéad bhlianta úd, ar eagla go gceapfadh an Eoraip gur chuid den Afraic í!

Cuid de theanga Fhorógra na Cásca tá fós mar ráiteas chomh dínitiúil is atá ar fáil. Ráthú sin “saoirse chreidimh, agus saoirse shibhialta, cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach” ba dheacair iad a shárú agus is trua nár cuireadh isteach i gceann éigin de na bunreachtanna againn iad.

Is fíor gur lean smut den intinn chéanna an “Faisnéis Neamhspleádhchuis” ar glacadh léi ag an gcéad chruinniú Dháil Éireann mí Eanáir 1919, a raibh flóisíní breátha ann ar nós “ná raibh riamh de bhunudhas le dlighe Shasana san tír seo acht foiréigean agus calaois”.

Cé gurbh í an stíl seo cearta an duine ba bhun le formhór na bhforógraí
neamhspleáchais atá ar marthain, tá sé suimiúil go bhfuil na cearta sin faoi réir ag na tuiscintí "a bhí ag fáithe Iosraeil" de réir forógra na tíre sin 1948. Tá scoláirí á marú féin á chiallú fós.

Chun a gceart a thabhairt do Haiti ba scorn leo go leor den bhéal bán. Ba í Haiti an chéad tír ar domhan a chuir deireadh le sclábhaíocht de réir dlí, agus is bleaist álainn mhíchuíosach in aghaidh na bhFrancach a forógra féin. Is iad na tíogair iad “atá ag sileadh le fuil”, “náisiún dúnmharfóirí” iad agus i dtreo a dheireadh scaoiltear glam: “Fuath síoraí don Fhrainc!!!!!!”

Cé nárbh fhéidir a leithéid a fhógairt (go hoscailte) inniu i leith iarchumhachta impiriúla, tá seans go mbíonn i gcónaí i bhfolach sa mhuinchille.

Is é a bhíonn i gcuntanós na nAlbanach nuair a bhuann Sasana orthu go minic sa pheil agus sa chluiche
ubhchruthach, ach is mó is réasúnta a n-éileamh féin ar shaoirse pholaitiúil.

D'fhógair scata
scríbhneoirí agus lucht machnaimh ráiteas naoi mbliana ó shin a d'fhéadfadh a bheith ina lóchrann solais do dhream ar bith a mbeadh teanntás acu ar stát dá gcuid féin. Ina measc bhí Iain Banks agus Irvine Welsh agus Alasdair Gray.

Tugtar Forógra Choille Dúin nó The Declaration of Calton Hill air a leagann síos “the preenciples o libeerty, evenlyness, diversity an solidarity” ar a mbeadh stát nua neamhspleách bunaithe. Ba dheacair cur i gcoinne siolla ar bith dá bhfuil ann. Eiseamláir dúinne, leis.

Bítear ag faire!