Fonn fola

Níor léirigh Stroop doilíos ar bith maidir leis na coireanna a rinne sé

Thabharfadh spléachadh ar ábhair díolacháin na siopaí leabhar agus ar an iliomad cainéal teilifíse le tuiscint dúinn go raibh spéis as an ngnách ag pobal ár linne iontu siúd a mba dhúnmharfóirí srathacha iad.

Cad chuige an oiread spéise sa réimse gruama sin? An é go dtuigimid go raibh na daoine sin mar chuid den ghnáthshochaí tráth amháin ach nár aithníomar an t-uafás inár measc?

Ar chúis aisteach éigin áfach, tugtar neamhaird orthu siúd nach meastar iad a bheith as a meabhair nuair a rinne siad na coireanna uafásacha atá luaite leo: na dúnmharfóirí srathacha a mharaigh na céadta agus fiú na mílte daoine, go minic thar tréimhse ama an-ghairid agus ar chúiseanna ciníocha agus eitneacha.

Cad a spreagann daoine chun dul i mbun uafáis agus cén meon a thugann orthu fuath chomh docht a bheith acu do dhaoine eile, fuath atá fréamhaithe sa teoiric nach ann do dhaonnacht na n-íobartach ar chor ar bith – agus nach bhfuil an bheatha tuillte acu fiú?

READ MORE

An Ginearál SS Jurgen Stroop, gan ach sampla amháin a lua. Eisean a bhí freagrach as léirscrios Gheiteo Vársá na Polainne le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Sa bhliain 1949, chuir póilíní rúnda na Polainne easaontóir polaitiúil Polannach darbh ainm Kazimierz Moczarski, fear a mba dlíodóir, iriseoir, agus ceannasaí sinsearach den Fhrithbheartaíocht Pholannach, in aon chillín le Stroop i bPríosún Mokotów i gcathair Vársá.

Ar feadh tréimhse naoi mí, agus an bheirt fhear i bhfoisceacht a chéile ó dhubh go dubh, chinn Moczarski a dhícheall a dhéanamh an oiread eolais agus ab fhéidir leis a fháil ó Stroop i leith na ndúnmharuithe agus na n-eachtraí céasta agus díbeartha (chun na sluachampaí géibhinn) a raibh sé páirteach iontu.

Anuas air sin, bhí spéis faoi leith ag Stroop in óige an tsaighdiúra Ghearmánaigh agus cén spreagadh a bhí aige le bheith ina dhúnmharfóir cruthanta.

Agus an cillín céanna á roinnt acu, d’fhás cairdeas áirithe idir an bheirt fhear sa chaoi gur éirigh Stroop níos oscailte agus níos béalscaoiltí lena iar-namhaid.

Ar na heachtraí ba shuntasaí ar thug Moczarski mionchuntas orthu, bhí an ról cinniúnach a bhí aige i léirscrios Gheiteo Vársá, eachtra uafáis ar maíodh go raibh Stroop freagrach as 60,000 dúnmharú ann.

Foilsíodh toradh na gcomhráite príosúin sin sa Pholainnis ar dtús agus d'aistrigh scríbhneoir darbh ainm Mariana Fitzpatrick an scéal iomlán go Béarla faoin teideal Conversations with an Executioner i 1981.

Ní go dtí an bhliain 1992 agus tar éis thitim réimeas Cumannach na Sóivéide a foilsíodh an téacs iomlán sa Pholainn, gan cinsireacht a bheith déanta air.

Roimh thosach an Dara Cogadh Domhanda, bhí Vársá ina lár-ionad do shaol agus cultúr na nGiúdach sa Pholainn. Ba é an pobal Giúdach is mó san Eoraip é ag an am. Tugann gearrscéalta I B Singer, Duaiseoir Nobel, cuntas an-bhreá ar fad dúinn ar Ghiúdaigh na Polainne.

Idir mí Iúil agus Meán Fómhair na bliana 1942, mharaigh na Naitsithe na mílte daoine laistigh den Gheiteo agus díbríodh na mílte eile go Treblinka mar a cuireadh chun báis níos moille iad. Ar Fhéile Cháisc na nGiúdach, 19ú Aibreán, 1943 a chuir na Naitsithe an léirscrios deiridh i gcrích.

Ar na nithe is tragóidí agus is aistí a fuair Moczarski amach i leith Stroop ná go gcaitheadh a athair agus a mháthair go brúidiúil leis na páistí agus iad go hóg. Ba chuid den tógáil a fuair na leanaí ná go mba cheart an namhaid a ionsaí go fíochmhar agus gan trócaire ar bith a thaispeáint ina leith riamh.

Chuir a mhuintir ina luí ar na páistí agus iad fós go hóg go mba cheart dóibh an dearg-ghráin a léiriú i gcónaí do dhaoine a raibh córas fealsúnach difriúil acu, ina measc Caitlicigh, Protastúnaigh, Marxaigh agus Giúdaigh.

Is follas gur léirigh Stroop neart tréithe síceolaíocha is dual do dhúnmharfóirí srathacha.

Orthu sin bhí an naircisíocht chéanna is dual do choirpigh dá leithéid, féintrua a shamhlaítear leis an síceapatach ar éirigh leis na húdaráis é a ghabháil faoi dheireadh.

Anuas air sin, níor léirigh Stroop doilíos ar bith maidir leis na coireanna a rinne sé; an easpa trua dá íospartaigh, is comhartha suntasach é sin don té a bhfuil claonadh síceapatach orthu.

Ní hamháin sin ach ba dhuine é nárbh fhéidir a iompraíocht a thuiscint, é ar easpa mothúchán daonna.

Chun Stroop na fola a thuiscint, bhí ar Moczarski a bheith ceanúil ar a iar-namhaid, comhbhá a léiriú dó, rud ba dheacair. Bhí air a mheabhrú dó féin gur ag plé le duine daonna a bhí sé, neach a raibh athair is máthair aige mar a bhíonn againn go léir.