Fios nua físe ag TG4 – agus fút atá sé an fhís sin a fhíorú

An fearr leat féachaint ar An Jig Gig nó fís-shruthú a dhéanamh air? An mbreathnaíonn tú ar Comhrá ar réscáileáin ardghléine nó goireas so-ghluaiste? An mbíonn GAA Beo á stóráil ar bhoscaí athsheanma agat? Baineann síorfhorbairt na teicneolaíochta siúl as an lucht féachana, cibé cén margadh, cainéal nó teanga atá i gceist.

Agus is spéis le seirbhísí craolacháin gach eolas faoin lucht féachana atá acu: cé hiad féin, cá bhfuil siad, cén t-am craolta agus cén sórt cláracha a mheallfaidh an líon lucht féachana is mó? Tá fiach ar fhreagraí agus faisnéis iontaofa dá réir.

Ar ámharaí an tsaoil, tá slata tomhais beacht agus bailí i dtionscal na teilifíse le fada an lá chun amas agus sciar cláracha a thomhas go cruinn. Is mór an cuidiú an fhaisnéis seo d’aon duine ar mian leis sceideal a leagan amach a mbeidh tóir air. Ach faisnéis í atá dall cuid mhaith ar chúinsí teanga faraor.

An bhfuil sásamh ag pobal na Gaeilge ar an chraoladh teilifíse a chuirtear ar fáil dóibh? Cuireann muid an cheist seo orainn féin gach seachtain i dTG4. Bíonn muid taobh le faisnéis agus taighde ginearálta ar an lucht féachana ó TAM Ireland agus áis luachmhar atá ann. Foilsítear achoimre rialta ar phríomhthorthaí an taighde sin ar láthair idirlín TG4.

READ MORE

Cuirtear spéis sna torthaí, bíonn fáilte roimh fhiosruithe i gcónaí agus leanfar den obair sin. Déantar áireamh ar an phobal trí chéile san taighde leanúnach seo agus is cinnte go n-aimsítear sciar áirithe de thuairimí phobal na Gaeilge sa tsampláil ach níl bunús teanga leis.

Toisc nach ndéantar scagadh teanga sna suirbhéanna seo fágtar ar thrá na tuairimíochta go minic muid. Dá thaitneamhaí agus dá spéisiúla mar ábhar plé é ní leor é in éagmais fios cinnte a bheith againn ar mhianta an chroíphobail fhéachana.

Géaraíonn ar an dúshlán nuair atá sceideal seirbhíse mionteanga i gcoimhlint leis an chuid is fearr de chraoladh teilifíse mórtheanga, sa mhargadh is mó a bhfuil iomaíocht ann san Eoraip. Ba cheart a bheith cinnte go bhfuil éileamh agus tóir ag an lucht féachana le Gaeilge ar chraoladh Gaeilge TG4. Luíonn seo le misean an chainéil, le luach ar chaiteachas poiblí, le ciall cheannaithe.

Baineann luach áirithe le saintaighde aonuaire agus tá a leithéid déanta cheana ag TG4 i gcomhar le IPSOS MRBI ach ní dhéanann seo ach áireamh ar ala na huaire ar mhianta an lucht féachana. Ní miste a thabhairt san áireamh na hathruithe teanga sa Ghaeltacht chomhaimseartha freisin. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de chumas teanga cuiditheoirí suirbhé fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre atá againn.

Agus ní scéal simplí staidrimh é sin ach oiread mar tá athruithe i gcaitheamh an ama ar dháileadh limistéarach cainteoirí. An té a mbeadh spéis aige san fhaisnéis is reatha ó Dhaonáirimh 2011 ar dhá thaobh na Teorann bheadh lón machnaimh aige. Breis agus 66,000 cainteoir Gaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht de réir na faisnéise is deireanaí ó Dhaonáireamh 2011.

Más fíor don fhoinse chéanna, tá breis agus 265,000 cainteoir Gaeilge ag cur fúthu i mbailte a bhfuil 10,000 duine ina gcónaí iontu. Deirtear linn freisin gur tháinig ardú 44 faoin gcéad ar rochtain seirbhísí leathanbhanda i dtithe príobháideacha idir 2006 agus 2011. Tá ceangal leathanbhanda ag 65 faoin gcéad de thithe príobháideacha sa Stát anois.

Tuairiscítear ar Dhaonáireamh Thuaisceart Éireann 2011 go bhfuil cumas éigin ag 11 faoin gcéad de phobal Thuaisceart Éireann sa Ghaeilge agus tá 20 faoin gcéad den phobal seo idir 12-15 bliain d’aois.

Tionchar an chórais oideachais, gan dabht, ach tuar dóchais san am céanna agus leide dúinn gur cheart fiafraí an bhfuil a leithéid de neach ann anois agus cainteoir tipiciúil Gaeilge? Céard iad na bealaí is fearr le freastal sceidil a dhéanamh ar an éagsúlacht seo sa phobal teanga agus cén dóigh a ndéanfar an t-éileamh a thomhas feasta?

Ní mór mionfhaisnéis a bhailiú ar fud oileán na hÉireann má tá fúinn freagraí a fháil ar na ceisteanna sin. Chuige sin an comhfhiontar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá anailís bharantúil a bhfuil bunús teanga léi de dhíth orainne agus ar an lucht féachana. Baileofar eolas ar bhealach éifeachtach, eolaíochtúil agus thar aon ní eile cuirfidh muid muinín sna torthaí mar beidh a fhios againn go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, pé áit in Éirinn iad.

Tá sé in am scagadh cruinn a dhéanamh ar phátrúin fhéachana lucht labhartha na Gaeilge. Cuirimis tús le Fios Físe. Cuirtear cuireadh ortsa clárú don phainéal ach cuairt a thabhairt ar: www.fiosfise.ie

Ardstiúrthóir TG4 é Pól Ó Gallchóir