Fios gach feasa sna figiúir

Geataire dóchais is ea an ardlitearthacht; is tír litríochta agus focal agus filíochta sinn


Tá siad chugainn arís, na figiúir!

Tugtar le fios dúinn gur gach trí bliana a bheathaíonn siad na ríomhairí, gur gach trí bliana a sheilítear amach toradh a maistrithe. Taibhsíonn domsa gur gach cúpla mí a dhéantar iad, ach b’fhéidir gurb í an chabaireacht shíoraí is cúis leis sin.

Na tástálacha seo Pisa is ea atá i gceist agam, an Performance of International Student Assessment (nó an Clár um Mheastóireacht Idirnáisiúnta Daltaí, CUMDI, más fearr leat).

Déantar scrúdú ar dhaltaí scoile 15 mbliana d’aois sa litearthacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht go hidirnáisiúnta d’fhonn a gcur suas is anuas lena chéile. Tá tuairim agam nach iad na múinteoirí ranga a dhéanann seo ar nós mar atá molta don Teastas Sóisearach.

READ MORE

N’fheadair aon duine cén fáth sin?

Níor cheapas riamh go mbeinn im Gharret Fitzgerald ag pislíneacht os cionn figiúr, ach uaireanta is gá tarraingt orthu nuair nach léir gur féidir dul i bhfeidhm ar uimhirchloigne ar shlí ar bith eile.

Is é a léimeann amach as an scéal agus a thugann paltóg sa phus duit ná go bhfuilimid ar uimhir a trí i gcomórtas seo na litearthachta de chuid tíortha an OECD (nó EUFEC más fearr leat fós é sin), is é sin de na tíortha is saibhre ar domhan.

Nár dhóigh leat go gcuirfeadh an méid sin eolais gliondar croí agus sclimpíní scairte ar an Roinn Oideachais, Scileanna, Eolaíochta, Ríomhaireachta, Teicnifhaisnéise nó pé teideal atá ar an áit inniu?

B’fhéidir gur chuir, ach níorbh é sin an port a sheinn an tAire nach bhféadfadh a ghob a oscailt gan a rá go gcaithfí treise a chur leis an matamaitic agus leis an eolaíocht.

Nár cheart an gaisce seo, curadhmhír seo na foghlama, seaimpíneacht chré-umha an domhain fhorbartha a chomóradh le hósananna agus le puilliliúna agus mo chuacha sinn?

Nár cheart a admháil go lom oscailte neamhleithscéalach go bhfuil éacht déanta ag daltaí, ag teaghlaigh, agus ó, sea, ba dhóbair dom iad a dhearmad, ag na múinteoirí sin a bhfuil an saol agus a thuismitheoirí anuas go fíochmhar orthu?

An é go bhfuil crith chloiginn agus anbhá intinne orthu go n-éileodh seo aitheantas a d’éileodh meas a d’éileodh pinginí beaga sa bhreis nó seicilí suaracha nó tuistiúin thanaí?

Ar an lá céanna sin gur nochtadh an scéal míorúilteach maith seo foilsíodh léigeanna táblaí lofa na hardteistiméireachta. Iad leata ar fud na nuachtán ionas go bhféadfadh gach duine a bheith ag gliúcaíocht orthu mar dhéanfaí trí pholl na heochrach i ndrúthlainn.

Ó sea, bhí a fhios againn a raibh fhios againn a mbíonn fhios againn gurb iad na scoileanna saibhre is mó a bhaineann an fómhar agus na daltaí faoi bhuntáiste faoi bhuntáiste.

Ní hé sin is measa, áfach, ach an mheabhair a bhaintear astu. Is é sin, gurb í aidhm an oideachais mic léinn a sholáthar don ollscoil; agus gurb í is scoil éiritheach ann ná scoil a sheolann 150 faoin gcéad dá gcuid daltaí thar gheataí tríú leibhéil isteach.

Níos measa fós arís eile, ná nach leor anois mar chomhartha an méid sin féin: ní foláir daltaí a sholáthar do na cúrsaí ardéilimh a bhfuil na tonnaí pointí a dhíth faoina gcomhair.

Is é is cuspóir don oideachas feasta dochtúirí agus dlíodóirí agus achtúirí agus eolaithe ríomhaireachta a bhrúchtadh amach ionas go nginfidh siad siúd dochtúirí agus dlíodóirí agus achtúirí agus eolaithe ríomhaireachta ina n-uain féinig.

An bhfuil aon duine amuigh ansin ag machnamh dó féin níos mó?

Geataire dóchais is ea an ardlitearthacht. Ní cúrsaí iontais seo, mar is tír litríochta agus focal agus filíochta sinn. Tréaslaímis an méid sin dúinn féin an Nollaig seo.